Cúcabarra gáiriteach
| Dacelo novaeguineae | |
|---|---|
Dacelo novaeguineae novaeguineae | |
| Taifead | |
| Sonraí | |
| Mais | 30.4 g 307.2 g 352.1 g |
| Meánlíon in ál | 2.2 |
| Stádas caomhnaithe | |
| Speiceas is lú imní | |
| UICN | 22683189 |
| Tacsanomaíocht | |
| Aicme | Aves |
| Ord | Coraciiformes |
| Fine | Alcedinidae |
| Géineas | Dacelo |
| Speiceas | Dacelo novaeguineae (Hermann, 1783) |
| Ainmníocht | |
| An chéad ainm Laidine a bhí air | Alcedo novaeguineae |
| Léarscáil de raon an tacsóin | |
| Ceantair eindéimeacha | |


Is éan é an cúcabarra gáiriteach (Dacelo novaeguineae) i bhfofhine na gcruidíní Halcyoninae. Is cruidín mór láidir é le ceann bán agus stríoc súile dhonn[1] Tá na codanna uachtaracha dá gcoirp dúdhonn don chuid is mó ach tá scead ghealghorm bhreac ar na cleití ceilte.[2][1] Tá codanna íochtar a gcoirp bánbhuí agus barrtar an t-eireaball le tarr-ruadhonn agus dubh.[1] Tá clúmh na n-éan fireannach agus baineannach cosúil le chéile. Is gáire faoi leith é a nglao cosantach a dhéanann cupla éan ag an am chéanna go minic agus úsáidtear é go forleathan mar mhaisíocht fuaime stoc i gcásanna a bhaineann le suíomh dufair.[3]
Is as oirthear mhórthír na hAstráile ó dhúchas don chúcabarra gháiriteach ach tugadh isteach in áiteanna sa Nua-Shéalainn, sa Tasmáin agus san Astráil Thiar é fosta.[4] Cuireann an t-éan seo faoi i bhforaois thirim eocalaipe, i gcoillearnach, i bpáirceanna cathracha agus i ngairdíní.[4] Is speiceas neamhimirceach é an speiceas seo agus cuireann sé faoi sa dúiche féin agus a gcuireann sé i rith na bliana. Tá sé monagamach agus coimeádann sé an páirtí céanna ar feadh a shaoil . Is féidir le péire pórúcháin a bheith in éineacht le cúig shliocht fhásta neamhphórúcháin ó bhlianta roimhe sin a chabhraíonn leis na tuismitheoirí a ndúiche a chosaint agus a n-éin óga a thógáil.[4] Póraíonn an cúcabarra gáiriteach i bpoill chrainn neamhlínithe nó i bpoill thochailte i neadacha teirmíte crannach go ginearálta.[4] Trí ubh bhána is ea líon na n-uibheacha ina gcuid ál. Gorann na tuismitheoirí agus na cúntóirí na huibheacha agus beathaíonn siad na héin óga. Is minic a mharaíonn na siblíní níos sine an t-éan óg is óige den trí éan óga. Nuair atá na gearrcaigh faoi lán clúimhrí beathaítear fós iad ar feadh sé go deich seachtaine eile sular féidir leo dul ar thóir foráiste go neamhspleách.[5]
Mar chreachadóir raonleathan ainmhithe beaga, seasann an cúcabarra gáiriteach ar chraobh agus fanann sé go dtí go dtéann ainmhí ar an talamh tráth a eitlíonn sé síos agus a thugann sé áladh ar a chuid chreiche.[2] Bíonn laghairteanna, feithidí, péisteanna, nathracha, lucha san áireamh le haiste bia an éin agus tá de cháil acu iasc órga a bhaint amach as locháin i ngairdíní.
Rangaíonn an tAontas Idirnáisiúnta do Chaomhnú an Dúlra (AICD) an cúcabarra gáiriteach mar speiceas is lú imní toisc go bhfuil raon agus daonra mór aige gan aon bhagairtí fhorleathana.[6]
Tacsanomaíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Rinne an nádúraí agus an taiscéalaí Francach Pierre Sonnerat an chéad chur síos agus léaráid den chúcabarra gháiriteach (i ndubh agus bán) ina Voyage à la nouvelle Guinée, a foilsíodh in 1776.[7][8] Mhaígh sé go bhfaca sé an t-éan sa Nua-Ghuine. I bhfírinne níor thug sé cuairt ar an Nua-Ghuine riamh agus ní fhaightear an cúcabarra gáiriteach inti. Is dócha go bhfuair sé eiseamal caomhnaithe ó dhuine de na nádúraithe a thaistil in éineacht leis an Chaptaen James Cook go cósta thoir na hAstráile.[9] Chuir Edme-Louis Daubenton agus François-Nicolas Martinet pláta daite den chúcabarra gháiriteach bunaithe ar eiseamal Sonnerat isteach ina sraith Planches enluminées d’histoire naturelle (Plátaí daite ar an stair nádúrtha). Deir eochair eolais Fraincise ar an phláta úd "Martin-pecheur, de la Nouvelle Guinée" (Cruidín ón Nua-Ghuine), arb eol dúinn anois nach fíor é.[10]
