Jump to content

Bláithín Mhic Cana

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Amhránaí, gníomhaí teanga agus múinteoir Gaelscoile is ea Bláithín Mhic Cana. Tógadh ar an Mhullach Bhán in Oirialla í agus spéis faoi leith aici in amhráin a ceantair féin. Tá Corn Uí Chriagáin (Sean Nós na Fearsaide),  Corn Mháire Nic Dhonnchadha agus bonn cré- umha i gComórtas na mBan 2022 ( Oireachtas na Samhna) bainte aici agus bronnadh Gradam Sean Nós Cois Life 2024 uirthi as an obair atá ar bonn aici le seachadadh na n-amhrán i nGaeltacht athnuaite Oirialla. Bíonn sí ag ceol leis a bhanna Tempest, agus d’fhoilsigh siad a gcéad albam ar an mhí seo cháite. Bíonn Bláithín i mbun feachtasaíochta leis an grúpa pobail an Dream Dearg, is múinteoir í i nGaelscoil Phádraig Naofa Crois Mhic Lionnáin, ball coiste de Gaelphobal Ard Mhacha Theas is í, agus tá sí ag déanamh staidéir faoi láthair ar MA sa Nua-Ghaeilge agus na Taibhealaíona in Ollscoil Mhá Nuad.