Círéibeacha ciníocha Thuaisceart Éireann 2025
| ||||
| Cineál | círéib | |||
|---|---|---|---|---|
| Tréimhse | 9 Meitheamh 2025 - | |||
| Dáta na bliana | 2025 | |||
| Suíomh | An Baile Meánach, Northern Ireland Béal Feirste, Northern Ireland Port an Dúnáin, Northern Ireland Latharna, Northern Ireland Carraig Fhearghais, Northern Ireland | |||
| Tír | Tuaisceart Éireann | |||
| Rannpháirtí | ||||
| Cúis | ionsaí gnéasach anti-Romanyism (en) frith-imirce | |||
| Líon gortaithe | 63 | |||
| Líon na ngabhálacha | ||||
Bhris círéibeacha frith-inimirceach amach ar an mBaile Meánach agus i Latharna (agus i gCarraig Fhearghais i gCo Aontroma agus i dtuaisceart Bhéal Feirste agus bailte nach iad) idir 9-13 Meitheamh 2025.[1][2][3]



Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh an foréigean ar an 9 Meitheamh tar éis do bheirt ógánach teacht os comhair cúirte i gCúil Raithin agus iarracht ar ionsaí gnéis a dhéanamh ar chailín sa Bhaile Meánach (Clonavon Terrace, ar an 7 Meitheamh) curtha ina leith. Ceithre bliana déag a bhí an bheirt bhuachaillí agus is le cúnamh ó ateangaire a héisteadh an cás. Phléadáil siad neamhchiontach sa chúis;[2] ateangaire a d’aistrigh ó Rómáinis a thug a bhfreagraí.
Ar an 9 Meitheamh, ghlac na céadta daoine páirt i léirsiú in aghaidh na hinimirce i lár an Bhaile Mheánaigh. Nuair a bhí formhór mór an tslua imithe abhaile thug grúpa a raibh púicíní orthu fogha faoi thithe ar Ardán Chluain Abhann, an tsráid ina líomhnaítear gur tharla an t-ionsaí gnéis. Tithe ina raibh cónaí ar dhaoine de bhunadh Roma a ionsaíodh i dtosach – náisiúntacht na mbuachaillí atá cúisithe mar leithscéal ag lucht an fhoréigin. Scaipeadh scéal ar mheáin shóisialta agus ba ghearr go raibh sé soiléir go rabhthas sa tóir ar ‘strainséirí’ de gach cineál. Ionsaíodh tithe agus gnóthais a creideadh gur le hinimircigh iad
Ar an 10 Meitheamh, bhí an foréigean níos measa. Caitheadh buamaí peitril, péint agus ábhar coincréite leis na póilíní i lár an bhaile. Réabadh doirse roinnt tithe, briseadh fuinneoga roinnt eile agus cuireadh tithe trí thine. Lasadh tinte i gceantar tráchtála an bhaile chomh maith.[2] Scaip an trioblóid, roinnt réabadh is damáiste i dtuaisceart Bhéal Feirste, i gCúil Raithin agus i bPort an Dúnáin i measc bhailte eile.
Ar an 11 Meitheamh i Latharna, ionsaíodh an t-ionad fóillíochta, gortaíodh póilíní agus b’éigean mná agus páistí a thabhairt amach cúldoirse.[4]
Scaipeadh scéal faoi bhus lán le Roma a bheith tagtha thar teorann aneas go tuaisceart Aontroma – inimirce mhídhleathach. Fuarthas amach gur bus turasóireachta a bhí ann, ar thuras lae, daoine nár fhan oiread agus oíche amháin.[5]
Ceart
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain na póilíní leas as canóin uisce leis na círéibeoirí a scaipeadh agus scaoil siad roinnt piléar plaisteach freisin. Gortaíodh 64 oifigeach le linn an réabadh in iomlán agus na scórtha gafa – a bhformhór a mbeidh taifead coiriúil acu de bharr a ‘laochais’.[6][5]
Cúiseanna
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuaigh An Baile Meánach i léig sa 20ú haois. Mar shampla dúnadh na monarchana Michelin agus JTI Gallaher. agus poll dubh díobhála atá ann in áiteanna.
