Jump to content

Bord Réitigh Aonair

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBord Réitigh Aonair

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
GiorrúchánSRB Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálgníomhaireacht dhíláraithe an Aontais Eorpaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodhEanáir 2015
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe300 (2017) Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Uimhir teileafón+32-2-490-30-00 Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinsrb.europa.eu Cuir in eagar ar Wikidata

X: eu_srb LinkedIn: single-resolution-board Youtube: UCJS87ZLQFCRV53ojA4OaNcQ Youtube: singleresolutionboard Soundcloud: user-85325982 Cuir in eagar ar Wikidata

Is gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh é an Bord Réitigh Aonair (BRA)[1] (Béarla: Single Resolution Board (SRB)) a bhunaíodh sa Bhruiséil sa bhliain 2015 mar chuid de leasuithe níos leithne aitheanta mar aontas baincéireachta. Tá an bord ina údarás réiteach baincéireachta sa limistéar euro ina lárionad don Sásra Aonair Réitigh (SAR / SRM).[n 1]

Cuireadh BRA ar bun leis an Rialacháin Sásra Réitigh Aonair 2014. Ceapadh a cheannairí i mí na Nollag 2014.[2] D'éirigh an bord faoi lán seoil ar an 1d Eanáir 2015, agus lán-údarás réitigh aige ar an 1d Eanáir 2016.[3] Bhog sé go dtí a cheanncheathrú reatha ar Treurenberg 22 i lár na Bruiséile déanach sa bhliain 2015.

I dtosach, le tacaíocht ón gCoimisiún, chuir BRA bun próiseis agus modheolaíochtaí, go háirithe i réimse phlandáil réitigh.

I mí Meithimh 2017, rinne BRA a chéad chinneadh chun réiteach a ghníomhú i gcás Banco Popular Español. I mí Márta 2022, agus Ionradh na Rúise ar an Úcráin ar siúl, dearbhaíodh go raibh an taonad Eorpach de Sberbank ag cliseadh. Chuir BRA an mháthairchomhlacht Eorpach san Ostair i ndócmhainneacht, ach ghlac sé gníomh réitigh ar dhá fhochuideachta sa Chróit agus tSlóivéin, a ndíol sé go Hrvatska postanska banka agus Nova Ljubljanska Banka faoi seach.[4]

Ciste Réitigh Aonair

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cuireadh an Ciste Réitigh Aonair (CRA) ar bun leis an Rialachán SRA, nach bhfheidhmeodh SRA i gceart dá uireasa. Tugann institiúidí creidmheasa agus comhlachtaí infheistíochta áirithe as tíortha de chuid an aontas baincéireachta sin ciste.[5] Amhail ó 31d Nollaig 2024, tá €80 billiún ann, atá níos mó ná 1% de thaiscí cumhdaithe.[6]

Baill den Bhord

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bíonn seisear ar an mBord BRA: cathaoirleach, leas-chathaoirleach agus ceathrar ball lánaimsire. Tá an leas chathaoirleach and na ball lánaimsire freagracht as stiúrthóireachtaí SRB directorates.[7]

Seo a leanas baill den bhord le himeacht ama:[8]

  • Cathaoirleach:
  • Leas-chathaoirleach:
    • Timo Löyttyniemi (2015-2020)
    • Jan Reinder De Carpentier (2020-2025)
    • Miguel Carcaño Saenz De Cenzano (ó 2025)
  • Full-time Board Members:
    • Joanne Kellermann [nl] (2015-2017)
    • Mauro Grande (2015-2019)
    • Dominique Laboureix (2015-2019)
    • Antonio Carrascosa (2015-2020)
    • Boštjan Jazbec [es] (2018-2023)
    • Sebastiano Laviola (2019-2024)
    • Pedro Machado (2020-2025)
    • Jesús Saurina (2020-2025)
    • Tuija Taos (ó 2023)
    • Karen Braun-Munzinger (ó 2024)
    • Slavka Eley (ó 2025)
    • Radek Urban (ó 2025)

Údaráis Réitigh Náisiúnta

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Glacann na hÚdaráis Réitigh Náisiúnta (ÚRN / NRA) páirt i seisiúin iomlánacha BRA, agus i gcásanna áirithe, mar atá leagtha amach sa Rialacháin SRA, i seisiúin feidhmiúcháin.

Amhail ó Eanáir 2024, seo iad mar a leanas (21):[10]

Tír Banc
an OstairÚdarás an Mhargaidh Airgeadais
an BheilgBanc Náisiúnta na Beilge
an BhulgáirBanc Náisiúnta na Bulgáire
an ChróitBanc Náisiúnta na Cróite
an ChipirBanc Ceannais na Cipire
an EastóinÚdarás Maoirseachta Airgeadais na hEastóine
an FhionlainnÚdarás cobhsaíocht airgeadais na Fionlainne
an FhraincÚdarás Maoirseachta Stuamachta agus Réitigh na Fraince
an GhearmáinÚdarás Feidearálach um Maoirseacht Airgeadais
an GhréigBanc na Gréige
ÉireBanc Ceannais na hÉireann
an IodáilBanc na hIodáile
an LaitviaBanc na Laitvia
an LiotuáinBanc na Liotuáine
LucsamburgCommission de Surveillance du Secteur Financier
MáltaÚdarás Seirbhísí Airgeadais Mhálta
an ÍsiltírBanc na hÍsiltíre
an PhortaingéilBanc na Portaingéile
an tSlóvaicComhairle Réitigh na Slóvaice
an tSlóivéinBanc na Slóivéine
an SpáinnFondo de Reestructuración Ordenada Bancaria

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Naisc sheachtracha

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Is é atá i gceist le Réiteach ná athchóiriú bainc ag údarás réitigh chun leas an phobail a chosaint, leanúnachas fheidhmeanna criticiúla an bhainc agus a cobhsaíocht airgeadais san áireamh, ar chostas íosta do cháiníocóirí.