Jump to content

Bono: Stories of Surrender

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinBono: Stories of Surrender
Buneolas
StiúrthóirAndrew Dominik Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúDede Gardner, Jeremy Kleiner, Meredith Bennett (en) Aistrigh, Jon Kamen, Brad Pitt agus Dave Sirulnick (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
GrianghrafadóireachtErik Messerschmidt (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
DáileoirApple TV+ Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú16 Bealtaine 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama86 min Cuir in eagar ar Wikidata
BunteangaBéarla Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán faisnéiseach Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt35931046 TMDB.org: 1440718 Cuir in eagar ar Wikidata


Bono i gCill Iníon Léinín sa bhliain 2022

Is é "Bono: Stories of Surrender" scannán faisnéise agus cuimhní cinn a léiríonn seó aonair Bono, príomhamhránaí U2, a tharla sa Beacon Theatre, Nua-Eabhrac, sa bhliain 2023. Tá an scannán bunaithe ar a leabhar cuimhní, Surrender: 40 Songs, One Story, a foilsíodh in 2022.[1]

Scéal Pavarotti

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá insint ghreannmhar aige ar chomhrá a bhí aige lena athair faoi Pavarotti. Bhí an t-athair scoite chun na ceoldrámaíochta ach bhíodh sé righin faoi mholadh maidir le ceol a mhic. Bhí glaoch faighte ag Bono ó Pavarotti a bhí ag iarraidh amhrán a scríobh leis agus cheap Bono gur seans iontach a bhí anseo dul i bhfeidhm ar a athair, Bob.

Rinne Bono a dhícheall ach má bhí a scéal ag dul i bhfeidhm ar a athair, níor lig sé air féin é. ‘Bhuel,’ arsa Bono ar deireadh, ‘tá Pavarotti ag iarraidh teacht go dtí Baile Átha Cliath chun bualadh linne. Cé hé an focain eejit anois?’ ‘Eisean,’ arsa a athair.[1]

Ábhar an scannáin

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Taispeánann an scannán an léiriú beo in 2023, ag eachtraí scéalta pearsanta óna shaol – a mháthair a chaill sé nuair a bhí sé óg, a athair, agus a shaol mar amhránaí; Fíricí faoi bhunú agus stair U2.; A ghníomhaíocht dhaonnúil agus pholaitiúil, srl.

Tá gach caibidil ainmnithe i ndiaidh amhrán de chuid U2. Meascann an scannán ceol, scéalaíocht agus léiriú amharclainne le fístaifeadadh dubh-agus-bán, rud a chuireann béim ar nádúr machnamhach agus pearsanta an ábhair.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. 1.0 1.1 Pádraic Ó Ciardha agus Seán Tadhg Ó Gairbhí (5 Meitheamh 2025). "DIALANN TUAIRISC: Nótaí ó Thúr Claonta agus páirc pheile Ráth Chairn; eachtraí Bono; agus móimint Mháirtín Uí Chadhain" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-06-05.