Bob Vylan
- Ná bí trína chéile le Bob Dylan
| Sonraí | |
|---|---|
| Cineál | dísreach ceoil |
| Stair | |
| Áit ar bunaíodh é | Londain |
| Gníomhaíocht | |
| Tréimhse oibre | 2017 – |
| Seánra | Grime (en) |
| Codanna | |
| Suíomh gréasáin | bobvylan.com |
Is dísreach punc Sasanach é Bob Vylan. Úsáideann siad ainmneacha stáitse, Bobby Vylan (giotár agus amhránaí) agus Bobbie Vylan (drumaí), mar b'fhearr leo cloí lena bpríobháideachas. Cuireann siad "The Bobs" orthu féin.


Ceol
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bunaíodh an banna in 2017 in Ipswich. Bhí a gcéad cheolchoirm coicís ina dhiaidh sin. Sa chéad bhliain, chuir siad ceithre shingil agus dhá EP (Dread agus Vylan) amach ar a lipéad, Ghost Theatre.
Ar 7 Lúnasa 2020, chuir siad a gcéad albam, We Live Here, amach. Chuaigh siad ar thuras le The Offspring agus Biffy Clyro agus sheinn siad ag an Fhéile Reading agus Leeds.
Ar 22 Aibreán 2022, d'eisigh siad a ndara albam, Bob Vylan Presents the Price of Life, agus bhí an t-albam ag uimhir 18 ar an chairt albaim sa Ríocht Aontaithe.
Ar 27 Deireadh Fómhair 2023, d'eisigh an banna dhá shingil óna dtríú halbam, Humble as the Sun. Eisíodh an t-albam ar 5 Aibreán 2024.
Conspóid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Thosaigh póilíní Shasana fiosrúchán faoin méid a dúirt Bob Vylan ar an stáitse ag féile Glastonbury in 2025,[1] mar shampla "Death to the IDF" ("bás don FCI"). I measc lucht a gcáinte bhí Keir Starmer, príomh-aire na RA.
Le linn ceolchoirme in Amstardam ar an 13 Meán Fómhair na bliana sin, thug an banna "píosa cacach" ar an ngníomhaí polaitiúil Meiriceánach den eite dheis a feallmharaíodh le déanaí, Charlie Kirk, agus chuir sé "Rest in piss" ("suaimhneas i bpus", saobhadh ar an bhfrása Críostaí, "Rest in Peace" ("Suaimhneas síoraí"), a úsáidtear do na mairbh) níos mó conspóide ar an ngrúpa.[2] Threoraigh an banna cantaireacht eile "bás don FCI" le linn na ceolchoirme céanna. Dúirt Bobby Vylan leis an lucht féachana freisin "Fuck the fascists, fuck the Zionists. Go find them in the streets" ("Déanaigí cac ar na faisistigh, déanaigí cac ar na Siónaigh. Téigh agus faighigí iad sna sráideanna").[2] Cuireadh ceolchoirm a bhí beartaithe ag Bob Vylan i Tilburg ar ceal, i ndiaidh na gcantaireacht seo.[2] Cháin méara Amstardam agus roinnt Feisirí Parlaiminte Ollainnis na cantaireachta. Dúirt "Seirbhís Ionchúisimh Phoiblí na hÍsiltíre" go ndéanfaidís imscrúdú ar na heachtraí.[3][4]
Dioscliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Vylan (2017)
- Dread (2019)
- We Live Here (2020)
- Bob Vylan Presents the Price of Life (2022)
- Humble as the Sun (2024)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2025-07-18). "'Ní chuirfear an dlí ar Kneecap faoi Glastonbury' – póilíní" (as ga-IE).
- 1 2 3 Wolfson, Sam (2025-07-02). "Who are Bob Vylan? The British punks who had their US visas revoked for anti-IDF chants" (as en).
- ↑ de Liefde, Maurits (2025-09-15). "Woede om optreden Bob Vylan, show in Nijmegen gaat vooralsnog door: ’Krankzinnig’ en ’compleet gestoord’" (as nl). De Telegraaf.
- ↑ "Amsterdam mayor, politicians condemn anti-zionist chants at Paradiso concert" (as en) (2025-09-14). Nltimes.nl.
| Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |