Braisle nótaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Braisle nótaí

Is éard is braisle nótaí ann sa cheol, grúpa nótaí cóngaracha, ar ghléas méarchláir ach go háirithe, a fhuaimnítear le chéile ar son a n-iarmhairtí buailte nó sonda. Faightear braislí i gceol chumadóirí an 20ú céad cosúil le Cowell is Bartók, ach i sonáidí Scarlatti freisin.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Braisle nótaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 87.