Cabhlachán Domhanda Sumud
| Cineál | gníomhaíocht flotilla (en) sea voyage (en) conbhua | ||
|---|---|---|---|
| Ainmnithe in ómós | Sumud (en) | ||
| Bailíocht | Lúnasa 2025 - | ||
| Tréimhse | 30 Lúnasa - 2 Deireadh Fómhair 2025 | ||
| Bunaitheoir(í) | Freedom Flotilla Coalition, Global March to Gaza (en) | ||
| Suíomh | an Mheánmhuir an Mheánmhuir an Mheánmhuir an Mheánmhuir | ||
| Eagraí | Freedom Flotilla Coalition | ||
| Líon na rannpháirtithe | 500 | ||
| Pointe imeachta | Otranto, An Iodáil Genova, An Iodáil Barcelona, An Spáinn Catania, An Iodáil Syros, An Ghréig (en) Túinis, An Túinéis | ||
| Críochphointe | Stráice Gaza | ||
| Sprioc | humanitarian aid to Gaza (en) | ||
| Cúis | Gaza humanitarian crisis (2023–present) (en) | ||
| Suíomh gréasáin | globalsumudflotilla.org | ||
I mí Mheán Fómhair 2025, chuir Cabhlachán Domhanda Sumud[1] chun farraige, cabhlach idirnáisiúnta fóirithinte ar son Gaza. Ba é seo an tríú hiarracht bia a thabhairt go Gaza sa bhliain 2025.[2] Bhí timpeall 40 bád sibhialtach as tíortha éagsúla sa loingeas a braibh lón bia agus leighis ar iompar aici le súil a dháileadh ar lucht an chaill in Gaza. Bhí thart ar 500 duine rannpháirteach sa loingeas, lena n-áirítear parlaimintigh, dlíodóirí agus gníomhaithe.






Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2010, rinne Iosrael ionsaí ar longa de chuid an Gaza Freedom Flotilla. Maraíodh deichniúr.[3]
Ó 2ú Márta 2025 - tráth a chlis ar an sos cogaidh - bhí cosc curtha ag Iosrael ar sheachadadh fóirithinte go Gaza. Ach ar an 27 Aibreán 2025, thug an Clár Domhanda Bia, atá á reáchtáil ag na Náisiúin Aontaithe, le fios go raibh na soláthairtí bia ídithe go mór. Bhí 2.4m duine in Gaza in 2025 agus dúirt Cumann na Croise Deirge go raibh cliste go hiomlán, nach mór, ar iarrachtaí cúnamh daonnúil a chur ar fáil don phobal ansin, i ndiaidh cúig mhí dhéag den chogaíocht. Bhí fainic curtha ag na Náisiúin Aontaithe ar Iosrael go bhfuil muintir Gaza i mbaol gorta.[4]
I mí Aibreáin 2025 sheol an long, an Conscience, i dtreo Gaza chun fóirithint a sheachadadh, árthach de chuid "Chomhghuaillíocht na Saoirse" nó Gaza Freedom Flotilla.. Ach ar an 2 Bealtaine 2025, rinne Iosrael ionsaí dróin ar "The Conscience".
Rinne criú ar long darb ainm an Madleen iarracht an léigear ar Gaza a bhriseadh. Ach gabhadh iad ar an 9 Meitheamh 2025.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]D'fhág an Cabhlachán Barcelona ar an 30/31 Lúnasa. Ghlac ionadaithe ó 44 tír páirt san iarracht.

Túinis
Ar an 9/10 Meán Fómhair 2025, ionsaíodh an Cabhlachán, gníomh imeaglaithe agus é sa chalafort sa Túinéis.[5] Bhailigh na mílte ar an gcé chun tacaíocht a léiriú dóibh agus lasadh tinte ealaíne agus lasracha chun dallamullóg a chruthú.
An Chréit
Ar an 23 Meán Fómhair 2025 ó dheas ón gCréit (sa Ghréig), ionsaíodh an cabhlachán arís, mar chuid den fheachtas imeaglaithe de chuid Iosrael.[6] Bhí daoine as 45 tír ar 51 soitheach rannpháirteach sa chabhlach fóirithinte ag an am. Bhí Greta Thunberg ar bord arís tar éis a bheith gafa ag Iosrael i mí an Mheithimh.
Sheol an Iodáil agus an Spáinn longa cogaidh go hoirthear na Meánmhara leis an gcabhlachán a chosaint ar ionsaithe drón, agus le daoine a tharrtháil dá mba ghá. D'éiligh Rialtas na Spáinne ar Iosrael aird a thabhairt ar an dlí idirnáisiúnta. Cháin Aire Cosanta na hIodáile Guido Crosetto ruathair hIosraelaigh chomh maith.
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí os cionn scór Éireannach rannpháirteach sa chabhlach idirnáisiúnta fóirithinte, an Gaeilgeoir Diarmuid Mac Dubhghlais, an fuirseoir Tadhg Hickey agus an Seanadóir Chris Andrews ó Shinn Féin ina measc.[7]
Bac
[cuir in eagar | athraigh foinse]Faoi dheireadh bhí an chéad chuid den loingeas fóirithinte stoptha in oirthear na Meánmhara ag fórsaí míleata Iosrael ar an 1/2 Deireadh Fómhair (Yom Kippur) agus bhí bac curtha acu ar na báid dul níos faide.[8] Bhí Greta Thunberg i measc na ndaoine a gabhadh.[9]
Thug na hIosraelaigh na báid go calafort Ashdod in Iosrael. I bhfíseán a phostáil Chris Andrews ar na meáin shóisialta, mhaígh sé gur fuadaíodh é féin agus daoine eile agus gur tugadh go hIosrael iad in aghaidh a dtola.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Global Sumud Flotilla nó uaireanta Global Freedom Flotilla. Eabhrais: משט סומוד הבין-לאומי
- ↑ Domhnall Mac Concharraige – An Páipéar (2025-09-12). "Ionsaíodh an Cabhlachán atá ag seoladh go Gaza arís" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-09-25.
- ↑ "Gaza flotilla raid" (as en) (2025-04-12). Wikipedia.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-05-02). ""Ionsaí Dróin déanta ar long shibhialtach in uiscí idirnáisiúnta"" (as ga-IE).
- ↑ "Greta Thunberg's Gaza flotilla hit by drones, organisers claim" (en-GB). www.bbc.com (2025-09-10). Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ "Italy condemns 'attack' on Gaza aid flotilla and deploys frigate" (en-GB). www.bbc.com (2025-09-24). Dáta rochtana: 2025-09-29.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-09-25). "Frigéid ón Iodáil, ón Spáinn le loingeas fóirithinte a chosaint" (as ga-IE).
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-02). "Loingeas fóirithinte stoptha ag fórsaí míleata Iosrael" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (4 Deireadh Fómhair 2025). "Nuacht Mhall (Gaillimh)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-10-05.