Jump to content

Brian Wilson

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBrian Wilson

(1990) Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith(en) Brian Douglas Wilson Cuir in eagar ar Wikidata
20 Meitheamh 1942
Centinela Hospital Medical Center ()
Bás11 Meitheamh 2025
82 bliana d'aois
Beverly Hills (Stáit Aontaithe Mheiriceá)
Áit adhlacthaWestwood Village Memorial Park Cemetery (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
Scoil a d'fhreastail sé/síEl Camino College (en) Aistrigh
Hawthorne High School (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Teanga dhúchaisBéarla
Gníomhaíocht
Réimse oibrePop rac, ceol, music production (en) Aistrigh, music composition (en) Aistrigh, amhránaíocht, bass guitar performance (en) Aistrigh agus keyboard instrument performance (en) Aistrigh
Gairmamhránaí, aisteoir, pianódóir, cóiritheoir ceoil, feidhmiúchán ceoil, giotáraí, dordghiotáraí, léiritheoir ceirníní, amhránaí is scríbhneoir, ceoltóir, cumadóir, cumadóir amhrán, méarchláraí Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse oibre1961 –  2022
Ball de
SeánraPopcheol agus rac-cheol
TeangachaBéarla
Cineál guthaTeanóir

UirlisCeol gutha, pianó, uirlis mhéarchláir, dordghiotár, méarchlár ceoil agus recording studio as an instrument (en) Aistrigh
Lipéad ceoilCapitol Records
Sire
Brother Records
Reprise Records Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileMarilyn Wilson (1964–1979)
Melinda Ledbetter (en) Aistrigh (1995–2024), bás a c(h)éile Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCarnie Wilson
 ( Marilyn Wilson)
Wendy Wilson
 ( Marilyn Wilson) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairMurry Wilson  agus Audree Wilson (en) Aistrigh
SiblínDennis Wilson agus Carl Wilson
Duine muintearthaMike Love (col ceathair fireann)
Stan Love (col ceathair fireann)
Kevin Love (col cúigir) Cuir in eagar ar Wikidata
Gradam a fuarthas
Síniú

Suíomh gréasáinbrianwilson.com Cuir in eagar ar Wikidata
IMDB: nm0933092 FilmAffinity: 228317953 Allocine: 36574 Rottentomatoes: celebrity/brian_wilson_2 Allmovie: an95135 TV.com: people/brian-wilson-1 IBDB: 84068 TMDB.org: 23185
Facebook: officialbrianwilson X: BrianWilsonLive Instagram: brianwilsonlive Youtube: UCicb5MX4W2afpGdtZuim55A TikTok: brianwilson Soundcloud: brianwilsonmusic Spotify: 4Q82S0VzF8qlCb4PnSDurj Apple Music: 61573 Last fm: Brian+Wilson Musicbrainz: 634fe78e-fc6b-4b2a-ba83-c8c66e13a8aa Songkick: 547191 Discogs: 189718 Allmusic: mn0000625736 Amazon Music: B001Q5CVPA Goodreads author: 1354216 Find a Grave: 283871539 Deezer: 78978002 Cuir in eagar ar Wikidata
1963

Amhránaí agus cumadóir amhrán mór le as i Hawthorne, California, rá ba ea Brian Wilson ( 20 Meitheamh 1942 – 11 Meitheamh 2025). Bhí sé ar dhuine de bhunaitheoirí an bhanna ceoil, The Beach Boys, sna seascaidí agus bhí sé ina cheann feadhna ar an ngrúpa ó thaobh an cheoil de.

1971
1990

Bhain The Beach Boys cáil amach mar gheall ar a bhfoinn bhinne agus an nasc idir a gceol agus an cultúr surfála, rud atá le clos sna hamhráin ar nós “Surfin’ USA’, “Surfin’ Safari” agus “Surfer Girl”. Mar léiritheoir ceoil, bhí sé freagrach as fuaim shainiúil na Beach Boys, go háirithe trí úsáid nuálach a bhaint as armónachas gutha agus teicnící taifeadta. Is é an t-albam “Pet Sounds” (1966) an ceirnín a bhfuil an cháil is mó air, agus, de réir go leor daoine, is é an t-albam is fearr a taifeadadh riamh.[1] Ba é Wilson a cheap agus a stiúir é beagnach ina aonar.

D’fhulaing Wilson le fadhbanna meabhairshláinte le linn a shaoil, agus de réir a chomhpháirtithe sa ghrúpa, mhéadaigh a úsáid drugaí, go háirithe LSD, a chuid fadhbanna. Tharraing sé siar go mór ó léirithe beo agus ó chúraimí bainistíochta an ghrúpa.

Bhí blianta corracha aige sna seachtóidí agus sna hochtóidí. D’fhulaing sé ó scitsifréine éadrom agus dúlagar, agus chaith sé blianta á chóireáil, uaireanta ar bhealaí conspóideacha.

Tháinig feabhas ar a shaol arís nuair a phós sé Melinda Ledbetter in 1995 agus chuaigh sé thar n-ais ar chamchuairteanna. Fágann Wilson oidhreacht ollmhór ar an gceol agus ar an gcultúr den bhfichiú haois.[1]

Tá tionchar a chuid oibre le sonrú i gceol ilghnéitheach ó na 1960idí ar aghaidh. Bhí gradam Grammy faighte aige agus glacadh leis san Rock and Roll Hall of Fame i 1988 mar bhall de na Beach Boys.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  • The Beach Boys
  1. 1.0 1.1 Conradh na Gaeilge, Londain (14 Meitheamh 2025). "Nuacht Mhall (An Clár)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-14.