Buamáil Divis (1982)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Buamáil Divis, 1982)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtBuamáil Divis
Map
 54°36′N 5°56′W / 54.6°N 5.94°W / 54.6; -5.94
Dáta na bliana1982 Cuir in eagar ar Wikidata


Túr Divis

Tharla buamáil Divis ar an 16 Meán Fómhair 1982, nuair a phléasc buama de chuid an INLA i dtúr Divis, árasán in iarthar Bhéal Feirste. Maraíodh saighdiúir, Kevin Waller (20), agus beirt pháistí, Stephen Bennet (14) agus Kevin Valliday (12).[1] Gortaíodh daoine eile go dona, saighdiúir san áireamh le gortuithe a chuir ó chumas é.

Sa bhliain 1987, gearradh príosún saoil ar Martin McElkerney. Scaoileadh as an bpríosún é i 1999 nuair a tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm.

graifítí INLA

Chuir Martin McElkerney lámh ina bhás féin ar 17 Bealtaine 2019.[2] Bhí sé pósta agus triúr clainne aige.[3][4] Dúradh go raibh na céadta cosúil leis, iarphríosúnaigh a raibh fadhbanna fisicúla, ólacháin nó caidrimh acu nó an galar dubhach orthu.[5]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Guilt may have led to INLA killer’s suicide says soldier who served with victim" (en-GB). belfasttelegraph. Dáta rochtana: 2020-09-16.
  2. "INLA activist dies after being found shot in Belfast cemetery" (en). the Guardian (2019-05-17). Dáta rochtana: 2020-09-16.
  3. "Funeral Times | Death Notice Martin McELKERNEY". www.funeraltimes.com. Dáta rochtana: 2020-09-16.
  4. "Saint Peter's Cathedral Parish Belfast" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-09-16.
  5. Robert McMillen. "Beirt fhear chonspóideacha" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-09-16.