Bradaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Is éard is bradaí ann ná úsáideoir ríomhaire a dhéanann cumarsáid le húsáideoirí eile thar an Idirlíon go mailíseach le heolas pearsanta nó gnó faoi rún a fháil gan chead, agus go minic chun víreas a scaipeadh i mbogearraí is comhaid an ghlacadóra. Tá sé seo mídhleathach in an-chuid tíortha ach coitianta, ionas gur gá d'úsáideoirí a ríomhairí a chosaint le bogearraí balla dóiteáin.[1]

Is minic a thugtar haiceálaíhaiceálaí slándála ar dhuine den sórt seo sna meáin chumarsáide,[2][3] cé go bhfuil brí níos leithne ar an téarma sin, .i. duine a bhfuil ardscileanna ríomhaireachta acu a sháraíonn constaicí trí bhealaí cliste nó seiftiúla.[4]

Cineálacha[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Bradaí (nó haiceálaí[5]) dubh: duine a bhriseann isteach i gcóras ríomhaireachta le rún mioscaise
  • Bradaí (nó haiceálaí[6]) liath: duine a aimsíonn laige slándála i gcóras nó i dtáirge ríomhaireachta chun aird na n-úinéirí a tharraingt ar an laige
  • Bradaí (nó haiceálaí[7]) bán: saineolaí ríomhaireachta fostaithe ag comhlachtaí chun briseadh isteach ina gcuid líonraí agus laigí slándála a nochtadh

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Bradaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 86.
  2. Bridget Bhreathnach (2022-11-17). "Bhí sé oibrithe amach ag na haiceálaithe go bhfuil Gaeilge agam…". Dáta rochtana: 2023-07-22.
  3. "Impleachtaí na n-ionsaithe haiceála fós á meas ag an HSE" (2021-05-15). Dáta rochtana: 2023-07-22.
  4. Aonghus Ó hAlmhain (2011-01-03). "Múnlú agus claochlú focail". Dáta rochtana: 2023-07-22.
  5. “blackhat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  6. “grey hat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.
  7. “white hat hacker” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-07-22.