Cúcabarra gormeiteach
| Dacelo leachii | |
|---|---|
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Mais | 334 g 284 g |
| Meánlíon in ál | 2.4 |
| Tréimhse ghoir | 25 laethanta |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| AICD | 22683193 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Coraciiformes |
| Fine | Alcedinidae |
| Géineas | Dacelo |
| Speiceas | Dacelo leachii Vigors agus Horsf., 1826 |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
| Ceantair eindéimeacha | |
Is speiceas mór cruidíní ó thuaisceart na hAstráile agus ó dheisceart na Nua-Ghuine ó dhúchas é an cúcabarra gormeiteach (Dacelo leachii).
Tá sé beagáinín níos lú ná an cúcabarra gáiriteach atá níos coitianta agus é thart ar 40 cm i bhfad. Tá codanna uachtair agus agus íochtair an éin seo bánbhuí agus barrtar le baill dhonna iad. Tá sciatháin ghorma, guaillí donna, agus geadán gorm air. Tá sé démhorfach ó thaobh a ngnéasanna de, le heireaball gorm ar an fhireannach, agus eireaball ruadhonn le barraí dubha ar an bhaineannach.
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bailíodh an chéad eiseamláir den chúcabarra ghormeiteach le Sir Joseph Banks sa bhliain 1770 ach chuir an t-éan mearbhall ar dhaoine agus ceapadh ar dtús gur cineál cúcabarra gáiriteach a bhí ann sula ndearnadh an chéad chur síos oifigiúil air le Nicholas Aylward Vigors agus Thomas Horsfield sa bhliain 1826; ceiliúrann a ainm speicis an zó-eolaí Briotanach William Elford Leach.[1] Tá sé ar cheann den chúig bhall den ghéineas Dacelo ar a mbaistear an t-ainm cúcabarra go coitianta. Is iad an t-asal béiceach nó uaillfairteach nó cúcabarra Leach ainmneacha coitianta eile ar an éan seo.[2]
Níl líon na bhfospeiceas atá ann soiléir go leor ach dearbhaíonn formhór na n-údarás gurb ann do cheithre cinn cé go measann údaráis eile go n-athraíonn an trí fhospeiceas Astrálach de réir a chéile agus gur cheart caitheamh leo mar speiceas amháin.[3]
- D. l. leachii is ea an speiceas ainmneach a fhaightear ó Bhrisbane go Broome.
- D. l. cervina a fhaightear ar Oileán Melville agus an mórthír thart timpeall air.
- D. l. cliftoni a fhaightear i gceantracha Pilbara agus Hamersley in iarthuaisceart na hAstráile.
- D. l. intermedia a fhaightear i ndeisceart na Nua-Ghuine.
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá aosach an chúcabarra ghormeitigh thart ar 38 go 42 cm (15 go 17 or) i bhfad agus meánn sé idir 260 go 330 g. Tá sé níos lú i gcomparáid leis an chúcabarra gháiriteach le níos mó goirme sna sciatháin agus súile bána áille aige agus é gan masc dorcha an chúcabarra gháiritigh. Is troma an gob atá aige ná gob a ghaoil níos mó. Tá a cheann agus an chuid íochtarach de bánbhuí le stríoca donna. Tá sé démhorfach ó thaobh a ngnéasanna de le heireaball gorm ag an fhireannach agus eireaball a bharrtar le tarr-ruadhonn agus dubh ag an bhaineannach. Tá bairr agus loirg dhonna níos feiceálaí i gclúmhrach na ngearrcach, rud a fhágann go mbíonn cuma salach orthu, agus bíonn a gcuid súile donn don chéad dá bhliain ar an tsaol.[4]
Is minic a gcuirtear glao an éin seo i gcomparáid le grágaíl gáire nó le béicíl.[2]
Dáileadh agus gnáthóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Dáiltear an cúcabarra gormeiteach ó dheisceart na Nua-Ghuine agus codanna taise Tuaisceart na hAstráile go láthair Brisbane i ndeisceart Queensland trasna an Top End agus chomh fada síos cósta Iarthar na hAstráile le ceantar Shark Bay. Ní fhaightear an t-éan idir Broome agus Port Hedland in iarthuaisceart na hAstráile.[3] Meastar gur speiceas is lú imní é ar Liosta Dearg an AICD toisc go bhfaightear go forleathan agus go coitianta laistigh dá raon mór é. Cónaíonn an cúcabarra gormeiteach i ngrúpaí chomh mór le 12 éan laistigh de choillte sabhána oscailte agus seascann Melaleuca chomh maith le talamh feirme agus plandálacha cána siúcra.[2]