Bhí baint mhór ag paraimíleataigh dhílseacha leis an bhforéigean agus bhí bratacha dílseacha crochta i bhfuinneoga a dtithe ag daoine le súil is nach n-ionsófaí iad.[2] Sa bhliain 2018, chuir "Britain First" tús le feachtas frithrialtais sa Bhaile Meánach.[7] Tharla círéib ann i mí Lúnasa 2024 chomh maith.[3]
"Bithiúntas ciníoch" a thug Príomh-Chonstábla cúnta an SPTÉ ar an bhforéigean a tharla in 2025. Dúirt an Príomh-Chonstábla, Jon Boutcher, gur biogóideacht agus ciníochas é agus go mbéarfadh na póilíní orthu sin a bhí freagrach. Léiríodh an brú atá ar an SPTÉ de cheal maoine agus de bharr ganntanas foirne, iad ag brath ar chabhair chúltaca ón mBreatain.[5]
Cháin na páirtithe polaitíochta ar fad an foréigean agus d’achainigh siad ar lucht na gcíréibeacha éirí as. Cháin Sinn Féin, Alliance, SDLP, Pobal seachas Brabús agus an Comhaontas Glas an ciníochas as éadan ach níorbh amhlaidh an scéal leis an DUP agus TUV. Cháin siad an foréigean ach dúirt go gcaithfí “an comhthéacs” a chur san áireamh. Inimirce an comhthéacs, dar leo.
Tharla an t-aighneas, nuair a sheol Gordon Lyons, an tAire Pobal in Stormont, teachtaireacht ar Facebook a deir seisean a bhí ag soiléiriú go raibh daoine a fuair tearmann san ionad fóillíochta i Latharna ansin imithe as. Níor ghlaoigh sé íobartaigh ar na daoine ab éigean a aistriú mar gur ionsaíodh a dtithe. Níor ghlaoigh sé tearmann ar an dídean a fuair siad. De dheasca chur chuige Gordon Lyons, DUP i leith na gcíréibeacha, d’éiligh Sinn Féin, Alliance, an SDLP agus an Comhaontas Glas go n-éireodh sé as oifig mar Aire.[5][8]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Ionsaí scine agus círéib i mBÁC, 2023
- Círéibeacha sa Ríocht Aontaithe 2024
- Agóidíocht frith-inimirce agus frith-chiníochais in Éirinn
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-10). "Caismirtí ar an mBaile Meánach tar éis éisteacht cúirte" (as ga-IE).
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Nuacht RTÉ (2025-06-11). "Círéibeacha sa Bhaile Meánach den dara hoíche as a chéile" (as ga-IE).
- ↑ 3.0 3.1 3.2 Jude Collins (2025-06-11). "Protecting People or Sheer Racism? by Michael Lagan" (en-US). Jude Collins. Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ "Larne: Man speaks of fear during rioting at NI leisure centre" (en-GB). www.bbc.com (2025-06-12). Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ 5.0 5.1 5.2 5.3 Póilín Ní Chiaráin (15 Meitheamh 2025). "Bithiúntas ciníoch atá ann agus meatacht is ea é aon rud eile a rá" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-15.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-06-16). "Bean agus a hiníon (13) sa gCúirt faoi chíréib ó Thuaidh" (as ga-IE).
- ↑ "The riots in Ballymena" (en). Britain First - OFFICIAL WEBSITE. Dáta rochtana: 2025-06-16.
- ↑ "First Minister adds to calls for DUP minister Gordon Lyons to resign for ‘inflaming’ tensions over Larne arson attack" (en). The Irish News (2025-06-12). Dáta rochtana: 2025-06-15.
