Jump to content

Cóic Conara Fugill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadCóic Conara Fugill

Is téacs gearr de chuid An Fhéineachais é Cúig Chonair Fuighill (nó Cúig Shlí Bhreithe, Sean-Ghaeilge Cóic Conara Fugill[1]: xvii ) ina pléitear níos imeachta cúirte. Is é an t-aon téacs atá ar marthain a dhéanann cur síos ar conas a d'fhéadfadh dlíthí a chás a chur os comhair breithimh. Scríobhadh é tuairim is san 8ú haois, ach is amhlaidh nár úsáideadh an córas faoin 10ú nó 11ú haois.

Lámhscríbhinní

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Caomhnaítear an téacs iomlán de Cóic Conara Fugill i roinnt lámhscríbhinní. Tá cúig chóip le fáil sa Corpus Iuris Hibernici féin. D'fhoilsigh Rudolf Thurneysen (1925) aistriúchán Gearmáinis. Níos déanaí, d'fhoilsigh Thurneysen (1933) forábhar le téacs aimsithe in Uraicecht Becc. D'aithin Thurneysen dhá athleagan: RE agus H.[2]: 233–234  Is é RE an leagan níos luaithe, le téacs as dhá lámhscríbhinn, R agus E. Tá níos lú earráidí seachadta ag leagan R.[3]: 114, 270 

Tógadh an teideal ón incipit.[2]: 234 

Téacs gearr ach casta is ea Cóic Conara Fugill, ach is é an t-aon téacs amháin atá ar marthain ina bpléitear conas a d'fhéadfadh dlíthí a chás a chur os comhair breithimh.[3]: 114  [4]: 190  Is nósanna imeachta iad na cúig chonair chun cás a agairt le breitheamh. D'fhéadfaí fíneáil a ghearradh ar abhcóide dá ndéanfadh sé mí-rogha eatarthu. San athleagan RE níos luaithe, is iad a leanas na cúig chonair earlier:[4]: 191–192 

  1. fír (fíor)
  2. dliged (dlite)
  3. cert (ceart)
  4. téchtae[5] (téachta, cuí, dleacht)
  5. cóir n-athchomairc[6] (fiosrú ceart)

Is amhlaidh go raibh oirdéal dlíthiúil ag baint leis an conair 'fíor', agus ba é an rogha ceart le haghaidh mionnú éithigh, oidhreachta agus cásanna an-chasta. Is doiléir é an dealú idir 'dlite' agus 'ceart' ach is cosúil gurbh iad an rogha ceart le haghaidh cásanna conarthacha. Roghnaítí 'téachta' le haghaidh cásanna sclábhaíochta (cé nach bhfuil sé soiléir arbh é stádas sclábhaí nó cásanna ina choinne a bhí i gceist cases). B'fhéidir é gur chonair uileghabhálach é 'fiosrú ceart' do chásanna nár bhain leis nó gcionn eile.[4]: 192 [3]: 118–125 

San athleagan H níos déanaí later, tá na cúig chonair suite i measc na hocht gcéim de chás dlí:[4]: 191–198 

  1. socraítear dáta don éisteacht
  2. roinntear an conair
  3. tugtar urrús ag an ndá pháirtí, chun iad a cheangal leis an mbreith
  4. pléadáileanna an dá pháirtí a gcás
  5. bréagnaíonn an dá pháirtí argóintí an pháirtí eile
  6. déantar an bhreith
  7. fógraítear an bhreith go poiblí
  8. an deireadh (céim nósúil is dócha, ach is beag é atá ar eolas againn faoi)

Cumadh Cóic Conara Fugill tuairim is san 8ú haois.[7]: fn 1  Scríobhadh an t-athleagan níos luaithe i stíl an Fénechais,[3]: 114  le treithe amhail is meadaracht ársa agus prós lán de thagairtí. Mollan Thomas Charles Edwards go bhfuil an stíl úd bunaithe sa bhéaloideas,[8]: 146–147  agus molann Johan Corthals araon some aspects of the "five paths" show iasachtaí ó theoiric reitriciúil ársa.[9]: 100 

Ba é tátal Thurneysen's gur "téacs marbh" é an córas pléite in Cóic Conara Fugill faoin 10ú nó 11ú haois, bunaithe ar tuairimí dlí-eoluithe níos déanaí air.[10]: 12 

Mhol D. A. Binchy gurbh ag an scoil Nemed, suite b'fhéidir sa Mhumhain, a scríobhadh an t-athleagan níos sine de Cóic Conara Fugill (i dteannta leis na dréachtaí dlí Uraicecht Becc, Bretha Étgid, agus Bretha Nemed Toísech agus Déidenach).[4]: 247  Bhí Binchy den tuairim gur raibh smaointe pagánacha le feiceáil i scríbhneoireacht na scoile úd, ach séanann Donnchadh Ó Corráin, Liam Breatnach agus Aidan Breen an barúil seo.[11]: 22 

Tuilleadh le léamh

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64, and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill. 
  2. 2.0 2.1 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Stacey, Robin Chapman (1994). "The Road to Judgment: From Custom to Court in Medieval Ireland and Wales". Philadelphia, PA: University of Pennsylvania Press. 
  4. 4.0 4.1 4.2 4.3 4.4 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 
  5. eDIL s.v. téchtae
  6. eDIL s.v. athchomarc
  7. Archan, Christophe (2016). "The five paths to a judge: an interpretation of Cóic Conara Fugill (Five Paths to Judgement)". Clio@Themis 10 (10). doi:10.35562/cliothemis.1213. 
  8. Charles Edwards, T. M. (1980). "Review Article: The Corpus Iuris Hibernici". Studia Hibernica (20): 141–162. JSTOR 20496163. 
  9. Corthals, Johan (2021). "Traces of the statūs or constitutiones of ancient rhetorical theory in early Irish?". Zeitschrift für celtische Philologie 68 (1): 99–120. doi:10.1515/zcph-2021-0006. 
  10. Thurneysen, Rudolf (1926). "Cóic Conara Fugill: Die fünf Wege zum Urteil" 7. Berlin: Abhandlungen der Preussischen Akademie der Wissenschafte. 
  11. Kelly, Fergus (1992). "Early Irish law: The present state of research". Études Celtiques 29: 15–23. doi:10.3406/ecelt.1992.1987.