Jump to content

Cúirteanna na hÉireann

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Na Ceithre Cúirteanna, BÁC
Na Ceithre Cúirteanna, BÁC

Tá ceithre phríomhchúirt in Éirinn: an Chúirt Dúiche, an Chúirt Chuarda, an Ard-Chúirt agus an Chúirt Uachtarach. Cúirteanna eile atá ag feidhmiú ná an Chúirt Choiriúil Speisialta agus an Chúirt Achomhairc.[1]

An reachtaíocht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Déileálann Airteagail 34 go 37 de Bhunreacht na hÉireann (Bunreacht na hÉireann) le riaradh an cheartais go ginearálta agus leagann siad amach struchtúr an chórais cúirte. Sonraíonn Airteagal 34.1: "Déanfar ceartas a riaradh i gcúirteanna atá bunaithe de réir dlí..." Bhí na cúirteanna reatha bunaithe ag Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh), 1961(mar atá arna leasú).

Déanann Acht na gCúirteanna (Bunú agus Comhdhéanamh) 1961 foráil do bhunú na gcúirteanna speisialta nuair nach ndéanfaí freastal ar an leas ceartais is fearr sa chúirt choitianta, an Chúirt Leanaí agus an Chúirt Drugaí mar shampla.[2]

Na Cúirteanna

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá dlínse ag an gCúirt Dúiche i mionchásanna sibhialta agus coiriúla. Is féidir achomharc a dhéanamh ar thoradh cáis a éisteadh sa Chúirt Dúiche chuig an Chúirt Chuarda.

Tá dlínse ag an gCúirt Chuarda i gcásanna sibhialta agus coiriúla níos tromchúisí. Is féidir achomharc a dhéanamh ar thoradh cáis a éisteadh sa Chúirt Chuarda chuig an Ard-Chúirt.

Tá Uachtarán na hArd-Chúirte i gceannas san Ard-Chúirt. Tá dlínse aici i gcásanna sibhialta agus coiriúla chomh maith. Mar shampla, déileáiltear leis na cionta coiriúla is tromchúisí san Ard-Chúirt, cosúil le dúnmharú.

Éisteann an Chúirt Achomhairc le hachomhairc ó chásanna a éisteadh sa Chúirt Chuarda agus san Ard-Chúirt.

Cruthaíodh an Chúirt Uachtarach mar chúirt dheiridh achomhairc agus tá an Príomh-Bhreitheamh i gceannas uirthi.

Cé gur féidir le cúirteanna dlínse a bheith acu ar chásanna sibhialta agus coiriúla araon, déileálann an gCúirt Choiriúil Speisialta le cásanna coiriúla amháin.[2]

Soláthraíonn an Chúirt Tráchtála réiteach éifeachtach ar dhíospóidí i gcásanna tráchtála.[1]

Tá tacaíocht ag na cúirteanna ó Oifigí na gCúirteanna. Mar shampla, tá Oifig an Choimircí Cúirte freagrach as maoirsiú ghnóthaí na ndaoine a tógadh faoi choimircíocht na hArd-Chúirte.[2]

Faoi Alt 8 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla tá sé ‘de cheart ag duine ceachtar de na teangacha oifigiúla a úsáid in aon chúirt nó in aon phléadáil in aon chúirt nó in aon doiciméad a eiseofar ó aon chúirt’.

De réir na reachtaíochta céanna, tá dualgas ar gach cúirt a chinntiú gur féidir le haon duine éisteacht a fháil sa teanga oifigiúil is rogha leis nó léi, agus ní mór a chinntiú chomh nach bhfágfar an duine sin ‘faoi mhíbhuntáiste’ mar gheall ar an rogha a dhéanann sé. D’fhonn a chinntiú nach mbeidh aon duine faoi mhíbhuntáiste féadfaidh an chúirt pé socrú is gá a dhéanamh chun seirbhís ateangaireachta a chur ar fáil.

Níl ceart ar Bhreitheamh le Gaeilge ach amháin sa Ghaeltacht.[3]

Ateangaireacht

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chosain na seirbhísí ateangaireachta os cionn €2,992,000 in 2024 – breis agus dhá oiread an bhille €1,260,000 a bhí ann deich mbliana roimhe sin in 2014. De réir na bhfigiúirí a chuir an tSeirbhís Cúirteanna ar fáil do Tuairisc, rinneadh 13,181 iarratas ar ateangairí sna cúirteanna in 2024.

Ní fhostaíonn an tSeirbhís Cúirteanna ateangairí dá cuid féin. Is trí chonarthaí a chuirtear na seirbhísí ateangaireachta ar fáil. Bronnadh an conradh reatha ar an gcuibhreannas Interpreting Services Ireland in 2023. Is iad na comhlachtaí Translation.ie agus Schedule Intelligence atá sa chuibhreannas.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Citizensinformation.ie. "Córas na gCúirteanna" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-10-27.
  2. 2.0 2.1 2.2 Citizensinformation.ie. "Cúirteanna" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-10-27.
  3. 3.0 3.1 Maitiú Ó Coimín (27 Deireadh Fómhair 2025). "An Ghaeilge i measc na dteangacha is lú a lorgaítear ó sheirbhísí ateangaireachta na gcúirteanna" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-10-27.