Bunreacht na Fraince

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBunreacht na Fraince
Map
Lipéad sa teanga dhúchais(fr) Constitution française
(fr) Constitution française du 4 octobre 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálbunreacht Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse4 Deireadh Fómhair 1958 - 
ÚdarMichel Debré agus Charles de Gaulle Cuir in eagar ar Wikidata
Teacht i bhfeidhm4 Deireadh Fómhair 1958 Cuir in eagar ar Wikidata
Aisghaireann séFrench Constitution of 1946 (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Bunaithe arDeclaration of the Rights of Man and of the Citizen (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Baint le limistéar údaráisan Fhrainc Cuir in eagar ar Wikidata
Sínitheoir

Obair iomlán ar fáil ag URLconseil-constitutionnel.fr… Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh gréasáinconseil-constitutionnel.fr… Cuir in eagar ar Wikidata


Glacadh le Bunreacht reatha na Fraince ar an 4 Deireadh Fómhair 1958.[1] Tugtar "Bunreacht na Cúigiú Poblachta" air de ghnáth, agus chuaigh sé in ionad Bhunreacht na Ceathrú Poblachta ó 1946. Ba é Charles de Gaulle an príomhdhuine taobh thiar de, cé gur dhréachtaigh Michel Debré an téacs. Thug an Bunreacht nua cumhachtaí breise do Uachtarán na Fraince.[2]

Ón 1958 go dtí 2008, leasaíodh an bunreacht ocht n-uaire déag.

Achoimre[cuir in eagar | athraigh foinse]

Meabhraíonn brollach an bhunreachta an Dearbhú um Chearta an Duine agus an tSaoránaigh ó 1789 agus bunaíonn sé an Fhrainc mar phoblacht shaolta agus dhaonlathach, agus is ón bpobal a thagann an cheannasacht.

Déanann sé socrú chun an tUachtarán agus an Pharlaimint a thoghadh, an Rialtas a roghnú, agus an socrú maidir leis na cumhachtaí a bhaineann leo araon agus an bhaint a bhíonn eatarthu. Cinntíonn sé go mbíonn údarás breithiúnach ann agus cruthaíonn sé Ard-Chúirt (cúirt chun breith a thabhairt ar an Uachtarán ach níor comóradh an chúirt riamh), Comhairle Bhunreachtúil, agus Comhairle Eacnamaíoch agus Shóisialta. Ceapadh é chun Uachtarán láidir ó thaobh na polaitíochta de a chruthú.

Ceadaítear leis an mBunreacht conarthaí idirnáisiúnta agus conarthaí a bhaineann leis an Aontas Eorpach a dhaingniú. Níl sé soiléir cé acu an bhfuil an fhoclaíocht (go háirithe forchoimeádais na cómhalartachta) ag luí le dlí an Aontais Eorpaigh, nó nach bhfuil sí.

Leagann an Bunreacht modhanna amach maidir le conas a leasaítear é chomh maith -

  • trí reifreann a eagrú nó
  • trí phróiseas parlaiminte in éineacht le toiliú an Uachtaráin.
De Gaulle 16 Bealtaine 1958

Is é seo a leanas an gnáthnós imeachta a bhaineann le leasú bunreachta: ní mór do dhá thithe na Parlaiminte an leasú a ghlacadh i dtéarmaí comhionanna,agus ansin ní mór an leasú a glacadh trí thromlach simplí le linn reifrinn, nó trí 3/5 de chomhsheisiún na tithe araon den Pharlaimint (Comhdháil na Fraince) (airteagal 89). Ach, sheachain an tUachtarán Charles de Gaulle an nós imeachta reachtaíochta seo in 1962 agus chuir sé leasú bunreachta go díreach faoi bhráid an phobail i reifreann (airteagal 11), agus glacadh leis an leasú. Bhain conspóid leis an gcinneadh sin ag an am; rialaigh an Chomhairle Bhunreachtúil, áfach, gur glacadh leis an leasú, os rud é go raibh friotal curtha ar thoil na ndaoine ceannasacha.

Ar an 23 Iúil 2008, rith an Pharlaimint athchóirithe bunreachta molta ag an Uachtarán Nicolas Sarkozy,[3] Tugadh teorainn de dhá théarma i leith na huachtaránachta isteach, ceart don pharlaimint roinnt ceapachán ón uachtarán a chrosadh, deireadh a chur le rialú an rialtais ar chóras coiste na parlaiminte, agus a clár oibre féin a shocr. Tugadh cead don uachtarán aithisc a thabhairt don pharlaimint agus í ar seisiún, agus cuireadh deireadh le ceart an uachtaráin comhphardúin a thabhairt.

