Buamáil Hyde Park agus Regent's Park (1982)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Hyde Park agus Regent's Park
Íomhá
Map
 51°31′35″N 0°09′27″W / 51.52652°N 0.157443°W / 51.52652; -0.157443
Cineálionsaí buamála Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana20 Iúil 1982 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHyde Park, England
Regent's Park, England Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Ríocht Aontaithe Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Líon básanna11
7 Cuir in eagar ar Wikidata


Cuimhneachán an mharcshlua

Ar an 20 Iúil 1982 tharla buamáil Hyde Park agus Regent's Park i Londain. Maraíodh ceathrar saighdiúir san ionsaí agus gortaíodh 31 eile.[1]

Imeachtaí dlí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí John Downey, fear as na hArdaí, An Craoslach i nDún na nGall, ar a sheachnadh ar feadh na mblianta. Ach sa bhliain 2007, chuir Rialtas na Breataine litir chuige ag rá leis nach rabhthar a lorg don ionsaí níos mó.

Ardchúirt i Londain

2014[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh Downey ar a thriail sa bhliain 2014 faoin ionsaí. Ach thit an cás as a chéile i ngeall ar an litir a bhí faighte aige in 2007.[2] Throid dlíodóirí Downey an cás bunaithe ar an litir sin a fuair Downey faoin scéim 'On the Run', áit ar chur Rialtas na Breataine in iúl dó nach mbeadh coireanna a gcur i leith grúpaí sceimhlitheoireachta a bhí gníomhach le linn na dTrioblóidí.[3] Ach de thaisme a sheol an Rialtas an litir.[4] D’ainneoin an bhotúin, chinn an Breitheamh gur thug an litir faoiseamh ó chúiseamh do Downey.[5]

2018-2019[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ansin in 2018, ghlac teaghlaigh na mairbh cás sibhialta san Ardchúirt i Londain in éadan Downey, maidir leis an ról a líomhnaítear a bhí aige sa bhaumaíl.[6] Tugadh le fios sa chúirt go raibh fianaise ann i bhfoirm lorg meara a deirtear a cheanglaíonn Downey leis an bhuama. Rialaigh an Breitheamh Yip san ardchúirt go raibh Downey ina rannpháirti gníomhach sa bhuamáil agus go raibh sé féin chomh maith le daoine eile freagrach as an bhaumáil.[7]

Ach faoi dheireadh, thit an cás siabhalta as a chéile chomh maith. Ní raibh Downey páirteach sa triail ach scríobh sé litir cosanta ag séanú aon bhaint a bheith aige leis an ionsaí.

Regent's Park

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2018-09-13). "Dáta socraithe do chás sibhialta in éadan John Downey" (as ga). 
  2. Sa bhliain 2018, i gcás eile. rialaigh Breitheamh gur féidir Downey a eiseachadadh go dtí an Tuaisceart maidir le dúnmharú beirt shaighdiúir ó Reisimint Chosanta Uladh nó an UDR i 1972 in Inis Ceithlinn agus as páirt a ghlacadh i mbuamáil. Bhásaigh na saighdiúirí nuair a phléasc buama i ngluaisteán a bhí a sheiceáil acu. https://www.rte.ie/news/nuacht/2019/0301/1033695-cead-downey-a-eiseachadadh-go-tuaisceart-eireann-ard-chuirt/
  3. Nuacht RTÉ (2019-03-01). "Nuacht an Tuaiscirt: Cead Downey a eiseachadadh" (as ga). 
  4. "Ex-IRA man John Downey arrested in connection with 1972 murder of two UDR officers" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  5. Póilín Ní Chiaráin (2015). "Tony Blair: ‘laoch’ nó ‘náire shaolta’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-20.
  6. Raidíó na Gaeltachta. "nuacht an Tuaiscirt". Dáta rochtana: 2018.
  7. Raidíó na Gaeltachta (2019-12-18). "Nuacht an Tuaiscirt: 18 Nollaig 2019" (as ga).