Rinne an nádúraí Francach Johann Hermann an chéad chur síos foirmiúil ar an speiceas in 1783 bunaithe ar an phláta dhaite le Daubenton agus Martinet. Bhaist sé an t-ainm eolaíoch Alcedo novæ Guineæ air. [11] [12] Thug an zó-eolaí Sasanach William Elford Leach an géineas reatha Dacelo isteach sa bhliain 1815 [13] [14] agus is anagram é den fhocal Laidineach Alcedo arb é ”cruidín” a chiall. Comhcheanglaíonn an buafhocal sonrach novaeguineae an focal Laidineach novus ar 'nua' leis an fhocal ar Ghuine,[15] bunaithe ar an tuairim earráideach gurb as an Nua-Ghuine dá eiseamal.[8] Creideadh ar feadh na mblianta gurbh é an nádúraí Ollannach Pieter Boddaert a rinne an cur síos ba luaithe agus is é a ainm eolaíoch Dacelo gigas a bhí in úsáid sa litríocht eolaíoch, [16] ach thaispeáin an t-éaneolaí Astrálach Gregory Mathews sa bhliain 1926 gur foilsíodh cur síos le Hermann níos luaithe sa bhliain chéanna, 1783, a raibh tosaíocht aige dá bharr.[8][17] Níor measadh faoi 1977 go raibh an tuiscint mhíchruinn ar dháileadh geografach an éin de bharr an ainm in úsáid reatha ina ábhar tábhachtach go leor chun iallach a chur ar athrú i bhfabhar D. gigas.[8]
Ba mhinic a nglaodh "laughing jackass" ar an speiceas seo sa Bhéarla sa 19ú haois, ainm a taifeadadh don chéad uair (mar Laughing Jack-Ass) in An Account of the English Colony in New South Wales le David Collins a foilsíodh sa bhliain 1798.[18][19] D'úsáid an t-éaneolaí John Gould "great brown kingfisher" nó 'cruidín donn mór' sa bhliain 1858, ainm a chum John Latham in 1782.[20][21] Ainm coitianta eile ab ea "laughing kingfisher" nó 'cruidín gáiriteach'.[19] Bhí na hainmneacha in roinnt teangacha bundúchasacha na hAstráile liostaithe ag údair Eorpacha lena n-áirítear Go-gan-ne-gine le Collins in 1798,[18] Cuck'anda le René Lesson in 1828[22] agus Gogera nó Gogobera le George Bennett in 1834.[23] Áiríodh "kookaburra" mar ainm malartach i bhfoilseacháin éaneolaíochta i mblianta tosaigh na 20ú haoise,[24][25] ach ní go dtí 1926 gur ghlac Aontas Éaneolaithe Ríoga na hAstraláise go hoifigiúil leis an ainm "laughing kookaburra" sa dara heagrán de Seicliosta Oifigiúil Éanlaith na hAstráile.[19] Is as an Wiradjuri don ainm, teanga bhundúchasach atá i mbaol.[19]
Tá ceithre speiceas chúcabarra sa ghéineas Dacelo dá bhfuil an cúcabarra tarr-ruadhonn agus an cúcabarra breac srianta don Nua-Ghuine agus d'oileáin Chaolas Torres . Tá an cúcabarra gormeiteach agus an cúcabarra gáiriteach le fáil go forleathan san Astráil.[26]
Aithnítear dhá fhospeiceas:[27]
- D. n. novaeguineae (Hermann, 1783) – an fospeiceas ainmniúcháin, oirthear na hAstráile, an Tasmáin agus tugadh isteach in iardheisceart na hAstráile é
- D. n. mion Robinson, 1900 – Leithinis Rinn Eabhrac ó dheas go Baile an Chócaigh[28][5]
Cur síos
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is é an cúcabarra gáiriteach an speiceas cruidín is mó agus é níos mó ó thaobh na corpmhaise de ná an cruidín ollmhór fiú.[5][29] Is éan láidir téagartha é idir 41–47 cm (16–19 or) i bhfad, le ceann mór, súile donna feiceálacha, agus gob fada láidir.[1] Tá an dá ghnéas an-chosúil le chéile, cé gur mó an baineannach de ghnáth agus gur lú goirme atá ar a cromán ná mar atá ar chromán an fhireannaigh. Tá meáchan an fhireannaigh idir 196–450 g (6.9–15.9 unsa), 307 g (10.8 unsa) go meánach agus tá meáchan an bhaineannaigh idir 190–465 g (6.7–16.4 unsa), 352 g (12.4 unsa) go meánach.[30] Tá corp bán nó bánbhuí orthu agus ceann le stríoc dhúdhonn orthu a théann trasna an dá shúile ach atá níos doiléire thar barr an chinn. Tá na sciatháin agus an droim donn agus tá spotaí spéirghorma ar na guaillí. Tá an t-eireaball cróchdhearg ruabhallach le bandaí dúdhonna agus barraí bána ar na cleití. Tá an gob trom dubh ar a bharr agus tá dath cnámha ar a bhun. Tá clúmh an fhospeicis D. n. minor cosúil le clúmh an fhospeicis ainmnithe ach tá sé níos lú ó thaobh méide de.[5]
Is féidir idirdhealú a dhéanamh idir an cúcabarra gáiriteach agus an cúcabarra gormeiteach atá ar chomhmhéid leis trína shúile dorcha, a stríoc súile dhorcha, a ghob níos giorra agus na limistéir ghorma atá níos lú agus níos dlúithe ar an sciathán agus ar an gheadán.[5] Tá difríocht idir chúcabarraí gormeiteacha fireannacha chomh maith toisc go bhfuil eireaball le bandaí gorma agus dubha orthu.[5]

Glao
[cuir in eagar | athraigh foinse]Déanann ainm an "chúcabarra gháiritigh" tagairt dá "gháire" a úsáidtear chun dúichí a bhunú i measc grúpaí teaghlaigh. Is féidir é a chloisteáil ag aon am den lá, ach is minice a chloiste ag breacadh an lae agus sa chlapsholas.[5]