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pórú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is póraitheoir comhoibritheach é an cúcabarra gormeiteach le grúpaí de phéire pórúcháin agus éan cabhrach amháin nó níos mó ná sin den chuid is mó a chabhraíonn le tógáil na n-éan óg.[5] Tarlaíonn pórúchán uair amháin sa bhliain san earrach dhéanach (mí Mheán Fómhair go mí na Nollag). Is i gcuais chrainn a fhaightear an nead go minic, thart ar 25 m (82 tr) os cionn na talún. Beirtear trí nó ceithre ubh bána atá ábhairín lonrach agus a thomhaiseann 44 mm × 35 mm (1.7 or × 1.4 or) nó beagáinín níos mó.[6] Gorann an baineannach na hubha ar feadh 26 lá agus fanann na héin óga thart ar 36 lá eile sa nead sula gcleiteann siad.[2] Rugtar na héin óga bándearg, dall agus lomnocht (.i. altramach) agus déanann siad a mbealach amach as an ubh le fiacail uibhe ar a ngob. Nochtar na chéad chleití roimh an tseachtú lá agus osclaíonn a súile ón deichiú lá ar aghaidh.[7] Bíonn cúcabarraí óga an-trodach laistigh den chéad sheachtain saoil agus is minic a mharaíonn na héin óga níos sine an t-éag óg is óige le linn na tréimhse seo.[8] Nuair a bhíonn na gearrcaigh faoi lánchlúimhrí, múineann na tuismitheoirí nósanna seilge dóibh ar feadh 6-10 seachtaine eile sular féidir leo soláthar dóibh féin.[9]
Beathú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seilgeann agus itheann an cúcabarra gormeiteach réimse leathan ainmhithe a chuireann fúthu ar an, nó i ngar don, talamh.[10] Cuimsíonn feithidí, laghairteanna agus froganna cuid mhaith dá aiste bia i séasúr fliuch an tsamhraidh agus itheann an t-éan seo artrapóid cosúil le cráifisceanna, scairpeanna agus damháin alla chomh maith le héisc, péisteanna talún, éin bheaga agus creimirí ag amanna eile.[2] Tá taifid ann dá fhoighneacht agus é ag feitheamh ar fheithidí a sciobadh ón aer agus iad ag teitheadh ó thinte scrobarnaí.[11]
Bagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Creachann an spioróg mhór dhearg agus an t-ulchabhán ruadhonn an cúcabarra gormeiteach. Is éin eitilte malla iad na héin fhásta agus mar sin bíonn siad i mbaoil buailte carranna ar bhóthair faoin tuath.[12] Is féidir le táin píotón olóige, cuoill agus góannaí teacht i dtír ar a neadacha.[lua ag teastáil]
Gailearaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]-
Fireannach i ngéibheann
-
Fireannach ar Ghairdín na nAinmhithe Adelaide
-
Ar Ghairdín na nAinmhithe Prág
-
Ar Ghairdín na nAinmhithe Prág
-
Baineannach
-
Droichead Lester, Oirdheisceart Queensland, an Astráil
-
In éanlann Ísiltíreach Avifauna
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bileog Eolais Speicis BirdLife
- Grianghraif, fuaim agus físeán den chúcabarra ghormeiteach ó Leabharlann Mhic Amhlaoibh Cornell Lab of Ornithology
- Taifeadtaí den chúcabarra ghormeiteach ó chartlann fuaime Xeno-canto
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Legge, lgh. 16-17
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 2.4 Birds in Backyards. "Birds in Backyards - Blue-winged Kookaburra (Dacelo leachii) Fact sheet" (en-AU). birdsinbackyards.net. Dáta rochtana: 2025-11-21.
- ↑ 3.0 3.1 Legge, lch. 22
- ↑ Legge, lch. 37
- ↑ Legge, lch. 49
- ↑ Beruldsen, G (2003). "Australian Birds: Their Nests and Eggs": 268. Kenmore Hills, Queensland: féinfhoilsithe. ISSN 0-646-42798-9. ISBN 0-646-42798-9..
- ↑ Legge, lch. 64
- ↑ Legge, lgh. 92-95
- ↑ Legge, lch. 59
- ↑ Legge, lch. 42
- ↑ Legge, lch. 44
- ↑ Legge, lch. 109