Caidéinse

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Caidéinse

Mír ceoil thobchumtha is ea caidéinse[1], de ghnáth le carachtar rímháistreach nó rithim shaor, a sheinneann ceoltóir aonair mar shaghas aguisín le príomhchorp an tsaothair. Bíonn an cheolfhoireann ina tost le linn an chaidéinse de ghnáth. Seinneann an t-aonréadach leis féin, is píosa casta é a thugann deis don seinnteoir a thallann ar an uirlis a léiriú.[2]

In amanntaí scríobh an cumadóir an ceol don cadenza amach ach in amanntaí eile fágadh faoin seinnteoir tobchumadh a dhéanamh air. Chum cumadóirí áirithe caidéinsí tionlactha, cosúil le Strauss, Elgar is Walton. I gcoinséartónna Mozart is Beethoven, bíonn an príomhchaidéinse ag deireadh an chéad ghluaiseacht. Ach chuir cumadóirí ina dhiaidh sin caidéinsí isteach ag pointí randamacha, mar shampla Liszt.[3]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Cadenza i mBéarla
  2. COGG. "Leabhar ceoil ː Ardteist A". Dáta rochtana: 2020.
  3. Hussey, Matt (2011). "Caidéinse". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 104.