Tá sirincs thraicéabhroinceach ag an speiceas seo a chruthaíonn dhá fhoinse tonnchreatha ionas gur féidir leis dhá mhinicíocht a tháirgeadh ag an am chéanna le harmónaigh iolracha.[4] Déantar glao an chúcabarra gháiritigh trí chóras casta táirgeachta fuaime, trí aer a bhrú isteach sna feadáin bhroinceacha ó na scamhóga.[4] Cé go bhfuil an struchtúr táirgeachta glaonna i láthair ó aois an-óg, is iompar foghlamtha é amhrán an chúcabarra.[31] Múineann an péire pórúcháin laistigh de ghrúpa chúcabarra an glao gáiriteach inaitheanta do na héin óga tar éis dóibh an nead a fhágáil.[31] Canfaidh an fireannach cuid ghairid den ghlao a dhéanfaidh na hóga aithris air, iarracht a mbíonn gan rath de ghnáth.[31] Maireann na ceachtanna amhránaíochta coicís sula mbíonn an gearrcach in ann canadh i gceart agus páirt a ghlacadh in amhráin chórúla clapsholais.[31] Nuair a bhíonn máistreacht acu, is féidir leis an aos óg páirt a ghlacadh i gcrón amhráin chlapsholais a chabhraíonn le bunú na ndúichí.[31]
Tosaíonn éan amháin le gáire snagach íseal sula gcaitear a cheann ar ais le grágaíl gháiriteach: is minic a ghlacann cúpla éan eile páirt ann.[2][30] Má tá níos mó ná treibh amháin atá in iomaíocht le chéile laistigh dá raon éisteachta, baileoidh an teaghlach ar fad go luath chun an díthreabh a líonadh le gáire óna gcroíthe.[1] Tá cúig eilimint athraitheacha sa chéiliúr gháiriteach seo: 1. "Cúa"; 2. "Grágaíl gháire"; 3. "Roll-áil", "ú-ú-ú" ar a ndéantar aithris arís agus arís eile go tapa; 4. "Ha-ha" ard a leantar le; 5. glao "Gó-gó" an fhireannaigh nó glao "sclogálach" an bhaineannaigh.[30] Má fhaightear an deis éisteacht le cúcabarraí in ard a nglórtha, tá sé ar cheann de na heispéiris is neamhghnáiche i nDíthreabh na hAstráile, rud nach féidir fiú muintir na háite neamhaird a dhéanamh air; b'fhéidir go mbainfí geit as aon chuairteoir a chloisfeadh a gceiliúr mura gcuirfí fainic orthu roimh ré.
Aithrisítear na glaonna seo chun céile a mhealladh/a chosaint, chun an t-ordlathas sóisialta a bhunú agus a chothabháil, agus chun críoch a fhógairt agus a chosaint, mar is minic a gceaptar a nglaonna a bheith comhghaolmhar le hionsaitheacht.[32] Úsáidtear glaonna lena thaispeáint dá gcomharsan/ngaolta go bhfuil grúpaí fós ag cur fúthu i gcríoch.[31] Léiríonn na glaonna seo dá n-éisteoirí go bhfuil caighdeán agus sláinte níos fearr ag grúpaí dea-chomhordaithe fosta.[33] Méadaíonn cumarsáid fhuaimiúil idir cúcabarraí gáiriteacha 2-3 mhí roimh shéasúr an phóraithe, ó Mheán Fómhair go hEanáir, faoi mar a mhéadaíonn ionsaitheacht na bhfireannach chomh maith.[4]
Teastaíonn leibhéil níos airde comhoibrithe laistigh den ghrúpa ón ghlao phéire.[4] Tá hipitéis ann go neartaíonn comhordú na nglaonna i measc cúcabarraí an phríomhdháimh péire fadtéarmach agus is féidir gur éabhólóidigh sé mar mheicníocht chun dáimh an ghrúpa a dhaingniú toisc go bhfuil sé costasach ó thaobh fuinnimhe de ceiliúir nua a fhoghlaim.[33] Léiríonn grúpaí comharsanachta céimeanna comhoibrithe chomh maith ós rud é go seachadtar ceiliúir chórúla idir comharsana gan aon fhorluí, ag malartú idir na grúpaí.[31]
Cineálacha eile cumarsáide fuaimiúla
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is cineál cumarsáide fuaimiúla eile í grágaíl in D. novaeguineae a úsáidtear i raon comhthéacsanna éagsúla.[30] Tá sé tugtha faoi deara go ngrágaíonn cúcabarraí gáiriteacha nuair a bhíonn siad ag neadú, ag taispeáint iompair ghéilliúil, agus nuair a bhíonn gearrcaigh ag feitheamh lena mbeathú.[30] Tá stór níos mó glaonna ag cúcaburraí gáiriteacha ná mar atá ag speicis chúcabarraí eile cosúil leis an chúcaburra ghormeiteach ( Dacelo leachii ) a tháirgeann dhá chineál glao simplí: “tafann” agus “snag”.[34] Aibhsítear an raon mór glaonna seo trí dhúnadh, iontonú agus modhnuithe minicíochta a cheadaíonn do na cúcabarraí faisnéis níos mionsonraithe a chur in iúl.[35]
Dáileadh agus gnáthóg
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is de bhunadh oirthear na hAstráile é an cúcabarra gáiriteach a bhfuil raon aige a shíneann ó Leithinis Rinn Eabhrac sa tuaisceart go Rinn Otway sa deisceart. Tá sé le fáil ar an taobh thoir agus ar an taobh thiar den Raon Mór Roinnte. Síneann an raon sa deisceart siar ó Victoria go dtí Leithinis Yorke agus na Raonta Flinders san Astráil Theas.[36]
| Dúghlas | Bánghlas |
|---|---|
| dúchasach | tugadh isteach |
Tugadh isteach in go leor áiteanna eile é agus is dóichí gur mar gheall ar a cháil maraithe nathracha a tharla sé seo. Chuir parlaimint Iarthar na hAstráile an ‘Laughing Jackass’ san áireamh i sceideal d’éin dhúchasacha dhochtchaomhnaithe na hAstráile sa "Game Bill" nó 'Bille Géime' i mí na Nollag 1891, a d’aistrigh Horace Sholl, ar bhall don Cheantar Thuaidh é. Rinne sé cur síos air mar éan dúchasach an Iarthuaiscirt. [37] Is é is dóichí, áfach, gur tagairt é a ainmniúchán don chúcabarra ghormeiteach (Dacelo leachii), seachas don chúcabarra gháiriteach (Dacelo novaeguineae) a fhaightear ann. Thug "The Game Act, 1892" nó 'an tAcht Géime, 1892' (Iarthar na hAstráile), "Acht chun socrú a dhéanamh maidir le héin agus ainmhithe iompórtáilte, agus géim dhúchasach a chaomhnú," deis dearbhaithe go gcosaítear na héin agus na hainmhithe dúchasacha Astrálacha fógartha a liostaíodh sa Chéad Sceideal den Acht ar shealgaireacht. Bhí an "Laughing Jackass" ar cheann den 23 speiceas éan dúchasach Astrálach a ainmníodh sa sceideal.[38]
Scaoileadh cúcabarraí gáiriteacha amach ó Stáit an Oirithir chun an Iardheiscirt chomh luath le 1883[39] agus sonraíodh éin idir Perth agus Fremantle agus i Mullewa fosta thart ar 1896.[40] D'allmhairigh agus scaoil an Cumann Clíomaithe (nó an coiste um Chlíomú Ainmhithe agus Éan WA) na céadta éan idir 1897 agus 1912.[41] Ba é Ernest Le Souef arbh é Rúnaí an Chumainn Chlíomaithe agus Stiúrthóir ar Ghairdíní Zó-eolaíochta Perth é agus ar thacaí díograiseach an chúcabarra é ba chúis leis go príomha mar d'admhaigh sé gur scaoil sé na céadta ón Zú, lena n-áirítear 50 i 1900 ar iarratas Ríoga ón Diúc Eabhrac a bhí ar cuairt.
Bhí daonraí póraithe bunaithe i roinnt ceantar faoin bhliain 1912. Tá an raon reatha in Iarthar na hAstráile siar ó dheas ó líne a cheanglaíonn Geraldton ar an chósta thiar agus Hopetoun ar an chósta theas.[4] Tugadh an cúcabarra gáiriteach isteach i roinnt áiteanna sa Tasmáin ón bhliain 1906 ar aghaidh. Faightear go príomha anois é soir ó thuaidh ó líne a cheanglaíonn Huonville, Loch Rowallan, Waratah agus Marrawah.[4] Tugadh isteach ar Oileán Flinders é timpeall 1940, áit a bhfuil sé le fáil go forleathan anois, agus ar Oileán Changarú i 1926.[4]
Shocraigh George Gray go scaoilfí cúcabarraí gáiriteacha ar Oileán Kawau le linn a dhara téarma mar ghobharnóir ar an Nua-Shéalainn sna 1860idí. Tá an t-oileán suite i Murascaill Hauraki, thart ar 40 ciliméadar (25 míle) ó thuaidh ó Auckland ar Oileán Thuaidh na Nua-Shéalainne. Ceapadh nár éirigh leis an tabhairt isteach ach thángthas ar roinnt éan i 1916 ar an mhórthír in aice láimhe.[36][42] Póraíonn sé anois i réigiún beag ar an taobh thiar de Mhurascaill Hauraki idir Leigh agus Kumeū.[36]
Is iad foraois scléirifill oscailte agus coillearnaí gnáthóga gnácha an éin seo. Tá sé níos coitianta san áit a bhfuil an fhothóg oscailte agus gann nó áit a bhfuil an talamh clúdaithe le féar. Teastaíonn poill chrainn uathu dá gcuid neadacha. Tá sé le fáil freisin in aice le portaigh agus i limistéir atá glanta go páirteach nó talamh feirme le crainn feadh bóithre agus sconsaí. Tá sé le fáil i bpáirceanna agus i ngairdíní i gceantair uirbeacha.[43] Forluíonn raon an chúcabarra gháiritigh le raon an chúcabarra ghormeitigh i limistéar in oirthear Thír na Banríona a shíneann ó Leithinis Rinn Eabhrac ó dheas go ceantair mháguaird Brisbane. Is minic gurb fhearr leis an chúcabarra gháiriteach ceantair cois uisce timpeall Bhaile an Chócaigh agus go bhanann an cúcabarra gormeiteach in gnáthóga atá níos tirime.[5]
Tá eiseamláir amháin den chúcabarra gháiriteach ag cur faoi go fiáin i Suffolk sa Ríocht Aontaithe ó 2015 ar a laghad agus chonacthas arís in 2024 é.[44] Taifeadadh radharcanna breise de chúcabarraí gáiriteacha in Albain, [45] ag cur le fios go bhféadfadh go bhfuil eiseamláir den speiceas seo á scaoileadh d'aon ghnó nó trí thimpiste.
Iompar
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Cuireann cúcabarraí fúthu i ngrúpaí teaghlaigh scaoilte i ndúichí coillearnaí (foraoisí san áireamh) agus tá an cuspóir céanna ag a gcuid gáire agus atá ag go leor glaonna éan eile - chun teorainneacha a gcuid dúichí a mharcáil. Is gnách d'formhór na speiceas cúcabarra cur fúthu in aonaid teaghlaigh agus cuidíonn na héin óga leis na tuismitheoirí fiach agus aire a thabhairt don chéad ál eile.
Pórú
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is cosúil go mbíonn iompar atá cosúil leis an éan sprochailleach ar bun ag an chúcabarra gháiriteach le linn séasúr na cúplála. Cuireann an baineannach seasamh déircíneachta uirthi agus glaonn sí ar nós éin óig. Ofrálann an fireannach a ghabháil reatha di ansin le fuaim "ú ú ú". Deir roinnt breathnóirí, áfach, go dtarlaíonn a mhalairt – téann an baineannach chuig an fhireannach lena ghabháil reatha agus tairgeann sí dó é. Is féidir go gcuirfear tús le tógáil neadacha i mí Lúnasa agus bíonn buaicphointe breithe uibheacha ann ó Mheán Fómhair go Samhain.[4] Má theipeann ar an chéad ál, leanfaidh siad ag pórú go dtí míonna an tsamhraidh.[4]
Beireann an baineannach ál de thrí ubh leath-snasta bána cruinne go ginearálta arb í 36 mm × 45 mm (1.4 or × 1.8 or) a méid agus eatramh atá thart ar dhá lá eatarthu.[2] Gorann na tuismitheoirí agus na cúntóirí na huibheacha ar feadh 24 go 26 lá.[4] Tá goróga altramach agus scolamánach agus iad faoi lán clúimhrí faoi lá 32-40.[4] Mura bhfuil an soláthar bia leordhóthanach, beidh an tríú hubh níos lú agus beidh an tríú éan óg níos lú fosta agus é faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid lena siblíní níos mó. Bíonn crúca ag éin óga ar an mhandabal uachtarach, rud a imíonn faoin am a mbíonn siad faoi lán clúimhrí. Mura bhfuil an soláthar bia do na héin óga leordhóthanach, beidh achrann ann ina mbeidh crúca na n-éan óg mar arm acu. D'fhéadfadh sé go maródh na héin óga móra an t-éan óg is lú fiú.[4] Má tá a ndóthain bia acu, caitheann na tuismitheoirí níos mó ama ag goir na n-éan óg, rud a fhágann nach mbíonn siad in ann troid.
Beathú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Seilgeann cúcabarraí mar a dhéanann cruidíní eile (agus spideoga Astraláiseach chomh maith) é; suíonn siad ar chraobh nó ar shreang áisiúil agus fanann siad go foighneach go dtéann creach thar a mbráid. Itheann siad réimse leathan creach go coitianta idir lucha agus mamaigh bheaga den mhéid chéanna, éagsúlacht mhór inveirteabraigh (cosúil le feithidí, péisteanna talún agus seilidí), crústaigh dhúchasacha Astrálacha, éisc bheaga, laghairteanna, froganna, éin bheaga agus éin óga sa nead agus a gcreach is cáiliúla, nathracha.[4][30] Is fearr leo creacha beaga, ach uaireanta seilgeann cúcabarraí créatúir mhóra, lena n-áirítear nathracha nimhe atá i bhfad níos faide ná a gcoirp féin.[4] Agus iad ag beathú a n-óg, déanfaidh cúcabarraí gáiriteacha “Glaonna Chuck”, ar glaonna doimhne scrunch iad atá an-difriúil ar fad óna n-amhráin chórúla laethúla.[30]
Taispeántais amhairc
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chun tuilleadh feabhais a chur ar iompar cosantach, glacfaidh cúcabarraí páirt i ndá chineál taispeántais ón aer: traipéis agus eitiltí ciorclacha.[46] Feileann ainm na n-eitiltí traipéise go maith don ghluaiseacht de ráib a dhéanann cúcabarraí in aice láimhe eadarbhuas i dtreo a chéile agus iad ag cosaint a gcríche.[46] Le linn eitiltí traipéise, seasfaidh éan amháin ó gach grúpa ar chraobhacha ar teorainn a gcríche agus eitleoidh siad anonn agus anall idir crainn laistigh dá raon baile seanbhunaithe agus crainn ar teorainn chríoch na gcúcabarraí atá in aice láimhe.[46] Chonacthas go maireann na taispeántais seo suas le leathuair an chloig agus go mbíonn glaonna ón seoltóir agus ó bhaill ghrúpa an éin sin ag gabháil leo de ghnáth.[46] Cuirtear tús le heitiltí ciorclacha nuair a eitlíonn éan amháin timpeall chríoch ghrúpa éan eile trí eitilt thar an limistéar agus ionradh tapa a dhéanamh ar an gcríoch úd ina dhiaidh.[46] Chomh luath agus a bheidh sé laistigh den chríoch in aice láimhe, beidh an t-éan amháin sin ag eitilt i gciorcail timpeall na gcúcabarraí eile a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, rud a leanfaidh gnáthghlao gáiriteach nó grágaíl é ag brath ar stádas an ghrúpa ann.[46] Tá taispeántais eitilte úsáideach chun cumarsáid a dhéanamh thar achair fhada, ach is féidir le cineálacha eile comharthaí amhairc a bheith éifeachtach le haghaidh cumarsáide gearr-raoin.
Is féidir leo comharthaí amhairc gearr-raoin a úsáid chun iompar bagrach a chur in iúl nó chun bagairtí atá ag teacht isteach a léiriú lena n-ealta.[46] Úsáidtear gothaí troda mar rabhadh sula n-ionsaítear ar comhartha é a fhaigheann cúcabarraí eachtracha go coitianta agus iad ag cúngú ar chríoch ghrúpaí eile. [47] Spréifidh cúcabarraí gáiriteacha a sciatháin amach agus brúfaidh siad a gceann chun cinn agus iad ag croitheadh a gcuid cleití eireabaill chun ceannasacht a thaispeáint agus iad féin a chosaint ar ionróirí.[47] Ruaigfear na héin gan iarraidh tar éis na ngothaí troda sula n-ionsófar iad.[4] Úsáidtear taispeántais amhairc freisin chun forairdeall agus láithreacht bagairtí a chur in iúl trí ghotha airdeallach.[4] Osclóidh D. novaeguineae a ghob, cuirfidh sé colg ar na cleití timpeall ar a chaipín, agus tiontóidh sé a cheann i dtreo na bagairte.[4] Ag brath ar phráinn na bagairte, d’fhéadfadh glaonna gáiriteacha arda leanúint ar ghothaí rabhaidh chun rabhadh a thabhairt do bhaill eile na healta.[4]
Caidreamh le daoine
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Is radharc coitianta é an cúcabarra gáiriteach i ngairdíní bruachbhailteacha agus i suíomhanna uirbeacha, fiú i limistéir fhoirgnithe agus tá siad chomh múinte go n-íosfaidh siad as lámha duine agus go ligfear do dhaoine a gcuid bolg a chuimilt go minic. Níl sé neamhchoitianta go sciobfar bia as lámha daoine gan rabhadh, trí theacht anuas de ráib. Is minic a bheathaíonn daoine le píosaí feola amha iad. Is minic fosta go gcoinnítear cúcabrraí gáiriteacha i zúnna.
Is ábhar amhráin leanaí Astrálach é an cúcabarra a bhfuil an-tóir air chomh maith darb ainm “Kookaburra” a chum Marion Sinclair in 1934.[48]
Tá taifeadtaí den éan seo curtha le scannáin Hollywood le cúpla deich mbliana, i suíomhanna dufair de ghnáth, ó shraith Tarzan sna 1930idí go leithéidí The Lost World: Jurassic Park (1997) níos déanaí fós.[3]
Stádas caomhnaithe
[cuir in eagar | athraigh foinse]Athraíonn dlús daonra an chúcabarra gháiritigh san Astráil idir 0.04 agus 0.8 éan/ha ag brath ar an ghnáthóg. Má ghlactar le meán de 0.3 éan/ha, d'fhéadfadh an daonra iomlán a bheith chomh mór le 65 milliún éan.[5] Mar sin féin, is féidir gur rómheastachán ollmhór é seo ós rud é go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil laghdú suntasach ag teacht ar dhaonra an chúcabarra gháiritigh agus Birdata ag taispeáint titim 50% ar líon na radharcanna idir na blianta 2000 go 2019 agus laghdú ar an ráta tuairiscithe ó 25% go 15% thar an tréimhse chéanna.[49] Tá daonra na Nua-Shéalainne sách beag agus is dócha go bhfuil níos lú ná 500 éan ann. [50] Mar gheall ar an raon sínte agus an daonra mór seasmhach, measann an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra gur “speiceas is lú imní” é.[6]
Léitheoireachta bhreise
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Legge (2004). "Kookaburra: King of the Bush". Collingwood Vic, Australia: CSIRO Publishing. ISBN 978-0-643-09063-7.
- Parry (1970). "Kookaburras". Melbourne: Lansdowne Press. ISBN 978-0-7018-0290-5.
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Xeno-canto: taifeadtaí fuaime den chúcabrra gháiriteach
- Grianghraif, fuaim agus físeán den chúcabarra gháiriteach ó Leabharlann Mhic Amhlaoibh Cornell Lab of Ornithology
- Taifeadtaí de chúcabarra gáiriteach Curtha i gcartlann 2025-05-05 ar an Wayback Machine ó leabharlann fuaime Graeme Chapman
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 1.3 1.4 Pizzey, Graham; Doyle, Roy. (1980). "A Field Guide to the Birds of Australia". Collins Publishers, Sydney. ISBN 073222436-5.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Morcombe, Michael (2003). "Field Guide to Australian Birds" (3). Pascal Press, Glebe, NSW ISBN 978174021417-9.
- ↑ 3.0 3.1 Melissa Kaercher (2013-05-30). "That Jungle Sound" (Béarla). The Sound and the Foley. Dáta rochtana: 2025-04-23.
- ↑ 4.00 4.01 4.02 4.03 4.04 4.05 4.06 4.07 4.08 4.09 4.10 4.11 4.12 4.13 4.14 4.15 4.16 4.17 4.18 4.19 4.20 4.21 Higgins, Peter J., eag (1999). "Dacelo novaeguineae Laughing Kookaburra" Handbook of Australian, New Zealand and Antarctic Birds. Imleabhar 4 (Parrots to dollarbird): lgh 1121-1138. Melbourne: Oxford University Press. ISBN 978-0-19-553071-1.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 5.4 5.5 5.6 5.7 5.8 Fry, C. H.; Fry, Kathie; Harris, Alan (1999). "Kingfishers, Bee-eaters and Rollers": lgh 133-136. Londain: Christopher Helm. ISBN 978-0-7136-5206-2.
- ↑ 6.0 6.1 BirdLife International (BirdLife International) (2024-01-15). "IUCN Red List of Threatened Species: Dacelo novaeguineae". IUCN Red List of Threatened Species.
- ↑ Pierre Sonnerat, Pierre Sonnerat (1776). "Voyage à la Nouvelle Guinée : dans lequel on trouve la description des lieux, des observations physiques & morales, & des détails relatifs à l'histoire naturelle dans le regne animal & le regne végétal" (as Fraincis): p. 170, Pláta 106. Paris: Chez Ruault.
- ↑ 8.0 8.1 8.2 8.3 G. F. Mees (1977-01-01). "The Scientific Name of the Laughing Kookaburra: Dacelo Glgas (Boddaert) V. Dacelo Novaeguineae (Hermann)". Emu - Austral Ornithology 77 (1): 35–36. doi:. ISSN 0158-4197.
- ↑ Averil Lysaght (1956-08-01). "Why did Sonnerat record the Kookaburra, Dacelo gigas (Boddaert) from New Guinea?". Emu - Austral Ornithology 56 (3): 224–225. doi:. ISSN 0158-4197.
- ↑ Daubenton, Edme-Louis; Martinet, François-Nicolas . (1765–1783). "Planches enluminées d'histoire naturelle" 7: Pláta 663. Páras.
- ↑ Peters, James Lee, eag. (1945). "Check-list of Birds of the World." 5 (5): lch 190. Massachusetts: Harvard University Press.
- ↑ Hermann, Johann (1783). "Tabula affinitatum animalium olim academico specimine edita : nunc uberiore commentario illustrata cum annotationibus ad historiam naturalem animalium augendam facientibus (as Laidin)": lch 192. Argentorati: Impensis Joh. Georgii Treuttel.
- ↑ Cottrell, G. William,, G. William Cottrell, James C. Greenway, Ernst Mayr, Raymond A. Paynter, James Lee Peters, Melvin A. Traylor, Harvard University (1945). "Check-list of birds of the world" v.5 (1945): p. 189. Cambridge, Massachusetts: Harvard University Press.
- ↑ Leach, William Elford (1815). "The Zoological Miscellany; being descriptions of new, or interesting Animals" 2: lch 125. Londain: B. McMillan for E. Nodder & Son.
- ↑ James A. Jobling (2010). "The Helm dictionary of scientific bird names [electronic resource : from aalge to zusii]": lch 130, 275. Londain: Christopher Helm. ISBN 978-1-4081-2501-4.
- ↑ Boddaert, Pieter (1783). "Table des planches enluminéez d'histoire naturelle de M. D'Aubenton" (as Fraincis): lch 40. Utrecht.
- ↑ Gregory M. Mathews, E. C. and Chisholm (1926-10-01). "Correspondence". Emu - Austral Ornithology 26 (2): 148–149. doi:. ISSN 0158-4197.
- ↑ 18.0 18.1 David Collins; Project Gutenberg. "An Account of the English Colony in New South Wales, Volume 1: With Remarks on the Dispositions, Customs, Manners, Etc. of The Native Inhabitants of That Country. to Which Are Added, Some Particulars of New Zealand; Compiled, By Permission, From The Mss. of Lieutenant-Governor King.": Aguisín 12 Language. Londain: T. Cadell Jr and W. Davies.
- ↑ 19.0 19.1 19.2 19.3 Gray, Jeannie; Fraser, Ian (2013). "Australian Bird Names: A Complete Guide.": lgh 156–158. Collingwood VIC, an Astráil: CSIRO. ISBN 978-0-64310469-3.
- ↑ Gould, John (1848). (1848). "The Birds of Australia" 2: Pláta 18. Londain: féin-fhoilsithe.
- ↑ Latham, John (1782). "A General Synopsis of Birds" 1: lch 609. Londain: priontáilte ar son Benj. White.
- ↑ Lesson, René Primeverre (1828). "Manuel d'ornithologie, ou description des genres et des principales espèces d'oiseaux" (as Fraincis): lch 93. Páras: Roret.
- ↑ Bennett, George (1834). "Wandering in New South Wales, Batavia, Pedir Coast, Singapore, and China: being the journal of a naturalist in those countries during 1832, 1833, and 1834" 1: lch 222. Londain: Richard Bentley.
- ↑ Lucas, A.H.S.; Le Souef, W.H. Dunley (1911). "The Birds of Australia": lgh 236-237. Londain: Whitcombe agus Tombs.
- ↑ Leach, John Albert (1912). "An Australian bird book: a pocket book for field use (2nd ed.)." (2): lch 105. Melbourne: Whitcombe & Tombs.
- ↑ David W. Winkler, Shawn M. Billerman, Irby J. Lovette; S. M. Billerman, B. K. Keeney, P. G. Rodewald, and T. S. Schulenberg, eag. (2020). "Kingfishers (Alcedinidae), version 1.0" (as Béarla). Birds of the World. Cornell Lab of Ornithology, Ithaca, NE, SAM. doi:. ISSN 2771-3105.
- ↑ Gill, Frank; Donsker, David, eag. (2016). "Rollers, ground rollers & kingfishers". World Bird List Version 6.3. International Ornithologists' Union.
- ↑ Robinson, Herbert Christopher (1900). "Contributions to the zoology of north Queensland". Bulletin of the Liverpool Museums 2 (3 agus 4): lch 116.
- ↑ Dunning, John B. Jr., eag. (2008). "CRC Handbook of Avian Body Masses" (2). CRC Press. ISBN 978-1-4200-6444-5.
- ↑ 30.0 30.1 30.2 30.3 30.4 30.5 30.6 Woodall, P. F.; J. del Hoyo, A. Elliott, J. Sargatal, D. A. Christie, agus E. de Juana, eag. (2020). "Laughing Kookaburra (Dacelo novaeguineae), version 1.0." Birds of the World. Cornell Lab of Ornithology, Ithaca, NE, SAM.. doi:.
- ↑ 31.0 31.1 31.2 31.3 31.4 31.5 31.6 Baker (Eanáir 2004). "The Chorus Song of Cooperatively Breeding Laughing Kookaburras (Coraciiformes, Halcyonidae: Dacelo novaeguineae): Characterization and Comparison Among Groups" (as Béarla). Ethology 110 (1): 21–35. doi:.
- ↑ Heinz-Ulrich Reyer, Dieter and Schmidl (1988-09-01). "Helpers Have Little to Laugh About: Group Structure and Vocalisation in the Laughing Kookaburra Dacelo novaeguineae". Emu - Austral Ornithology 88 (3): 150–160. doi:. ISSN 0158-4197.
- ↑ 33.0 33.1 Michelle L. Hall (2004-03-01). "A review of hypotheses for the functions of avian duetting" (as Béarla). Behavioral Ecology and Sociobiology 55 (5): 415–430. doi:. ISSN 1432-0762.
- ↑ Sarah Legge (2004). "Kookaburra: King of the Bush" (as Béarla). Clayton Theas, VIC, an Astráil: CSIRO Publishing. doi:.
- ↑ W. John Smith; Kroodsma, Donald E; Miller, Edward H, eag. (2019-05-15). "21. Using Interactive Playback to Study How Songs and Singing Contribute to Communication about Behavior" (as Béarla). Ecology and Evolution of Acoustic Communication in Birds: 377–397. Cornell University Press. ISBN 978-1-5017-3695-7. doi:.
- ↑ 36.0 36.1 36.2 Peter Higgins (1999). "Handbook of Australian, New Zealand & Antarctic birds" (as Béarla) (4): lgh. 1124-1125. Melbourne: Oxford University Press.
- ↑ The Daily News, Perth, 22 Nollaig 1891, lch 3, Legislative Assembly
- ↑ "WALW - Game Act 1892 - Home Page". www.legislation.wa.gov.au. Dáta rochtana: 2025-04-23.
- ↑ Sellick. "First impressions : Albany 1791-1901 :travellers' tales": 151-2. ISBN 0730983668.
- ↑ Clee Francis Howard Jenkins (1959). "Introduced Birds in Western Australia". Emu 59: 201-207.
- ↑ John L. Long (1974). "Introduced birds and mammals in Western Australia": 3. Agriculture Protection Board of Western Australia. ISBN 0-7244-5758-5. OCLC 27566719.
- ↑ George Malcolm Thomson (1922). "The naturalisation of animals & plants in New Zealand" (as Béarla): lgh. 137-138. Cambridge: Cambridge University Press.
- ↑ Peter Higgins (1990). "Handbook of Australian, New Zealand & Antarctic birds" (as Béarla) (4): 1123. Melbourne: Oxford University Press.
- ↑ Stuart Howells. "Kookaburra spotted living in Suffolk countryside" (Béarla). BBC News. Dáta rochtana: 2025-04-23.
- ↑ Michael Dahlstrom (2024-04-12). “Kookaburras spotted in wilds of Scotland by excited adventurer: 'They're wicked'” (Béarla). Yahoo News. Dáta rochtana: 2024-07-01.
- ↑ 46.0 46.1 46.2 46.3 46.4 46.5 46.6 ICTN, Peter J. Higgins, Stephen J. J. F. Davies (1997). "Review of Handbook of Australian, New Zealand & Antarctic Birds. Volume 3: Snipe to Pigeons". Colonial Waterbirds 20 (3): 631–631. doi:. ISSN 0738-6028.
- ↑ 47.0 47.1 S. R. Morton, G. D. and Parry (1974-07-01). "The Auxiliary Social System in Kookaburras: A Reappraisal of Its Adaptive Significance". Emu - Austral Ornithology 74 (3): 196–198. doi:. ISSN 0158-4197.
- ↑ Howell, P. A. (2012). "Sinclair, Marion (1896–1988)" Australian Dictionary of Biography. National Centre of Biography, Australian National University. ISSN 1833-7538. Dáta rochtana: 8ú Deireadh Fómhair 2016.
- ↑ BirdLife Australia (2020). “Explore Birdata map: Laughing kookaburra”. Dáta rochtana: 2020-06-17.
- ↑ B. Michaux (2013). C.M. Miskelly, eag.: “Laughing kookaburra”. New Zealand Birds Online. Dáta rochtana: 4 Deireadh Fómhair 2016.
- Taxonbars with automatically added original combinations
- Taxonbars with 25–29 taxon IDs
- Dacelo
- Cruidín
- Éin na hAstráile Theas
- Éin na Tasmáine
- Éin Queensland
- Halcyoninae
- Éin Eindéimeacha na hAstráile
- Éin a ndearnadh cur síos orthu in 1783
- Ailt a bhfuil físeáin iontu
- Éin Victoria (An Astráil)
- Tacsain ainmnithe ag Johann Hermann