Iarbhunreachtanna






Iarbhunreachtanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí bunreachtanna líonmhara ag an bhFrainc roimhe seo.

Bunreacht, 22 août 1795). Déclaration des Droits et des Devoirs de l'Homme et du Citoyen
  • Is é a bhí i gceist leis an ancien régime ná monarcacht absalóideach agus ní raibh bunreacht fhoirmiúil i bhfeidhm le linn na tréimhse seo; go bunúsach, bhain an réimeas feidhm as gnáthdhlí
  • Bhí roinnt bunreachtanna i bhfeidhm le linn na Ré Réabhlóidí:
    • Bunaíodh Ríocht na bhFrancach, monarcacht bhunreachtúil, agus an Comhthionól Reachtaíochta le Bunreacht na bliana 1791, a glacadh an 3 Meán Fómhair 1791.
    • Tionscadal bunreachtúil na nGioróndach a bhí á ghlacadh roimh an coup a chuir an faicsean Montagnard i gceannas.
    • Bunreacht na bliana 193, a daingníodh an 24 Meitheamh 1793 ach níor cuireadh i bhfeidhm é mar gheall ar ghnáth-dhlíthiúlacht uile a chur ar fionraí an 10 Deireadh Fómhair 1793 (faoi Chéad Phoblacht na Fraince).
    • Bunreacht na bliana 1795, a glacadh 22 Lúnasa 1785 agus a bhunaigh an Díreachtóireacht.
    • Bunreacht na Bliana VIII, a glacadh an 24 Nollaig 1799, a bhunaigh an Chonsalacht.
    • Bunreacht na Bliana X, a glacadh an 1 Lúnasa 1802, a bhunaigh an Chonsalacht Saoil.
    • Bunreacht na Bliana XII, a glacadh an 18 Bealtaine 1804, a bhunaigh Céad Impireacht na Fraince.
  • 1852
    I ndiaidh athghairm na Monarcachta
    • Cairt na bliana 1814, a glacadh an 4 Meitheamh 1814, a bhunaigh Athghairm na mBúrbónach.
    • Cairt na bliana 1815, a glacadh an 22 Aibreán 1815, a baineadh úsáid aisti le linn na gCéad Lá.
    • Cairt na Bliana 1830, a glacadh an 14 Lúnasa 1830, a bhunaigh Monarcacht an Iúil.
  • An 19ú hAois
    • Bunreacht na Fraince ón mbliain 1848, a glacadh an 4 Samhain 1848, a bhunaigh Dara Poblacht na Fraince.
    • Bunreacht na Fraince ón mbliain 1852, a glacadh an 14 Eanáir 1852, a bhunaigh Dara Impireacht na Fraince.
    • Dlíthe Bunreachtúla na Fraince ón mbliain 1875 ó Thríú Poblacht na Fraince, a glacadh an 24 agus 25 Feabhra agus an 16 Iúil 1875.
  • An 20ú hAois
    • Dlí Bunreachtúil na Fraince ón mbliain 1940, a glacadh an 10 Iúil 1940, a bhunaigh an Fhrainc Vichy.
    • Dlí Bunreachtúil na Fraince ón bliain 1945, a glacadh sa bhliain 1945, a bhunaigh Rialtas Sealadach Phoblacht na Fraince.
    • Bunreacht na Fraince ón mbliain 1946, a glacadh an 27 Deireadh Fómhair 1946, a bhunaigh Ceathrú Poblacht na Fraince.
    • Bunreacht na Fraince ón mbliain 1958, a glacadh an 4 Deireadh Fómhair 1958, a bhunaigh Cúigiú Poblacht na Fraince - an Bunreacht atá i bhfeidhm faoi láthair.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Conseil constitutionnel (inniu). "Téacs - Texte intégral de la Constitution du 4 octobre 1958 en vigueur" (fr). www.conseil-constitutionnel.fr. Dáta rochtana: 2020-10-04.
  2. Roger Darlington. "French political system - a short guide". www.rogerdarlington.me.uk. Dáta rochtana: 2020-10-04.
  3. "La réforme de 2008 sur la modernisation des institutions | Vie publique.fr". www.vie-publique.fr. Dáta rochtana: 2020-11-16.