Blocálaí H2

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí DrugaBlocálaí H2
Sonraí cliniciúla
Grúpa cógaseolaíochtadrugs for acid-related disorders (en) Aistrigh agus Frith-hiostaimín


Blocálaí H2

Clann drugaí a fheidhmíonn mar fhreasaithigh ar ghabhdóirí sa cholainn. I gcás an othrais ghastraigh, nach raibh de leigheas air ach máinliacht, is amhlaidh a chuireann sé stop le feidhmiú an hormóin áitiúil hiostaimín, a spreagann tál an aigéid isteach sa ghoile de ghnáth, agus leigheastar an t-othras taobh istigh de 6 sheachtain. Ba é an chéad cheann a úsáideadh mar seo simeitidín (leis an trádainm Tagamet) a tháinig ar an margadh i 1976, agus lean baill fheabhsaithe den chlann ó shin. James Black a d'fhorbair na drugaí seo, agus bhuaigh sé Duais Nobel na Fiseolaíochta nó an Leighis i 1988 as.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Blocálaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 80.