Cú glas
De réir Féineachais, seandlíthe traidisiúnta na hÉireann, eachtrannach a chuir faoi sa tuath ab ea an cú glas. Mhínigh gluaiseoir ón 9ú haois gur "deorad loingsigh" a bhí ann .i. deoraí a tháinig ó thír thar lear. Bhí suim ar leith ag na dlíthe ann má phós sé bean den tuath toisc nach raibh "lóg n-enech" (luach oinigh) dá chuid féin aige mar eachtrannach. Is é sin le rá, ní raibh stádas aige i gcúrsaí dlí. Má aithníonn gaolta na mná an pósadh, áfach, glactar leis go bhfuil leath den lóg n-enech atá ag a bhean aige. Ach níl sé in ann conarthaí a dhéanamh gan chead a mhná agus tá uirthi íoc as aon fhiacha atá air agus as aon chánacha nó fíneála a ghearrtar air. Níl aon fhreagracht air maidir le tógáil a leanaí. Tá sí sin faoina bhean agus a muintir. Níl sé freagrach as cionta a dhéanann a leanaí ach oiread.[1]
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "A Guide to Early Irish Law" (1988) lch. 6.
| Is síol faoi Oileán na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |