Córas Tholamaeis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Córas Tholamaes

Córas na bpláinéad de réir Chláidias Tolamaes, córas Domhanlárnach, na pláinéid i bhfithisí ciorclacha timpeall ar an Domhan. Chun réiteach le hionaid bhraite na bpláinéad, ligeadh do gach pláinéad gluaiseacht i gciorcal beag (an t-eipichiogal) ar a sheal ar feadh ciorcail mhóir (an ciorcal iompair). Is féidir leis an gcóras seo ionaid na bpláinéad a réamhinis taobh istigh de 1° nó mar sin. Baineadh feidhm as go forleathan mar thuairisc chinnte ar an nGrianchóras gur chuir Copernicus deireadh leis i 1543.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Córas Tholamaes". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 668.