Jump to content

Munro na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Binn Rothach)
Breac-chuntas ar na Limistéir i Munro's Tables sa bhliain 1891. Léarscáil bunaithe ar eolas san eagrán 2006 de 'The Munros - SMC Hillwalkers' Guide ISBN 0907521940
Beinn Nibheis an Bhinn Rothach is airde sa Bhreatain Mhór

Sliabh in Albain is ea "Rothach" nó de ghnáth Munro na hAlban, atá os cionn 3,000 troigh (914.4m) ar airde. Tá 282 acu ann. Tagann an téarma seo ón Ridire Ùisdean Rothach (Béarla: Sir Hugh Munro (1856–1919), a chruthaigh liosta de na beanna seo, ar a dtugtar Munro's Tables, sa bhliain 1891. San áireamh freisin, bhí an méid a mheas an Ridire a bheith ina mbeanna níos lú, ar a dtugtar anois Munro Tops, atá freisin os cionn 3,000 troigh ach atá níos ísle ná an sliabh príomhúil in aice láimhe. San athbhreithniú ar na sléibhte seo a d'fhoilsigh Club Streapadaireachd na h-Alba sa bhliain 2012, bhí 282 Rothach agus 227 Munro Tops eile ann. Athraíonn líon na Rothach ó am go chéile de réir mar a dhéantar athbhreithniú orthu le huirlisí teicneolaíochta níos nuaí agus níos cruinne.

I mí na Bealtaine agus i mí Iúil 2009, rinneadh athbhreithniú ar na beanna a bhí beagnach 3,000 troigh. Ar an 10 Meán Fómhair 2009 fógraíodh nach raibh Sgùrr nan Ceannaichean ach 2,996 troigh 10 n-orlach (913.43 m) ar airde, ag ceann theas Ghleann Carrainn. Dá bhrí sin, bhain Club Streapadaireachd na h-Alba an stádas mar Rothach uaidh agus is Corbett an sliabh seo anois. I samhradh na bliana 2011, fuarthas amach nach bhfuil Beinn a' Chlaidheimh in Achadh Iasgair ach 2,998 troigh agus 8 n-orlach (914 m) ar airde, agus mar sin róbheag le bheith ina Rothach. Baineadh stádas an tsléibhe i Meán Fómhair na bliana 2012, agus is Corbett é anois.[1][2]

Ó Mheán Fómhair 2012, bhí 282 Binn Rothaich agus 227 mullach Rothaich eile ar liosta na mbeann seo.

Is caitheamh aimsire é do shiúlóirí agus dreapadóirí gach Rothach a dhreapadh agus taifead a choinneáil ar a ndul chun cinn. Glaoitear "pocadair rothach" ar na daoine seo mar leasainm. Mar sin féin, gach bliain cailleann daoine a mbeatha ar na sléibhte agus bíonn an aimsir, tír-raon garbh, nó an easpa folláine ina dhúshlán dóibh.

Bronntar teastas ar chnocadóirí a dhreapann gach Munro in Albain.[3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]