Círéibeacha Shasana 2011

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtCíréibeacha Shasana 2011
Íomhá
Map
 51°36′N 0°06′W / 51.6°N 0.1°W / 51.6; -0.1
Cineálethnic riot (en) Aistrigh
creachadh
Robáil
Coirloscadh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse6 - 11 Lúnasa 2011
Dáta na blianaLúnasa 2011 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBirmingham, England
Briostó, England
Midlands Thiar, England
Londain, England
Mórcheantar Mhanchain, England
Merseyside, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna5 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe205 Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#riotcleanup Cuir in eagar ar Wikidata


Cúig lá de fhoréigean, ghadaíocht agus cur in aghaidh na bpóilíní i gcathracha áirithe ar fud Shasana a bhí i gceist le Círéibeacha Shasana 2011, a mhair idir 6 Lúnasa agus 10 Lúnasa 2011. Phléasc na trioblóidí amach sa chéad dul síos mar agóid phoiblí ar lámhachadh fir darbh ainm Mark Duggan ag na bpóilíní i dTottenham tuaisceart Londan ar an 4 Lúnasa. Cuireadh ina leith gur drongadóir agus díoltóir drugaí a bhí ann, rud a bhí séanta ag muintir agus cairde Duggan. Nuair a chuadar ag lorg freagraí ó stáisiún na bpéas, d'eascair cúrsaí as smacht go tobann.

Cé go raibh cuma pholaitiúil ar na heachtraí ar dtús, níorbh fhada go raibh ladar curtha isteach ag slua mór d'ógánaigh eile nach raibh baint ar bith acu le cás Mark Duggan. Bhris foréigean agus gadaíocht amach ar fud na cathrach, agus ar fud na tíre gan mhoill. Déagóirí agus daoine óga lárchathrach a bhí freagrach as, don chuid is mó.

Déanadh ionsaithe ar dhaoine ar na sráideanna, dódh foirgnimh chun talamh agus goideadh cuid mhaith de tháirgí ó siopaí áitiúla. Droch-shampla amháin a tharraing aird an phobail na ionsaí ar eachtrannach óg a bhí gortaithe agus ag cur fola cheana ar thaobh na sráide. Lig an drong orthu go raibh siad ag tabhairt lámh cunta dó, sular ghoideadar rudaí óna mhála.

Maraíodh triúr fear in eachtra amháin ar na sráideanna i mBirmingham ar an 10 Lúnasa. Buaileadh le carr iad, agus an triúr ag iarraidh a gcomharsanachta a chosaint ón slua. Chuir na trioblóidí isteach ar chúrsaí spóirt na tíre, agus an cluiche sacair idir Tottenham agus Everton curtha ar cheal.

Sna meáin, cuireadh an milleán ar lucht óg dífhostaithe na gcathracha. Tuairiscíodh, áfach, go raibh scoláirí agus iar-scoláirí bainteach leis chomh maith.