CODASYL

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
CODASYL

Coiste saineolaithe ríomhaireachta sna Stáit Aontaithe a rinne tuarascálacha ar airíonna ríomhchláraithe ba ea CODASYL (Comhdháil ar Theanga Córas Sonraí). Bhí sé freagrach as teicníocht a shaothrú chun sonramhíreanna agus na gaolta eatarthu a stóráil i gcóras ríomhairí. Tugtar an tsamhail líonraí sonraí, nó samhail CODASYL, ar an teicníocht seo.