Bretha Déin Chécht
Cineál | téacs ![]() |
---|---|
Sraith | |
Cuid de | Seanchas Mór ![]() |

Is luaththéacs dlí den chuid An Fhéineachais é Breitheanna Dhéin Chéacht (Bretha Déin Chécht) ina bpléitear le hairgead dlite do dhaoine gortaithe. Dar leis an teideal, is leis an lia miotaseolaíoch Dían Cécht an dréacht.
Is é an ceathrú téacs is tríocha é atá le fáil san Senchas Már. Faightear é díreach i ndiaidh an dréacht Bretha Crólige, chomh-théacs ina bpléitear gortú mídhleathach.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Caomhnaítear an téacs iomlán de Bretha Déin Chécht ach in aon lámhscríbhinn amháin, Leabharlann Náisiúnta na hÉireann MS G 11, i dteannta le trí théacs eile as an trian deiridh den Senchas Már.[1]: 90, 303 Chur D. A. Binchy an chuid seo in eagar, le haistriúchán Béarla agus léargas, sa bhliain 1966. Tá roinnt sleachta agus léargais fós ann, cé níos lú ná Bretha Crólige. Faightear sliocht mar dhea as Bretha Déin Chécht in Bretha Étgid, is dócha ámh cumadóireacht níos déanaí.[2]: 1
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is é an dréacht Bretha Déin Chécht an ceathrú is tríocha sa bhailiúchán dlí, an Senchas Már, le fáil ann sa trian deiridh.[1]: 303 Meastar de ghnáth gur as deireadh na seachtú haoise nó tús na hochtú é an Senchas Már.[3]: 33 Tagann Bretha Crólige, chomh-dhréacht ina bpléitear le gortú mídhleathach, díreach roimhe sa Senchas.[1]: 303 [4]: 18
Pléitear in Bretha Déin Chécht go formhór le hairgead gur gá cúisí a íoc de bharr gortaithe, an chuid don lia agus don íospartach araon.[5]: 131, 271 Is amhlaidh gur chuir na sraitheanna pionós casta (agus uaireanta frithráiteach) mearbhall ar tráchtairí níos déanaí. Dúirt duine amháin dóibh gur anaicne diancecht (.i. (dlí) as an gcoitiantacht Déin Chécht) é an téacs.[6]: 381 [2]: 5
Deirtear go raibh Dían Cécht, lia na dTuath Dé Danann as Miotaseolaíocht na nGael, ina údar an téacs.[6]: 381 [7] Sa réamhrá leath-stairiúil a cuireadh leis an Senchas Már níos déanaí, feictear Dían Cécht go follasach sa liosta, curtha le chéile ag Naomh Pádraig agus a ghiollaí, d'údair réamh-Chríostaí a glacadh a mbreithiúnas óir nár tháinig siad salach ar chreideamh Críostaí.[2]: 2
Nochtann Bretha Crólige agus Bretha Déin Chécht go leor faoin méid eolais agus na leighis a bhí ar fáil le linn na ré sin.[8]: 234 Mar shampla, aithnítear sé shórt gortú fiacaile, agus pionóis éagsúla ar gach ceann acu.[5]: 132 Ní fheictear i lámhscríbhinní leighis eile ach eolas i bhfad níos óige, go formhór thógtha as foinsí Araibise.[2]: 5
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Binchy, D. A. (1978). "Corpus Iuris Hibernici (6 iml.)". Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath. 2283.1-4; 1212.35-1213.2. (eagrán dioplómaitiúil de lámhscríbhinní Bretha Déin Chécht).
- Binchy, D. A. (1966). "Bretha Déin Chécht". Ériu 20: 1–66. JSTOR 30008048.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 1.2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Binchy, D. A. (1966). "Bretha Déin Chécht". Ériu 20: 1–66. JSTOR 30008048.
- ↑ Eska, Charlene M. (2022). "Lost and Found in Early Irish Law: Aidbred, Heptad 64 and Muirbretha" 36. Leiden / Boston: Brill.
- ↑ Charles-Edwards, T. M. (1999). "The Early Mediaeval Gaelic Lawyer" 4. Cambridge: University of Cambridge.
- ↑ 5.0 5.1 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ 6.0 6.1 McLeod, Neil (2000). "Origins and Revivals: Proceedings of the First Australian Conference of Celtic Studies": 381–399. Sydney: Centre for Celtic Studies University of Sydney.
- ↑ MacKillop, James (2004). "Dian Cécht". A Dictionary of Celtic Mythology. Oxford: Oxford University Press.
- ↑ Kelly, Fergus (2002). "Ireland and Europe in the early Middle Ages: texts and transmissions": 230–242. Baile Átha Cliath: Four Courts Press.