Jump to content

Breandán Mac Conamhna

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de personaBreandán Mac Conamhna

Údar agus múinteoir is ea Breandán Mac Conamhna (a rugadh sa bhliain 1935/1936).[1]

Rugadh é mBéal Deirg i dtuaisceart chontae Mhaigh Eo. Is ann a tógadh é. Chuaigh sé ar scoil i gColáiste Éinde, Gaillimh agus ina dhiaidh sin bhain sé céim amach sa mhatamaitic ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.

Chuaigh sé ar imirce go Sasana ar feadh fiche bliain mar a raibh sé ina mhúinteoir agus ina léachtóir. Nuair a d’fhill sé ar Éirinn sa bhliain 1980, ceapadh ina phríomhoide é ar Cheardcholáiste Réigiúnach Shligigh agus ina dhiaidh sin ina stiúrthóir ar Institiúid Teicneolaíochta Shligigh.

Chuaigh sé ar scor in 2001 agus tá cónaí air i mBaile Idir Dhá Abhainn i Sligeach. Ó d’éirigh sé as an obair tá ceithre leabhar scríofa aige – ceann amháin acu faoi churach sainiúil a cheantair dúchais, Curach Dhún Chaocháin agus a Muintir. Tá cúpla curach tógtha aige féin in imeacht na mblianta agus bíonn sé á dtaispeáint ag féilte mara in Éirinn agus thar lear.[1]

  • Curaigh na hÉireann: a stair agus a scéal,, bunleabhar Gaeilge a d’fhoilsigh Cló Iar-Chonnacht in 2016[2].
  • An Ceardcholáiste Réigiúnach Sligeach 1970-1990 : fiche bliain ag fás, 1990 [3]
  • The Belderrig Curragh and Its People: Curach Dhun Chaochain agus a Muintir, 2010[4] [5]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Maitiú Ó Coimín (29 Lúnasa 2025). "Leagan Béarla den leabhar ‘Curaigh na hÉireann’ seolta i nGaoth Sáile" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-30.
  2. Cló Iar-Chonnacht (2016). "Curaigh na hÉireann: a stair agus a scéal" (ga-IE). Dáta rochtana: 2025-08-30.
  3. Sligo Regional Technical College (1991). "Sligo Regional Technical College 1970-1990 An Ceardcholáiste Réigiúnach Sligeach 1970-1990 : fiche bliain ag fás". [Sligo]: [Sligo Regional Technical College]. 
  4. Breandán Mac Conamhna (2010). "The Belderrig Curragh and its people : curach dhún chaocháin agus a muintir /". Sligo :: Institute of Technology,. 
  5. "The Belderrig Curragh and Its People: Curach Dhun Chaochain Agus a Muintir - Breandan Mac Conamhna: 9781907592003 - AbeBooks" (en-GB). www.abebooks.co.uk. Dáta rochtana: 2025-08-31.