An Chabrach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Cabrach)
Jump to navigation Jump to search
Comhartha Fáilte go dtí An Chabrach


Is bruachbhaile mór i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath í an Chabrach (Cabra as Béarla).

Tá an ceantar lonnaithe timpeall 5 chiliméadar siar ó thuaidh ó lár na cathrach.


Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tógadh an chuid is mó de na tithe faoi scéim tithíochta Bhardas Átha Cliath sna 1940í chun daoine a bhogadh ó thionóntáin i lár na cathrach go tithe nua ar imeall an bhaile.

Tógadh Dún Mhic Aoidh ar Ascaill an Chiardhuibh ag Airm na Breataine i 1888. Is leis Stáit na hÉireann an dún ó neamhspleáchas i 1922.

Oideachas[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá neart bunscoileanna an ghaelscoil Gaelscoil Bharra ina measc sa cheantar. Tá meánscoil do bhuachaillí Coláiste Naomh Declan's agus meánscoil do chailíní Coláiste Naomh Dominic's agus gaelcholáiste mheasctha Coláiste Mhuire agus scoil mheasctha le haghaidh scoláirí bodhar Holy Family School for the Deaf lonnaithe sa Bhaile Bodhar Éireann sa cheantar.

An pholaitíocht[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an cuid is mó de Chabrach mar chuid de dháilcheantar Baile Átha Cliath Lár agus tá cuid de timpeall Bóthar na hUaimhe mar chuid de dháilcheantar Baile Átha Cliath Thiar. Tá an cheantar mar cuid de dtoghlimistéar Cabrach-Fionnghlas i gComhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath le haghaidh toghcháin áitúla de.

Stáisiún traenach, Luas agus Stáisiún lasta iarnróid Broome
Stáisiún Luas na Cabraí

Iompair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Freastalaíonn Iarnród Éireann tríd Stáisiún Dhroichead Broome agus an Luas ar an Líne Uaine ar an gceantar. Freastalaíonn busanna an 120 agus 122 trid Cabrach i gcoitinne. Freastalaíonn na busanna an 38/a/b agus Nitelink an 39N Bóthar na Cabraí agus freastalaíonn an 37, 39, 39a, 70 agus 70N ar Bhóthar na hUaimhe.

Daoine[cuir in eagar | athraigh foinse]