Córas saineolach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Córas saineolach

Córas ríomhaire atá in ann cuid d'fheidhmeanna saineolaí dhaonna a dhéanamh. Mar shampla, saothraíodh córais shaineolacha chun diagnóisithe áirithe míochaine is sirtheoireachtaí áirithe geolaíocha a dhéanamh, feidhmeanna ina bhfuil gá le cuid mhaith eolais eagraithe is scileanna asbheirthe.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas saineolach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 171.