Bretha Étgid
Cineál | téacs ![]() |
---|---|
Príomhábhar | An Féineachas, accidental injuries (en) ![]() ![]() ![]() |
Is luaththéacs dlíthiúil Éireannach ar dhliteanas i leith gortaithe agus/nó díobhála é Breitheanna Neamhbheartaithe (Seán-Gaeilge Bretha Étgid.[1]) Níl sé caomhnaithe ach go heaspach. Tá sé scríofa i stíl chomhdhlúite, ach más fíor, tá sé inár bpríomhfhoinse i leith luathdhlí tionóiscí na hÉireann. Tá clú agus cáil ar phíosa maidir le phíoca, as an léargas luachmhar a thugann sé ar shaol na mban i sochaí mheánaoiseach na hÉireann. Is ón 8ú haois é an dréacht.
Lámhscríbhinní
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá seacht lámhscríbhinn ann den dréacht Bretha Étgid, neamhiomlán gach ceann acu. Ní chaomhnaítear an téacs go leanúnach ach i lámhscríbhinn amháin, Acadamh Ríoga na hÉireann, MS 23 P 3); sna cinn eile uile, ní faightear iontu ach sleachta gortaithe, mar shampla Sanas Uí Dhuibhdábhoireann.[2]: 178–180 [3]: 28–29
Ábhair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Pléitear sa dréacht Bretha Étgid na cásanna gortaithe nó dúnbhásaithe nach bhfuil dliteanas ar an déantóir ciona. Is é an phríomhfhoinse 'sagainne ar dhlí tionóisce san Fhéineachas.[4]: 272 Dar le Neil McLeod is on 8ú haois é.[5]: 5
Ag tús an téacs féin, pléitear an focal éitged (neamhbheartaithe, gan rún). Ina dhiadh sin, tá sraith altanna a thosaíonn leis na focail a maic ara feiser[6] (a mhic, chun go raibh a fhios agat), is dócha rí ag múineadh a mhic. Ansin tá sraith a thosaíonn leis an bhfocal blaí[7] (díolúine), ag lua cásanna nach bhfuil an déantóir freagrach as gortú éigin. Tar éis sin, faightear altanna le rialacha éagsúla, maraon le sliocht cumtha i bhfoirm ceisteanna agus freagraí.[2]: 180–181 [8]: 139–140
Is an-ghiorraisc é an téacs. Mar shampla, maítear ann Blaí ord indeoin (díolúine ord (casúr) inneoin), le brí, níl gabhar faoi dhliteanas má ghortaíonn sé duine a raibh ina cheárta go neamhchúramach.[4]: 149 [9]
Pléitear píoca (andúil neamhghnách) i mná torracha sa Bretha Étgid, a thugann léargas uathúil ar shaoil bhan i nÉirinn meánaoiseach. Dar leis an téacs, níl dliteanas ar bhean le píoca a ghoideann cuid áirithe bia, le teorainneacha éagsúla ag braith ar an ghoidtear an bia óna fear chéile nó eachtrannach; gur cion é muna an fear píoca a mhná; agus gur cion é muna n-insíonn an bhean dá fear faoina píoca. Tugtar mar bhonn cirt gurbh fhéidir dochar a dhéanamh don leanbh dá séanfaí bia air.[10]: 2, 18–19 [11]: 33–34
Chuir eagarthóir níos déanaí réamhrá leath-stairiúil leis an téacs. Luaitear ann Cormac mac Airt mar údar na sleachta blaí agus a maic ara feiser, agus Cenn Fáelad an chuid eile.[8]: 140
Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Toisc go bhfuil an téacs de Bretha Étgid a mhaireann chomh heaspach sin, is deacair é a rá an raibh ábhair as dréachtaí dlí eile ann ó thús, nó ar cuireadh an iad ag eagarthóirí níos déanaí.[2]: 182 Dar le Charlene Eska, is an-dheacair é Muirbretha go formhór caillte a réitigh as Bretha Étgid mar a mhaireann.Earráid leis an lua: Closing </ref>
missing for <ref>
tag: 22
Tuilleadh le léamh
[cuir in eagar | athraigh foinse]- "Ancient Laws of Ireland" (1873) 3. Baile Átha Cliath: Stationery Office. ll. 82-547 ("Book of Aicill" as Béarla).
- "The Lost Legal System: Pre-Common Law Ireland and the Brehon Law", Dr Noelle Higgins, Lecturer, School of Law and Government, Dublin City University, Ireland.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ eDIL s.v. étge(d)
- ↑ 2.0 2.1 2.2 Breatnach, Liam (2005). "A Companion to the Corpus Iuris Hibernici" 5. Baile Átha Cliath: Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath.
- ↑ Binchy, D. A. (1943). "The Linguistic and Historical Value of the Irish Law Tracts". London: British Academy.
- ↑ 4.0 4.1 Kelly, Fergus (1988). "A Guide to Early Irish Law" 3. Dublin: Institute for Advanced Studies.
- ↑ McLeod, Neil (1999). "Bloodshed and compensation in ancient Ireland". Perth, W.A.: Centre for Irish Studies.
- ↑ eDIL s.v. ro-finnadar
- ↑ eDIL s.v. 1 blaí
- ↑ 8.0 8.1 Qiu, Fangzhe (2021). "Law, book, culture in the Middle Ages": 126–146. Leiden, Boston: Brill. doi: .
- ↑ The use of poetic forms in early Irish legal writing, "Gnomic prose", Fangzhe Qiu, School of Irish, Celtic Studies and Folklore, UCD, 2024
- ↑ Eska, Charlene M. (2010). "Cáin Lánamna: An Old Irish Tract on Marriage and Divorce Law". Leiden, Boston: Brill.
- ↑ "The Field Day anthology of Irish writing, vol. IV: Irish women's writing and traditions" (2002): 6–44. Cork: Cork University Press.