Cábla fomhuirí

Téann 99% d’eolas teicneolaíoch an domhain trí cháblaí fomhuirí (cábla fo-thoinn nó cábla fomhuirí).[1][2] Tá tuairim is 500 acu ar fud na cruinne agus breis is 1.4 milliún ciliméadar de chábla i gceist. Fiú i ré na satailítí, is faoi thoinn atá an t-ollbhealach eolais ag gluaiseacht seachas os ár gcionn in airde.[3]
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir an cábla fomhuirí tús le ré an eolais. Sna 1840idí is ré eile ar fad a bhí againn agus an scaipeadh eolais ag brath ar dhúch agus ar pháipéar. Ach in 1844 sheol Samuel F. B. Morse teachtaireacht theileagrafach ó Washington DC go Baltimore. Bhí athruithe claochlaitheacha ar na bacáin.
Leagadh an chéad chábla cumarsáide trasatlantach idir an Eoraip agus Meiriceá Thuaidh sa bhliain 1866.[4] Síneadh cábla teileagrafach ó Heart’s Content i dTalamh an Éisc go hOileán Dairbhre. Chiallaigh sin go rabhthas ábalta teachtaireacht a sheoladh 3,000 ciliméadar trasna an Atlantaigh i gcúpla nóiméad, teachtaireacht a thógadh cúpla seachtain roimhe sin. Cuireadh deireadh leis an tseirbhís i 1966.[4]
Éire
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá Éire suite in áit straitéiseach agus tá freagracht shuntasach ar an tír i leith na gcáblaí idirnáisiúnta dá bhíthin sin. 75% de cháblaí cumarsáide na leathchruinne thuaidh, téann siad tríd Éirinn nó i ngaireacht di agus táthar amhrasach faoina shláine ar ionsaí atá siad. Táthar imníoch go háirithe faoi inlíochtaí Chabhlach na Rúise amach ó chósta thiar theas na hÉireann. Ag an am céanna, caitheann na hÉireann 0.2% dá holltáirgeacht intíre ar chúrsaí cosanta, an méid is lú san Eoraip.[5]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Submarine communications cable" (as en) (2025-02-03). Wikipedia.
- ↑ "Submarine power cable" (as en) (2025-02-04). Wikipedia.
- ↑ Breandán M Mac Gearailt (19 Lúnasa 2024). "Dúléim na guaise ó Dhairbhre go Talamh an Éisc" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-02-20.
- ↑ 4.0 4.1 Nuacht RTÉ (2016-07-05). "Athchóiriú ar stáisiún cábla Dhairbhre" (as en).
- ↑ Nuacht RTÉ (19 Fea 2025). "Imní faoi chomh slán ar ionsaí atá cáblaí fomhuirí" (as ga-IE).