CLG Naomh Pádraig (Luimneach)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Naomh Pádraig
Béarla: Saint Patrick’s
Bunaithe: 1886
Contae: Luimneach
Roinn: Cathrach
Peil: Sinsear
Iomáint: Sóisear A
Dathanna: Uaine is bán
Páirc: Siúl an Iascaire, An Réabóg, Luimneach
Geansaí Geansaí Geansaí
Brístí gearra
Stocaí
Dathanna

Is club Cumann Lúthchleas Gael i gContae Luimnigh é CLG Naomh Pádraig .

Suíomh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club bunaithe i bparóiste Naomh Pádraig ar an dtaobh thoir de Chathair Luimnigh. Tagann formhór na n-imreoirí as ceantracha ar nós Páirc, Tobar na Pingine, Garraí Eoin, Saingil, An Réabóg agus Bóthar Bhaile Átha Cliath.

Cluichí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Imrítear peil agus iomáint agus bhí an bhéim chéanna ar an dá sport i gcónaí sa chlub.

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é Naomh Pádraig an club CLG is sine i gCathair Luimnigh. Bhí traidisiún láidir cluiche Gaelacha sa limistéar sular bhunaíodh é go hoifigiúil sa bhliain 1886 agus tá sé ag imirt an dá chód gan stad ón am sin i leith. Ba pharóiste tuaithe ar imeall na cathrach é Naomh Pádraig ag deireadh an 19ú agus chabhraigh sin go mór le aitheantas ar leith a spreagadh i measc baill an chlub. Lasmuigh de Chlochán, ní théann stair leanúnach aon chlub eile sa chathair níos faide siar ná an bhliain 1962. Murab ionainn agus sean-pharóistí eile na cathrach, ní raibh aon chlub eile riamh gníomach i gceanntair Naomh Pádraig an lae inniu sna grádanna fásta ach bhí foirne óga ann ag imirt faoin ainm Garraí Eoin le linn blianta deiridh na 1970í.

Ba chlub an-láidir é Naomh Pádraig le linn blianta tosaigh CLG agus tá tagairtí ann do chomórtaisí inar ghlacadar páirt le linn blianta na 1880í. Bhí iomaíocht ghéar idir Naomh Pádraig agus na foirne paróiste eile ar nós Naomh Eoin agus Naomh Mícheál agus chuidigh sí sin le fás na peile sa chathair. Cé gurbh iad Na Trádálaithe an club ba mhó sa spórt in Éirinn ag an am, bhuaigh Naomh Pádraig orthu i gcluiche ceannais Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh na bliana 1890 agus chosnaíodar an teideal sa bhliain dár gcionn nuair a chasadar arís ar an bhfoireann céanna. Cé gur bhuadar Craobh Iomána Sóisear an Chontae tar éis dóibh An Caisleán Nua Thiar a chloí sa bhliain 1905, thiteadar faoi scáth na clubanna mór na cathrach go gairid ina dhiaidh sin, go mór mór Clocháin agus Éire Óg san iomáint agus Na Trádálaithe sa pheil.

Ba chlub sóisear den chuid ba mhó é Naomh Pádraig suas go dtí an bhliain 1940 agus tháinig Craobh Iomána Sóisear an Chontae chucu arís sa bhliain 1934 i ndiaidh dóibh buachaint ar Chill Fhionáin sa chluiche ceannais. Tháinig feabhas ar an scéal le linn blianta an Éigeandála agus d'éirigh leo arís i gCraobh Peile Sinsear an Chontae sna bhliain 1943, nuair a bhuadar ar foireann an Airm, 9ú Deasún, sa chluiche ceannais. Chosnaíodar an teideal i gcoinne Bhaile Dhá Thuile sa bhliain dár gcionn agus ghabhadar an chorn don uair dheireannach go dtí seo sa bhliain 1954 nuair a bhuadar ar Sáirséalaigh an Chonartha sa chluiche ceannais.

D'éirigh le hiománaithe an chlub sa am chéanna. Tháinig Corn Sinsear an Chontae go dtí An Réabóg don chéad uair sa bhliain 1949 nuair sháraíodar ar Na Gearaltaigh, foireann na Roinne Thoir, sa chluiche ceannais agus d'fhan sí ina seilbh nuair a bhuadar ar fhoireann roinne eile, Gaeil na Cathrach, sa bhliain dár gcionn.

Ghlac Naomh Pádraig páirt i gcraobhacha sinsir an chontae san dá chód suas go dtí blianta na 1970í ach thit iománaithe agus peileadóirí an chlub síos go dtí grád sóisear le linn blianta na 1980í. Le linn blianta deiridh na 1990í, cuireadh an-iarracht isteach sna foirne óga agus tháinig toradh ar an obair sin nuair a ghabh Naomh Pádraig Craobh Peile Sóisear A Chontae Luimnigh sa bhliain 2005 i ndiaidh dóibh an bua d'fháil ar Chnoc Uí Choileáin sa chluiche ceannais.

Páirc Imeartha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá an club ag imirt i bPáirc Phádraig sa Réabóg le blianta fada. Cuireadh tús le clár mór forbartha le linn blianta na 1990í agus osclaíodh na háiseanna nua sa bhliain 1997.

Iimreoiri Cáiliúla[cuir in eagar | athraigh foinse]

I measc imreoirí cáiliúla an chlub a d'imir ar fhoireann Luimnigh chomh maith, tá na hiománaithe Pádraig Ó Coinín (Paddy Cunneen) ó bhlianta na 1950í agus Seán Mac Donnchadha (John Mc Donagh) ó bhlianta na 1960í agus an peileadóir Diarmuid Ó Faoláin (Dermot Phelan) ó bhlianta na 2000í.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • “One Hundred Years of Glory: A History of Limerick GAA”, Ó Ceallaigh, Séamus & Murphy, Seán, 1984, (Béarla).