Jump to content

Tubaiste Blatten

(Athsheolta ó Blatten (Lötschen))
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtTubaiste Blatten
Íomhá
Cuir in eagar ar Wikidata
Map
 46° 24′ 51″ N, 7° 48′ 43″ E / 46.41416°N,7.81188°E / 46.41416; 7.81188
Cineálsturzstrom (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana28 Bealtaine 2025 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhLötschental, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata, Blatten, An Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Eilvéis Cuir in eagar ar Wikidata
Is cúis lecrith talún Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna1 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe0 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh1 Cuir in eagar ar Wikidata
ScriostaRied
Blatten Cuir in eagar ar Wikidata

Sráidbhaile Alpach sa chantún Valais san Eilvéis ba ea Blatten (1.542 m in airde) ; bhí timpeall 300 duine ina gcónaí ann go dtí 2025. Ar an 28 Bealtaine 2025, thit cuid mhór den oighearshruth Birch isteach sa ghleann agus scriosadh thart ar 90% den bhaile. Ansin tháinig an chuid eile den bhaile faoi uisce. Tharla aslonnú ar an 19ú lá de mhí na Bealtaine, bunaithe ar rabhadh geolaí faoi chobhsaíocht an oighearshrutha, agus ní raibh ach duine amháin ar iarraidh.[1]

Blatten roimh 2025
an gleann roimh 2025
Príomhshráid agus séipéal Caitliceach
Íomhá de chuid Copernicus
30 Bealtaine 2025
30 Bealtaine 2025

Agus na hoighearshruthanna sna hAlpa ag leá níos gasta ná riamh, chuir sciorrthaí talún agus sleamhnú láibe i mí na Bealtaine 2025 brú ollmhór ar oighearshruth Birch, taobh ó dheas den Sliabh Jungfrau,[2]

Thug na geolaithe rabhadh ar an 19 Bealtaine. Dhá uair níos déanaí, b'éigean dó gach duine i mBlatten imeacht. Creid nó ná creid, bhí na ba sa ghleann go léir aeraistrithe amach (le cúnamh ó héileacaptair) ar an lá céanna. Ní raibh an t-ádh céanna ar na gabhair agus muca.

Ag ar an 28 Bealtaine ag 3:24 p.m., thit 3 milliún m³ ar an mbaile, Taifeadadh crith talún le méid 3.1 ar an scála Richter. Ar ámharaí an tsaoil, aslonnaíodh na daoine i mBlatten óna dtithe mar gheall ar an mbaol. Mar sin féin, bhí fear 64 bliain d'aois ar iarraidh.

Chuir an smionagar agus dríodar a tháinig síos bac ar Abhainn Lonza, rud a chruthaigh loch sa ghleann agus a chuir na bailte eile sa ghleann faoi bhagairt.

Sa 21ú haois, tá luas faoin ráta ag a bhfuil oighearshruthanna ag leá. Bhí an t-athrú aeráide ina chúis mhór leis an tubaiste i mBlatten, mar go bhfuil sé ag cur le leá na talún síorshioctha agus ag laghdú cobhsaíocht na sléibhte Alpacha.

Maíonn na saineolaithe ar shláinte na oighearshruthanna san Eilvéis go mbeidh siad go léir imithe roimh 2100, mura gcoimeádfar ardú teocht domhanda laistigh de 1.5 céim, sprioc a bhí beagnach caillte sa bhliain 2025.[3][4]

Tá an t-imeacht seo ag cur béime ar an ngá atá le monatóireacht níos fearr a dhéanamh i gceantair sléibhtiúla atá i mbaol.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Conradh na Gaeilge, Londain (31 Bealtaine 2025). "Nuacht Mhall (Tiobraid Árann)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2025-06-01.
  2. "Jungfrau" (as en) (2025-05-27). Wikipedia. 
  3. Luigi Jorio (2025-03-12). "Why melting glaciers affect us all" (en). SWI swissinfo.ch. Dáta rochtana: 2025-05-31.
  4. "“Switzerland’s glaciers could vanish completely by 2100”" (en). ETH Zurich (2025-03-21). Dáta rochtana: 2025-05-31.