Jump to content

Borrelia

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBorrelia Cuir in eagar ar Wikidata

Borrelia burgdorferi Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Ruaimniú Grambaictéir Ghram-dhiúltacha Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPseudomonadati
FíleamSpirochaetota
AicmeSpirochaetia
OrdSpirochaetales
FineBorreliaceae
GéineasBorrelia Cuir in eagar ar Wikidata
Cineál tacsanomaíochBorrelia anserina Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmníocht
Ainmnithe in ómósAmédée Borrel Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm comhchiallach an tacsóin
Borreliella Cuir in eagar ar Wikidata

Is géineas de bhaictéir den fhíleam spireacaet é Borrelia. Is é is cúis le Galar Lyme, ar a dtugtar borralóis Lyme freisin, galar zónóiseach, galar veicteoir-iompartha a tharchuirtear trí veicteoirí agus a tharchuirtear trí sceartáin nó míolta. Is cúis le speicis eile de Borrelia fiabhras athfhillteach, agus tarchuirtear iad trí sceartáin nó míolta, ag brath ar speiceas na mbaictéar.[1]

Ainmníodh an ghéineas i ndiaidh an bhitheolaí Francach Amédée Borrel (1867–1936), an té a thaifead den chéad uair an t-idirdhealú idir speiceas de Borrelia anserina agus an cineál eile de spireacaet a bhí ar eolas ag an am, Treponema pallidum.[2] Ní mór an baictéar seo a fheiceáil ag baint úsáide as micreascópacht dúchúlra,[3] rud a fhágann go bhfeictearl na cealla bána i gcoinne cúlra dorcha. Sa mheán Barbour-Stoenner-Kelly a fhástar speicis Borrelia.[3]

As 52 speiceas ar eolas de Borrelia, is baill den ghrúpa galar Lyme 20 díobh (agus 3 cinn eile molta),[4] baineann 29 díobh leis an ngrúpa fiabhrais athfhillteach, agus tá dhá cheann ina mbaill den tríú grúpa atá scoite ó thaobh géiniteach de agus a fhaightear de ghnáth i reiptílí. [2] Tá moladh déanta chun grúpa ghalar Lyme a roinnt, bunaithe ar éagsúlacht ghéiniteach agus iad a bhogadh chuig a ngéineas féin, Borelliella,[5] ach níl glactha go forleathan leis an athrú seo.[2] Úsáideann an baictéar seo sceartáin chrua agus bhoga agus míolta mar veicteoirí.[6][7] Áirítear, le tástáil a dhéanamh ar láithreacht na mbaictéar i nduine, tástáil sheireolaíoch dhá shraith, lena n-áirítear imdhíonmheasúnachtaí agus imdhíon-súite.[8]

Tá gnéithe géiniteacha idirmheánacha idir galar Lyme agus fiabhras athfhillteach Borrelia i roinnt speiceas Borrelia amhail " Candidatus Borrelia mahuryensis".[9]

  1. "Lyme Disease and Relapsing Fever Spirochetes: Genomics, Molecular Biology, Host Interactions, and Disease Pathogenesis" (2021). Caister Academic Press. ISBN 978-1-913652-61-6.
  2. 1 2 3 "Emerging borreliae - Expanding beyond Lyme borreliosis" (February 2017). Molecular and Cellular Probes 31: 22–27. doi:10.1016/j.mcp.2016.08.003. PMID 27523487.
  3. 1 2 "Todar's Online Textbook of Bacteriology" (2006). University of Wisconsin-Madison Department of Bacteriology. OCLC 803733454.
  4. "Host association of Borrelia burgdorferi sensu lato: A review" (September 2021). Ticks and Tick-Borne Diseases 12 (5). doi:10.1016/j.ttbdis.2021.101766. PMID 34161868.
  5. "Lyme Disease and Relapsing Fever Spirochetes: Genomics, Molecular Biology, Host Interactions, and Disease Pathogenesis" (2021). Caister Academic Press. ISBN 978-1-913652-61-6.
  6. "Borrelia burgdorferi (Lyme disease)" (December 2014). Pediatrics in Review 35 (12): 500–509. Elsevier. doi:10.1542/pir.35-12-500. PMID 25452659.
  7. "Goldman's Cecil Medicine" (2012) (Twenty-Fourth ed.) 2: 1935–1937. doi:10.1016/b978-1-4377-1604-7.00330-4. ISBN 978-1-4377-1604-7.
  8. "Laboratory diagnosis of Lyme disease: advances and challenges" (June 2015). Infectious Disease Clinics of North America 29 (2): 295–307. doi:10.1016/j.idc.2015.02.005. PMID 25999225.
  9. "A novel Borrelia species, intermediate between Lyme disease and relapsing fever groups, in neotropical passerine-associated ticks" (June 2020). Scientific Reports 10 (1). doi:10.1038/s41598-020-66828-7. PMID 32606328. Bibcode: 2020NatSR..1010596B.