Blàr Chàirinis

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Blàr Chàirinis
Blàr Chàirinis

An blár catha ag Càirinis

Dáta: Samhradh 1601
Áit: Càirinis, Uibhist a Tuath in Albain)
Toradh: Bua na nDomhnallach
Céilí comhraic
Clann MhicLeòid Dhùn Bheagain Clann Ùisdein Shlèite
Ceannasaithe
Ruaraidh MacLeòid Domhnall Mac Iain ’ic Sheumais
Slua
40 15
Taismigh
38 Ní fios

Cath chlanna Albanacha a bhí i mBlàr Chàirinis, a troideadh in Uibhist a Tuath sa bhliain 1601. Bhí sé mar chuid de bhliain achrannach idir Clann MhicLeòid Dhùn Bheagain agus Clann Ùisdein Shlèite, a chríochnaigh le bua na nDomhnallach agus le síocháin éigeantach curtha i bhfeidhm.

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa bhliain 1601, dhiúltaigh Dòmhnall Gorm Mor MacDhòmhnall a bhean chéile, deirfiúr le Ruaraidh MacLeòid as Na Hearadh agus Dùn Bheagain. D’fhreagair MacLeòid an masla seo trí leithinis Thròndairnis i dtuaisceart an Eilein Sgitheanaich, a mhilleadh, rud a thug ar an Dòmhnallach ionsaí a dhéanamh ar fhearann ​​MhicLeòid sna Hearadh.

An cath[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ina dhiaidh sin thug MacLeòid ruathar ar Uibhist a Tuath, ag cur 40 fear faoina chol ceathrar, Dòmhnall Glas MacLeòid, chun earraí a chuir muintir na háite ar mhaithe le sábháilteacht i dTeampall na Tríonóide i gCáirinis a ghabháil. Ar a chlos sin do chruinnigh Domhnall Mac Iain ’Ic Sheumais de Chlann Raghnaill a 12 GilleMhoire agus chuaidh go Cáirinis. Ar a bhealach, méadaíodh a fhórsa go 15. Shroich siad go luath ar maidin agus d'éirigh leo teacht aniar aduaidh ar na creachadóirí agus iad ag féasta sa séipéal. Níor mhair ach beirt Mhac Leòid; Bhí Dòmhnall MacLeòid i measc na marbh. D’fhulaing Domhnall Mac Iain ’ic Sheumais créacht thromchúiseach saighde, ach tháinig sé slán gan mhoill.[1] De réir seanchais, chum a mháthair altramais an t-amhrán ‘ Ic Iain’ Ic Sheumais chun a phian a mhaolú.[2]

Deirtear gurbh é Blàr Chàirinis an troid dheireanach a troideadh le boghaí agus saigheada sa Bhreatain Mhór nó in Éirinn,[3] cé go mb’fhéidir gur tharla a leithéid de chomhrac i Sasana sa bhliain 1642.[4]

Gailearaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Nais sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Roberts, John Leonard (1999), Feuds, Forays and Rebellions: History of the Highland Clans, 1475-1625, Edinburgh University Press, pp. 140–1, ISBN 978-0-7486-6244-9 Seems largely based on the account in Conflicts of the Clans.

Iarmhairt[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Alexander Mackenzie.
  2. The Macdonald collection of Gaelic poetry
  3. Robin Kent Architecture & Conservation, 2011.
  4. John Norton, letter dated 5 October 1642.