Bismarck, Dakota Thuaidh

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Geografaíocht PholaitiúilBismarck, Dakota Thuaidh

Cuir in eagar ar Wikidata

Ainmnithe in ómósOtto von Bismarck Cuir in eagar ar Wikidata
Suíomh
Map
 46°48′30″N 100°47′02″W / 46.80833°N 100.78375°W / 46.80833; -100.78375
Stát ceannasachStáit Aontaithe Mheiriceá
Stát sna Stáit AontaitheDakota Thuaidh
County of North Dakota (en) AistrighContae Burleigh, Dakota Thuaidh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Daonra
Iomlán73,622 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
• Dlús842.53 hab./km²
Líon na dteaghlach31,739 (2020) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Located in statistical territorial entity (en) AistrighBismarck metropolitan area (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Achar dromchla87.381746 km² Cuir in eagar ar Wikidata
• Uisce1.2257 % Cuir in eagar ar Wikidata
Airde514 m Cuir in eagar ar Wikidata
Ar theorainn le
Sonraí stairiúla
Cruthú1872
Eagraíocht pholaitiúil
• Ceannaire an rialtaisMike Schmitz (en) Aistrigh (2022–) Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Cód poist58501–58507 Cuir in eagar ar Wikidata
Lonnaithe i gcrios ama
Glaochód701 Cuir in eagar ar Wikidata
Eile

Suíomh gréasáinbismarcknd.gov Cuir in eagar ar Wikidata

Cathair in iarthar Dakota Thuaidh, sna Stáit Aontaithe is ea Bismarck. Tá an chathair suite ar bhruach thoir Abhainn na Missouri. Is é príomhchathair an stáit é, chomh maith le príomhchathair riaracháin Chontae Burleigh. Is é an dara cathair is mó in Dakota Thuaidh, i ndiaidh Fargo. Sa bhliain 2010, bhí 61,272 duine ina gcónaí sa chathair féin agus 129,517 sa cheanta uirbeach ar fad.

Bunaíodh an chathair sa bhliain 1872 faoin ainm Missouri Crossing, ainm a tugadh uirthi mar chuaigh Merriwether Lewis agus William Clark trasna na Missouri san áit sa bhliain 1805. Sa bhliain 1873 hathraíodh an t-ainm go Bismarck, in onóir Otto von Bismarck, seansailéir na Gearmáine, rud a rinneadh ag súil go dtarraingeofaí lonnaitheoirí ón tír úd chuig an áit. D'éirigh leo. An bhliain ina dhiaidh sin, fuarthas ór sa cheantar, agus tháinig borradh faoin daonra mar gheall air sin leis.

Sa bhliain 2010 ba de shliocht Gearmánach iad 57.9% de dhaonra na cathrach. Ba de shliocht Ioruach 18.2% de na daoine sa chathair, 7.7% de shliocht Rúiseach agus 7.2% de shliocht Éireannach. Is den chine geal iad 92.4% de lucht na cathrach, céatadán an-ard sna Stáit Aontaithe. Is iad Bundúchasaigh Mheiriceánacha an dara grúpa is mó ann—4.5% den daonra.