Bonnán ceo

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Bonnán Ceo)
Bonnán Ceo

Is fógra fuaime é bonnán ceo a úsáidtear mar rabhadh do mhairnéalaigh in aimsir cheobhránach. Úsáidtear iad nuair bhíonn an infheictheacht lag. Bhíodh a lán bonnán ceo á n-úsáid ach de réir mar a tháinig feabhas ar an teicneolaíocht tháinig laghdú ar úsáid na mbonnán ceo. Is minic a bhíonn siad ar thithe solais. Tá na cinn mhóra chumhachtacha ar nós an Diaphone tar éis dul in éag agus na cinn a úsáidtear anois is cinn leictreacha iad.