Cúrsaí Staire (leabhar)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharCúrsaí Staire
Cineálsaothar scríofa Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarVincent Morley Cuir in eagar ar Wikidata
Teangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2018 Cuir in eagar ar Wikidata

Is leabhar é Cúrsaí Staire a scríobh an staraí, an Dochtúir Vincent Morley.

Cnuasach aistí ar staraithe agus ar scríobh na staire atá sa leabhar seo. Ar na húdair a bhfuil saothar faoi chaibidil ann, tá leithéidí Eric Hobsbawm, Jürgen Habermas, Daniel Corkery, Fernand Braudel agus Pierre Nora. Tá plé déanta ar thábhacht na ríomhaireachta, na teoirice agus na Gaeilge do shaothrú na staireagrafaíochta. Gheofar aistí sa chnuasach ar réimse leathan ábhar staire: náisiúnachas na Catalóine agus na hAlban, cúirteanna éigse an 18ú céad, gluaiseacht na nÉireannach Óg, polaitíocht Chonradh na Gaeilge, an Chéad Chogaidh Dhomhanda, imeacht na Breataine ón Aontas Eorpach, agus tuilleadh nach iad.

Tá 247 leathanach sa leabhar agus tá sé ar phraghas €10.

D'fhoilsigh Coiscéim an leabhar sa bhliain 2018. Valery Seery a dhear an clúdach agus Johnswood Press Teo a chuir an leabhar i gcló.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]