Jump to content

Cáin chorparáide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Cáin agus fás ioncaim in Éirinn

Cáin a thoibhítear ar bhrabúis trádála, ar ghnóthachain inmhuirir, agus ar ioncam eile cuideachtaí agus comhlachtaí corpraithe, is ea cáin chorparáide[1]cáin chorparáideach.[2]

Tá cáin chorparáide íseal go leor in Éirinn, ag 15%, i gcomparáid le cuid mhaith tíortha eile in iarthar na hEorpa. Mealann an ráta tarraingteach seo comhlachtaí domhanda móra isteach.

Is pointe conspóide é an Cháin Chorporáide íseal ach deir an ESRI go bhfuil ról tábhachtach ag an ioncam ón gcáin sin san Airgeadas Poiblí agus go mbeidh torthaí dona ann má chailltear é.[3]

Is €23 billiún i gcánacha a bailíodh ó chorparáidí in Éirinn sa bhliain 2022, ar ardú 48% é ón mbliain roimhe sin.[4]

Léirigh anailís ag na Coimisinéirí Ioncaim gur ó dheich gcomhlacht a tháinig 57% den cháin chorparáideach a íocadh in Éirinn in 2022. Sin 28% den cháin uile a íocadh.

Sa bhliain 2023, thosaigh an rialtas ag cur cuid den airgead a fhaightear ó chorparáidí i dtaisce i gciste infheistíochta poiblí,[4] Ciste Bonneagar, Aeráide agus Nádúir agus Future Ireland Fund

Mheas an CCBÉ in 2026 go raibh trí chomhlacht ilnáisiúnta - Apple, Microsoft agus Eli Lilly - ag íoc 46% den cháin chorparáideach ar fad a bhailigh an Stát in 2024. D'íoc na trí chomhlacht thart ar €13 billiún i gcáin chorparáideach leis an Stát in 2024 agus gurb iad Apple agus Microsoft, thar Eli Lilly, a d'íoc a bunáite sin – os cionn €11 billiún.

Thug an Chomhairle foláireamh  : "Neamhchinnteacht shuntasach ag baint leis na brabúis a dhéanfaidh Apple agus Microsoft san am le teacht'. Ach sin ráite, creideadh go méadódh brabúis Apple agus Microsoft, go háirithe agus an réimse intleachta shaorga ag fás as miosúr (agus an dála céanna ag Eli Lilly, agus an-éileamh ar na cógais diaibéitis agus otrachta a dhéanann siad sna 2020idí). [5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. ""cáin chorparáide"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2023-04-26.
  2. Cáin chorparáideach = i mBéarla, corporation tax (R-A) ; Cáin chorparáide = i mBéarla, corporate tax (SAM & idirnáisiúnta)
  3. Conradh na Gaeilge Londain (29 Márta 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-03-29.
  4. 1 2 Nuacht RTÉ (2023-04-26). "Deich gcomhlacht a d'íoc 57% den cháin chorparáideach in 2022" (as ga-IE).
  5. Nuacht RTÉ (2026-02-19). "'Trí chomhlacht ag íoc 46% de cháin chorparáideach an Stáit'" (as ga).