Cúfróg Leyland

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Crann hibrideach idiraicmeach idir fíorchúfróg is cúfróg bhréige, a saothraíodh ar dtús i 1888. Braitheann a chruth ar an speiceas den dá cheann a bhíonn ina thuismitheoir baineann, ach bíonn siad colúnach i gcónaí, crua bríomhar. Bíonn na clóin le duilliúr liath nó glas níos coitinne ná na clóin eile. Úsáidtear go minic í chun fál a fhás go tapa.