Jump to content

Aitheantas Digiteach na Ríochta Aontaithe

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Brit Card)
Glactar le cártaí aitheantais san Aontas Eorpach[1]

D’fhógair Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer ar an 25 Meán Fómhair go mbeidh Scéim Cárta AitheantaisAitheantas Digiteach na Ríochta Aontaithe[2] á cur i bhfeidhm roimh dheireadh shaolré an rialtais in 2029. Níor ghlac sé i bhfad ansin gur cuireadh an t-ainm 'Britcard'[3] nó ‘Breatchárta’ ar an scéim.[4]

Cur i bhfeidhm

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is córas é an cárta aitheantais atá molta a bheidh mar shlí oifigiúil chun céannacht daoine a dhearbhú. Is é croílár an phlean ná córas digiteach a chruthú a chuirfidh ar chumas údarás stáit faisnéis phearsanta a stóráil agus a rochtain ar bhealach éifeachtach. De réir phlean an rialtais, beidh an t-aitheantas de dhíth ag oibrithe ach dúirt an rialtas nach mbeidh ar dhaoine an t-aitheantas a iompar nó a thaispeáint.

Tá súil ag an rialtas go mbeidh sé ina uirlis láidir chun rialú a dhéanamh ar an lucht oibre agus chun monatóireacht a dhéanamh ar ghluaiseacht daoine. Is mian leis an rialtas an cárta a thabhairt isteach chun dul i ngleic chomh maith leis an ardú ar líon na n-imirceach atá ag teacht trasna Mhuir nIocht go mídhleathach.

Tá roinnt cúiseanna curtha ar fáil ag Rialtas Pháirtí an Lucht Oibre chun an scéim seo a chosaint. Dá mba rud é go n-oibreodh an córas mar atá beartaithe, d'fhéadfadh roinnt buntáistí a bheith ann:

Rialú níos fearr ar an lucht oibre: D'fhéadfadh sé bheith níos éasca a fhíorú go bhfuil cead ag daoine oibriú sa Bhreatain, rud a chuirfeadh cosc ar an scáthgheilleagar i roinnt réimsí. Tá sé beartaithe ag an rialtas go gcuirfidh an córas aitheantais cosc níos fearr ar fhostóirí a bheadh ag iarraidh daoine gan cead oibre a fhostú.

Próiseas aitheantais níos simplí: D'fhéadfadh go mbeadh córas amháin lárnach níos éasca ná cáipéisí éagsúla a bheith ag teastáil i gcúinsí difriúla.

Slándáil phoiblí: Cuideodh an córas le gardaí agus le húdaráis eile faisnéis faoi dhaoine a rochtain go tapaidh, rud a fheabhsódh an tslándáil phoiblí.

Éifeachtúlacht riaracháin agus tacaíocht do sheirbhísí poiblí: Má bhíonn faisnéis lárnach ar fáil, d'fhéadfadh sé bheith níos tapúla do dhaoine rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte nó sóisialta.

Nigel Farage glan in aghaidh

Míbhuntáistí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí dearcadh an phobail i gcoitinne ina choinne. Tháinig cur in éadan an phlean ó gach cearn den domhan polaitíochta, fiú páirtí Starmer féin. Shínigh 2.8 milliún duine achainí ina choinne.[4]

Tharraing plean Starmer na páirtithe sna Sé Chontae le chéile. Chomh luath agus a cuireadh an t-ainm 'Britcard' ar an scéim, chuir na páirtithe náisiúnaithe seasamh ina choinne in iúl go gasta. Agus labhair an DUP, na cosantóirí is láidre de chearta an duine aonair amach faoin scéim fosta.[4]

Bhí go leor fadhbanna tromchúiseacha bainte amach ag lucht léirmheasa an phlean:

Sárú ar phríobháideachas: Is é seo an príomhcheist atá ag formhór na ndaoine sa Ríocht Aontáithe. Tá cuid den phobal buartha go bhféadfadh an córas seo a bheith níos cuimsithí ná mar a dúradh go hoifigiúil. Tá imní ann go dtabharfadh an córas seo an iomarca cumhachta don rialtas maidir le faisnéis phearsanta a bhailiú agus a roinnt (ach níl imní ann san Aontas Eorpach agus cártaí aitheantais in úsáid le fada). Mar shampla, luaigh an UUP go sáraíonn an tionscnamh seo an "ceart chun príobháideachta".

Gavin Robinson glan in aghaidh

Maorlathas: Dar le Gavin Robinson ón DUP, is leibhéal eile de mhaorlathas í an scéim seo "i gcoinne an ghnáthshaoránaigh". Tá eagla ar dhaoine go n-úsáidfear an córas chun monatóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí daoine nach bhfuil aon bhaint acu le coireacht ná le hinimirce.

Ceisteanna bunreachtúla: I gcomhthéacs na Sé Chontae, dúirt Michelle O'Neill go sáraíonn plean Starmer Comhaontú an Aoine Chéasta agus gur "ionsaí" é ar chearta na saoránach Éireannach. Ach tá paschárta na hEireann le fáil sa Tuaisceart.

Costas: Cé nach bhfuil figiúirí oifigiúla eisithe fós, is cinnte go mbeidh an córas seo "costasach" le cur i bhfeidhm agus le cothabháil (ní fadhb í seo san Aontas Eorpach).

Sábháilteacht sonraí: Tá stair fhada ag rialtais na Breataine maidir le tionóiscí sonraí agus le córais theicniúla a theip. Tá baol ann go bhféadfadh an córas seo a bheith i mbaol ó hacadóirí nó go bhféadfaí faisnéis phearsanta a sceitheadh (níor tharla a leithéid riamh san Aontas Eorpach, agus cártaí aitheantais in úsáid le fada).

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. "National identity cards in the European Economic Area and Switzerland" (as en) (2025-09-29). Wikipedia. 
  2. i mBéarla, UK Digital ID
  3. nó "Brit Card"
  4. 4.0 4.1 4.2 Jack Mac Íomhair (13 DF 2025). "Britcard: an rud is annamh is iontach... < Meon Eile" (ga-IE). www.meoneile.ie. Dáta rochtana: 2025-10-13.
  5. Citizensinformation.ie. "Pasanna Éireannacha - forbhreathnú" (ga). www.citizensinformation.ie. Dáta rochtana: 2025-10-13.
  6. Is doiciméad taistil é paschárta pas Éireannach ar féidir leat é a úsáid le haghaidh taistil san Aontas Eorpach, sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (lena n-áirítear an Íoslainn, Lichtinstéin agus an Iorua) agus san Eilvéis in ionad leabharphas. Tá méid an chárta cosúil le cárta creidmheasa.