Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí
| Mana | Prepare against them whatever you are able of power. | ||||
|---|---|---|---|---|---|
| Sonraí | |||||
| Giorrúchán | IRGC, КСИР, КВІР, CGRI, پاسداران, Revolutionsgarde agus الْحَرَس الثَّوْرِي | ||||
| Cineál | paraimíleatach gníomhaireacht faisnéise fórsaí armtha | ||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Guardianship of the Islamic Jurists (en) | ||||
| Stair | |||||
| Dáta a bunaíodh | 5 Bealtaine 1979 | ||||
| Bunaitheoir(í) | Ruhollah Khomeini agus Mohsen Sazegara | ||||
Ócáid shuntasach | |||||
| 1 Aibreán 2024 | Israeli airstrike on the Iranian consulate in Damascus (en) | ||||
| 30 Nollaig 2025- | 2026 Iran massacres (en) | ||||
| Rialachas corparáideach | |||||
| Ceanncheathrú | |||||
| Commander-in-Chief of the Islamic Revolutionary Guard Corps (en) | Hossein Salami | ||||
| Líon fostaithe | 125,000 | ||||
| Úinéir de | |||||
| Codanna | |||||
| Cuid de | Islamic Republic of Iran Armed Forces (en) | ||||
| Suíomh gréasáin | sepahnews.com | ||||
Fórsa míleata na hIaráine is ea an Garda Réabhlóideach, nó Cór Gharda na Réabhlóide Ioslamaí (CGRI).[1] Ach ní fórsa míleata amháin é an Garda Réabhlóideach – is impireacht ghnó agus eacnamaíochta é. Bíonn an CGRI sáite i ngach gné den gheilleagar ar mhaithe le saol sócúil a chur ar fáil d’éilít an réimis agus dá muintir, in ainneoin formhór an phobail a bheith ag streachailt leis an saol.
Eagraíocht
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá an Garda Réabhlóideach sáite sa tionscal tógála, sa bhonneagar teileachumarsáide, i dtionscal na hola, i mbaincéireacht agus seirbhísí airgeadais, i mbainistiú calafoirt, i mianadóireacht agus fiú is leo an slabhra ollmhargaí is mó sa tír.[2]
Is féidir leis an gCGRI a gcumhacht pholaitiúil agus rialacháin a úsáid chun buntáiste a thabhairt dóibh féin i gcoinne iomaitheoirí nó fiú chun monaplacht a bhaint amach i réimsí áirithe. Is cuma dícheannadh a bheith déanta ar ardcheannaireacht na tíre (feallmharaíodh an Ayatollah Khamenei ar an 28 Feabhra 2026), tuigeann an éilít seo, ní hamháin go gcaillfidh siad a stádas ach go mbeidh praghas mór le híoc acu as ucht a gcoireanna in aghaidh mhuintir a tíre féin má ghéilleann siad a gcumhacht.[2]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Cogadh Iaráin - Iaráic, 1980-1988: Tháinig an CGRI ar an bhfód, agus tharla na héachtaí is mó a thuill clú dóibh.
- 2020: Ba mhaorghinearál Iaránach agus cheannaire mór míleata é Qasem Soleimani, i mbun na "Quds". Feallmharaigh na S-A é ar an 3 Eanáir 2020 agus Trump i mbun ag an am.
- Cogadh na Dhá Lá Dhéag 2025 : Maraíodh Maorghinearál Hossein Salami, ceannaire an CGRI agus Maorghinearál Amir Ali Hajizadeh, ceannaire fórsa aero-spáis an CGRI
- Cogadh na hIaráine 2026: Maraíodh Maorghinearál Mohammad Pakpour, Ardcheannasaí an CGRI agus Briogáidireghinearál Gholamreza Rezaian, Ceannasaí Faisnéise
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, Iranian Revolutionary Guards nó Islamic Revolutionary Guard Corps (IRGC)
- 1 2 Fachtna Ó Drisceoil (3 Márta 2026). "An Iaráin idir dá thine Bhealtaine – uaireanta is fearr drochrialtas ná a bheith gan rialtas ar bith" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-03-04.