Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe
![]() ![]() | |
Sonraí | |
---|---|
Cineál | non-ministerial government department (en) ![]() ard-chúirt ![]() |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1 Deireadh Fómhair 2009 |
2005 | Constitutional Reform Act 2005 (en) ![]() ![]() |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Uachtaránacht | Brenda Hale, Baroness Hale of Richmond (en) ![]() ![]() |
President of the Supreme Court of the United Kingdom (en) ![]() ![]() | Robert John Reed, Baron Reed of Allermuir (en) ![]() ![]() |
Suíomh gréasáin | supremecourt.uk ![]() |
Is í Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe[1] an t-údarás breithiúnach is airde sa Ríocht Aontaithe[2][3]. Cúirt achomhairc dheiridh is í an Chúirt Uachtarach agus déanann sí athbhreithniú breithiúnach, i gcomhar leis an Ard-Chúirt, ar Achtanna na Ríochta Aontaithe. Tá an Chúirt suite i bParliament Square, Westminster,[4]


Cásanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dúnmharú Pat Finucane. I mí Feabhra 2019, rialaigh Cúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe i Londain nár rinneadh fiosrú ar an dúnmharú a chomhlíon riachtanais chearta daonna. D'éiligh muintir Finucane fiosrú poiblí neamhspleách ach níor ordaigh na tiarnaí breithimh é; dúirt siad gur faoin stát cinneadh a dhéanamh cén sórt fiosraithe a mbeadh riachtanach agus a mbeadh rath air.[6]
Domhain-cheastóireacht. Ar 15 Nollaig 2021, rialaigh an Chúirt go raibh sé mícheart ag na póilíní sa Tuaisceart gan fiosrúchán a bhunú faoin gcaoi ar caitheadh le ceithre fhear déag ar thug Arm na Breataine drochíde dóibh sna 1970idí. Rialaigh an chúirt go raibh cinneadh na bpóilíní gan an scéal a fhiosrú bunaithe ar thuarascáil a bhí "fíorlochtach" agus nár chóir aon ghlacadh a bheith leis.[7]
Neamhspleáchas na hAlban.Sa bhliain 2022, lorg an SNP reifreann a chlárú - gan beannacht ó Westminster - ó Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe, ach shocraigh an Chúirt go raibh an straitéis seo mídhleathach.[8]
I mí Feabhra 2023, rialaigh an Chúirt go raibh Prótacal an Tuaiscirt “dleathach”.[9][10]
Ar an 15 Samhain 2023, rialaigh an Chúirt go raibh plean Rialtas na Breataine inimircigh a chur go dtí Ruanda neamhdhleathach. Dúirt an Breitheamh Robert Reed go raibh baol ann go seolfaí ar ais chuig a dtíortha dúchais daoine a chuirfí go dtí Ruanda. Bhí an rialú bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.[11]
Ar an 16 Aibreán 2025, thug an Chúirt breithiúnas[12][13] ina ndeirtear go mbaineann na téarmaí 'bean' agus 'gnéas' le bean bhitheolaíoch agus gnéas bitheolaíoch amháin, rud a d'fhág mná trasinscneacha taobh amuigh den sainmhíniú. Chuir feachtasóirí inscne-chriticiúla fáilte roimh an rialú. Ach ar an taobh eile bhí imní ann nach dtabharfar cosaint cheart don phobal trasinscneach. Tháinig an fhógairt seo go gairid i ndiaidh céimeanna eile maidir le cearta daoine trasinscneacha sna Stáit Aontaithe agus san Ungáir.[14]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe
- Cúirt Uachtarach na hÉireann
- Brian Kerr, An Tiarna Kerr den Tamhnach Mhór, as Tuaisceart Éireann, ina Bhreitheamh de Chúirt Uachtarach na Ríochta Aontaithe go dtí gur éirigh sé as i mí Mheán Fómhair 2020.[15]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Supreme Court of the United Kingdom
- ↑ "The Supreme Court of the United Kingdom" (en). supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-20.
- ↑ In Albain, achomharc i gcásanna sibhialta (seachas cásanna coiriúla) chuig Cúirt Uachtarach nua na Ríochta Aontaithe
- ↑ "Plan your visit - UK Supreme Court" (en). supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-20.
- ↑ "Lord Kerr of Tonaghmore: Former Supreme Court judge dies at 72" (en-GB). BBC News (2020-12-01). Dáta rochtana: 2020-12-01.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (14 Deireadh Fómhair 2020). "Marú Pat Finucane – an choir nach féidir í a cheilt le séanadh ná meilt ama" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2024-09-11.
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-12-15). "Cinneadh gan líomhaintí faoi chéasadh a fhiosrú "mícheart"" (as ga).
- ↑ "Court rejects Scottish government indyref2 case" (en-GB). BBC News. Dáta rochtana: 2022-11-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-02-08). "Prótacal an Tuaiscirt "dleathach" - Cúirt Uachtarach na Breataine" (as ga-IE).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (11 Feabhra 2023). "Nuacht Mhall". Dáta rochtana: 2023.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-11-15). "Plean inimircigh a chur go dtí Ruanda 'neamhdhleathach'" (as ga-IE).
- ↑ supremecourt.uk (16 Aibreán 2025). "Summary". Dáta rochtana: 2025.
- ↑ "For Women Scotland Ltd (Appellant) v The Scottish Ministers (Respondent) - UK Supreme Court" (en). www.supremecourt.uk. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (19 Aibreán 2025). "Nuacht Mhall (Tír Eoghain)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-04-19.
- ↑ "Lord Kerr of Tonaghmore: Former Supreme Court judge dies at 72" (en-GB). BBC News (2020-12-01). Dáta rochtana: 2020-12-01.