Buamáil Bhostúin (2013)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
1st Boston Marathon blast seen from 2nd floor and a half block away.jpg
Cuimhneachán

Tharla Buamáil Bhostúin ar an 15 Aibreán, 2013, Phléasc dhá bhuama de dhéantús baile, 12 soicindí agus 190m eatarthu, ag 2:49 p.m., i ngar den líne chríche. Maraíodh triúr agus gortaíodh 264 duine mar gheall ar an ionsaí.[1]

níos luaithe
Ceolchoirm "Boston Strong" - 30 Bealtaine, 2013

Sa bhliain 2015, bhí Dzhokhar Tsarnaev, fear 21 bliain d'aois, ciontaithe ag giúiré i mBostún i gcomhcheilg a bheith ar bun aige arm mórscriosta a úsáid. Bhí tríocha cúis atá curtha ina leith.[2] Póilín de bhunadh na hÉireann - Joseph Reynolds[3] - an chéad duine a chonaic Tamerlan (maraíodh é níos déanaí) agus Dzhokar Tsarnaev agus iad ar a dteitheadh i Watertown in iarthuaisceart Bhostúin trí lá i ndiaidh na buamála. [4]

Breith d'aon ghuth a bhí ann. D'iarr an chosaint ar an mbreitheamh an triail a aistriú go cathair eile, ach diúltaíodh don iarratas.

Baineann an ciontú leis an ionsaí buamála ag maratón Bhostúin ar 15 Aibreán 2013.

Scannán[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rinneadh scannán de, "Patriots' Day".[5] Bhí ionadaithe Katherine Russell[6] (bean chéile an bhuamálaí a cailleadh) ag píopaireacht faoin éagóir a rinne an scannán uirthi agus bhí cairde ollscoile leis an mbuamálaí a mhair, agus ar cuireadh ina leith go ndearna siad fianaise a cheilt, in adharca an chórais dlí agus cirt.[7]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2015-04-08). "Dzhokhar Tsarnaev ciontaithe ag giúiré i mBoston" (in en). 
  2. Nuacht RTÉ (2015-01-05). "Giúiré á roghnú do chás Dzhokhar Tsarnaev i mBostún" (in en). 
  3. B'as Béal an Daingin i gConamara seanmháthair agus seanathair Joseph Reynolds, agus as an mBóthar Mór i nGaillimh a mháthair.
  4. Nuacht RTÉ (2015-03-05). "Ceangal ag cás cúirte Bhostúin le Gaillimh" (in en). 
  5. "Patriots Day Official Trailer #1 (2017) Mark Wahlberg, Kevin Bacon Drama Movie HD" (in en) . 
  6. "The Boston Bomber's Wife Is Embracing New Beginnings" (en-US). Distractify. Dáta rochtana: 2021-04-19.
  7. Breandán M Mac Gearailt (2017). "LÉIRMHEAS SCANNÁIN: Ní achrann go dtí pléascadh Patriots Day" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-04-19.