Jump to content

CORDIS

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaCORDIS
Sonraí
Cineálsuíomh gréasáin
catalóg
clár rialtais Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1990
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Oibreoiran Coimisiún Eorpach
Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtOifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáincordis.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

Is í an tSeirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail[1] (SeoTaifeach) (Béarla: Community Research and Development Information Service (CORDIS)) ná príomh-thaisclann phoiblí an Choimisiúin Eorpaigh um eolas a scaipeadh maidir le gach tionscadal taighde atá maoinithe ag Aontas Eorpach (AE).

San áireamh sa taisclann tá bileoga eolais, tuairiscí, nascanna idir inmheánacha agus seachtracha, ábhair eagraíochta. Is féidir cabhair a fháil ar conas taighde a dhéanamh ar CORDIS ag Ionaid Doiciméadaithe Eorpacha ar fud an AE.

Cruthaíodh CORDIS sa bhliain 1988 de thairbhe ráitis ón gcoimisiún chun seirbhís eolais a chur ar bun (Cinneadh ón gCoimisiún SEC(88)1831). Fuair CORDIS cabhair ón gClár VALUE sa bhliain 1989 chun a sheirbhís a iompar.

Seoladh na trí bhunachar tosaigh ar Lá ESPRIT i mí na Samhna 1990. Cheadaigh an tseirbhís rochtain ar cláranna, tionscadail agus foilseacháin T&F le Teanga Coiteann na nOrduithe (Béarla: Common Command Language (CCL)) ar an bhfreastalaí ECHO (Ósteagraíocht an Choimisiúin Eorpaigh). Dá bharr, ní raibh ach saineolaithe in ann an tseirbhís a úsáid, ach mar sin féin, cláraíodh 500 seisiún le linn na chéad míosa

Tá suíomh gréasán CORDIS le fáil as sé theanga (Béarla, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis, Spáinnis agus Polainnis), cé go bhfuil an chuid is mó den ábhar ach as Béarla amháin.

Eagrú agus bunús dlí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá CORDIS faoi bhainistíocht Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, thar ceann Ghníomhaireachtaí agus Ard-Stiúrthóireachtaí Taighde an Choimisiúin Eorpaigh.

Tugtar bunús dlí agus maoiniú do CORDIS ag Fís Eorpach, an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht.

Seirbhísí agus gníomhaíochtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc na seirbhísí curtha ar fáil ag CORDIS, tá san áireamh:

  • Príomh-taisclann taighde, a gcuid torthaí agus táirgí insoláthartha[2]
  • "Torthaí gonta", achoimrí ilteangacha
  • Nuacht laethúil[3]
  • Pacáistí téamacha: bailiúcháin d'altanna ar ábhar faoi leith do lucht spéise, atá ar fáil ar líne agus i gcló[4]
  • Fóntais cuardaigh agus athúsáide, san áireamh foláirimh rphoist saincheaptha, fothaí RSS agus asbhaintí XML[5]
  1. "Téarma: Seirbhís Eolais um Thaighde agus um Fhorbraíocht Chomhphobail". IATE. Dáta rochtana: 2025-11-08.
  2. Tionscadail taighde agus a gcuid torthaí maoinithe ag an AE
  3. Nuacht
  4. Pacáistí téamacha
  5. Cuardaigh