Jump to content

Córas fíoraithe aoise

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
i bPoblacht na Seice[1]

Baintear úsáid as Córas fíoraithe aoise,[2] chun cosc a chur ar úsáideoirí faoi bhun aoise rochtain a fháil ar sheirbhísí (mar shampla na meáin shóisialta) nó táirgí (mar shampla alcól) nach bhfuil ceaptha dóibh.

Aontas Eorpach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Acht um Sheirbhísí Digiteacha an Aontais Eorpaigh

D'fhoilsigh an Coimisiún Eorpach treoirlínte a shoiléiríonn conas ba cheart d'ardáin ar líne (cosúil le hardáin meán sóisialta, margaí agus siopaí ar líne, aipeanna agus seirbhísí eile) ábhar a chosaint faoi Airteagal 28(1) den Acht um Sheirbhísí Digiteacha, foilsithe ar 14 Iúil 2025.[3]

Moltar Coimisiún na Meán sa Dréachtchód fíorú aoise a úsáid chun cosc a chur ar úsáideoirí faoi bhun aoise rochtain a fháil ar sheirbhísí nach bhfuil ceaptha dóibh.[4] Forbraíodh Cód Sábháilteachta Ar Líne ag Coimisiún na Meán chun seirbhísí digiteacha a dhéanamh cuntasach as leanaí agus daoine fásta a chosaint ar dhíobháil ar líne. Tháinig an Cód i bhfeidhm go hiomlán ar an 21 Iúil 2025.

Faoin gCód Sábháilteachta ar Líne a tháinig i bhfeidhm in Éirinn ar an 21 Iúil 2025, caithfidh ardáin ar líne ar a scaiptear físeáin agus a cheadaíonn pornagrafaíocht beartais a fheidhmiú le aois duine a dheimhniú.[5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]