Jump to content

Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí DoiciméadBille na gCríocha faoi Fhorghabháil
Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil agus Occupied Territories Bill Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálacht Cuir in eagar ar Wikidata
TírÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Obair iomlánTéacs iomlán Cuir in eagar ar Wikidata
Gaza: Léirscrios iomlan

De réir Bhille na gCríocha faoi Fhorghabháil[1][2] in Éirinn chuirfí cosc ar earraí a iompórtáil ó áitribh Iosraelacha sna críocha Palaistíneacha. Má achtaítear an Bille, atá idir chamáin le blianta fada, beidh baghcat i bhfeidhm in Éirinn ar earraí óna stráicí Palaistíneacha atá faoi cheannas Iosrael.

Coir a bheadh ann iarracht a dhéanamh earraí ó na háitribh mhídhleathacha sin a thabhairt isteach in Éirinn; cion a bheadh ann faoi Acht na gCustam d'aon ghnólacht nó comhlacht anseo an baghcat a shárú.

cúngú i mBeithil : lonnaíochtaí nua de chuid Iosrael

Bhí an bille in ainm teacht os comhair na Dála agus an tSeanaid go luath sa bhFómhar, 2025.[3][4][5] Ach mhaígh an freasúra go raibh an Rialtas go breá lena chuid briathra ar an cheist seo ach go raibh sé ag tarraingt na gcos maidir le gníomh. Dúirt an freasúra go gcaithfear teachtaireacht láidir a thabhairt d'Iosrael nach bhfuil aon ghlacadh ag pobal na hÉireann maidir lena bhfuil ar bun aige i Gaza ná an Bruach Thiar.[6]

Chuck Edwards, Poblachtach na S-A. Shínigh sé litir a cuireadh faoi bhráid Stát Rúnaí na Roinne Airgeadais

Tá an freasúra ag iarradh cosc a chur ar sheirbhísí ó áitribh Iosraelacha chomh maith le hearraí, ach níl sé sin curtha san áireamh sa bhille mar atá sé.

Ar an 19 Samhain 2025, dúirt an tAire Stáit Thomas Byrne, cé gur mhian leis an Rialtas cosc a chur ar sheirbhísí ó áitribh Iosraelacha, chomh maith le hearraí, nár mhór a bheith cinnte de nach bhféadfaí foráil mar é a chur ar neamhní i gcúirt éigin.[7]

An tAontas Eorpach

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí moltaí curtha i dtoll a chéile ag ionadaí gnóthaí eachtracha an Aontais Kaja Kallas sa bhliain 2025 ag moladh go mbeadh sé de chead ag ballstáit cosc ar thrádáil le hIosrael a chur i bhfeidhm ar bhonn ballstáit aonair.[8]

Bhí an Bille ag cothú míshocrachta i dTeach na Comhdhála i Meiriceá. I mí Lúnasa 2025, shínigh 16 comhalta den teach sin litir a cuireadh faoi bhráid Stát Rúnaí na Roinne Airgeadais thall ansin inar léiríodh míshástacht faoin mbille. D'iarr siad ar an státchiste ansin na himpleachtaí uilig maidir leis an mbille seo a scrúdú ó thaobh an dlí sna Stáit Aontaithe dhe agus Éirinn a chur ar an liosta céanna le tíortha eile a dhéanann baghcat ar earraí ó Iosrael. Dá réir, d'fhéadfadh sé go gcuirfí smachtbhannaí i bhfeidhm ar Éireann.[9][3]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, Occupied Territories Bill
  2. Domhnall Mac Concharraige (2025-10-10). "Polaiteoirí Meiriceánacha ag iarraidh ar Éirinn gan glacadh le Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil" (ga-IE). An Páipéar. Dáta rochtana: 2025-10-10.
  3. 1 2 Nuacht RTÉ (2025-08-08). "'Achtófar Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil'-An Tánaiste" (as ga-IE).
  4. Nuacht TG4 (15 Iúil 2025). "Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil pléite ag coiste Oireachtais tráthnóna | Nuacht TG4" (as ga-IE).
  5. NuachtTG4 / x.com (15 Iúil 2025). "Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil pléite ag coiste Oireachtais tráthnóna". Dáta rochtana: 8 Lúnasa 2025.
  6. Nuacht RTÉ (2025-11-17). "Brú ar an Rialtas Bille na gCríocha faoi Fhorghabháil a achtú" (as ga-IE).
  7. Nuacht RTÉ (2025-11-19). "Rún rite sa Dáil maidir le Bille na gCríocha Gafa" (as ga-IE).
  8. Máirín Ní Ghadhra (18 Iúil 2025). "Easpa gnímh agus comhoibrithe ina smál ar pholasaí gnóthaí eachtrachta an AE i gcónaí" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-08-08.
  9. Pat Leahy. "Occupied Territories Bill: US Congress group asks that Ireland be added to list of countries boycotting Israel" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2025-11-17.