Jump to content

Cúán de Búrca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaCúán de Búrca
Beathaisnéis
BreithBaile Átha Cliath Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, láithreoir, déantóir scannán Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Ghaeilge agus Béarla

Is scríbhneoir, láithreoir raidió, ceoltóir, craoltóir agus scannánóir é Cúán de Búrca. Rugadh agus tógadh é i mBaile Átha Cliath. Tá a chuid filíochta léite aige ag an bPicnic Leictreach, Fleadh Cheoil na hÉireann agus Seanchoíche. Mí Lúnasa na bliana 2024, ghnóthaigh sé an dara háit i gComórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa. Is comhláithreoir é ar an bpodchraoladh Dúchas ar Raidió Rí-Rá, a dhíríonn ar bhéaloideas na hÉireann. Tá sé mar chathaoirleach ar Craobh 1916, craobh de Chonradh na Gaeilge a eagraíonn imeachtaí, amhail réabhanna, d'aos óg Gaelach na hardchathrach.

Rinne sé staidéar ar an nGaeilge agus an Stair i gColáiste na Tríonóide, agus chéimnigh sé le bonn óir. Tá idir ghreann agus fhilíocht ó bhéal déanta aige ag an bPicnic Leictreach, Oireachtas na Samhna, Fleadh Cheoil na hÉireann, Seanchoíche, Féile Ealaíona na gCúig Lampaí agus eile. Tá clár ceoil aige ar Raidió na Life le blianta anuas. Bhain sé amach an dara háit i gcomórtas slamfhilíochta Liú Lúnasa anuraidh. Tá a chuid filíochta foilsithe in Ethereal Magazine, Iris Aistriúcháin Choláiste na Tríonóide, agus i bhfoirm físdháin ar shuíomh idirlín RTÉ Gaeilge.

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]