Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh
| Sonraí | |
|---|---|
| Giorrúchán | SCEQE |
| Cineál | córas |
| Codanna | |

Is éard atá i gceist le Córas Trádála Astaíochtaí an Aontais Eorpaigh ná scéim i ndáil le trádáil lamháltas astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Chomhphobal Eorpach.[1][2]
Córas Eorpach chun lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa a thrádáil is ea é. Is cuid de bheartais an Aontais Eorpaigh um ghníomhú ar son na haeráide é. Oibríonn sé trí bhíthin teorainn, a íslítear in imeachta ama, a chur ar an méid iomlán gáis ceaptha teasa is féidir a bheith scaoilte ag:
- aerlínte
- stáisiúin chumhachta, agus
- gníomhaíochtaí tionsclaíocha mórscála eile.
Tugtar suiteálacha orthu sin agus tá thart ar 100 suiteáil ag teacht faoi Chóras Trádála Astaíochtaí an AE in Éirinn.
Faoin gcóras, faigheann nó ceannaíonn na suiteálacha sin lamháltais astaíochtaí. Féadfaidh siad iad sin a thrádáil le suiteálacha eile, de réir mar is gá. Is ionann gach lamháltais astaíochtaí agus tonna de dé-ocsaíde carbóin. Caithfidh suiteáil go leor lamháltas a bheith aici gach bliain chun a hastaíochtaí ar fad a chuimsiú, nó gearrtar fíneáil uirthi.[3]
Oibríonn Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí ar bhonn teorannaithe agus trádála. Oibríonn sé trí bhíthin teorainn (uasteorannú) a chur ar an méid gáis ceaptha teasa a úsáideann grúpaí cuideachtaí. Tugann sé deis do chuideachtaí creidmheasanna carbóin a cheannach agus a dhíol (a thrádáil).
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, European Union Emissions Trading System (ETS)
- ↑ ""Scéim an AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2025-09-07.
- ↑ climatejargonbuster.ie (2021). "Treoir ar Bhéarlagair Aeráide: Treoir A-Z ina bhfuil míniú ar théarmaí maidir le gníomhú ar son na haeráide". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2022-08-15. Dáta rochtana: 2025.