Jump to content

Biatas siúcra

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoBiatas siúcra
Beta vulgaris subsp. vulgaris agus Beta vulgaris var. altissima Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
Is foinse é an tacsón seo debeet sugar (en) Aistrigh agus sugar beet root (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
RíochtPlantae
OrdCaryophyllales
FineAmaranthaceae
GéineasBeta
SpeiceasBeta vulgaris
CineálBeta vulgaris subsp. vulgaris agus Beta vulgaris var. altissima Cuir in eagar ar Wikidata
Léarscáil de raon an tacsóin
lang= Cuir in eagar ar Wikidata
Fómhar
Traein biatais in aice le Stáisiún Áth Tíomáin, Co na Gaillimhe, 1981
Sean-mhonarcha i Mala: The Irish Sugar Company, cuid de Greencore. Dúnadh é sa bhliain 2006.

Barr bliantúil nó ilbhliantúil is ea biatas siúcra,[1] dúchasach don Eoraip is an Áise. Roinntear na biatais shaothraithe in dhá ghrúpa: na biatais duille agus na biatais fréimhe a chuimsíonn biatas siúcra, a fhástar ar son a bhfréamhacha inite. Bíonn suas le 20% siúcra i bhfréamh an bhiatas siúcra, agus tá sé an-tábhachtach mar fhoinse siúcra in iarthar na hEorpa.[2]

Ceimicí Gearmánach ba ea Franz KarI Achard (1753-1821) agus ceannródaí i dtáirgeadh siúcra ó bhiatas

Sa 19ú haois, rinne William Kirby Sullivan taighde , foilsithe sa leabhar The Manufacture of Beet-Root Sugar in Ireland (Déantúsaíocht Siúcra as Biatas in Éirinn, 1851) inar leag síos an cás ceimiceach is an cás eacnamaíoch don tionscal in Éirinn.

Ocht gcinn déag de mhonarchana biatais a bhí i Sasana sna 1970idí agus na 1980idí. Bhí Éireannaigh i mórán chuile cheann acu agus bhí an t-airgead go maith.[3] Bhí fir oibre gann i Sasana théis an Dara Cogadh Domhanda agus shocraigh an British Sugar Corporation (BSC) go rachfaí sa tóir ar Éireannaigh.

D’imíodh lucht an Bheet sall thart ar dheireadh mhí Mheán Fómhair, nó i bhfíorthús Dheireadh Fómhair. Sa ngeimhreadh fuar, dallraithe in oirthear Shasana, thagadh na mílte leoraí biatais isteach chuig na monarchana, cuid de dá mheilt ina shiúcra agus tuilleadh mar laíon.[3] Deirtí go mbíodh daoine ar an mBeet.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Béarla: sugar beet
  2. Hussey, Matt (2011). "Fréamh an Eolais" (Coiscéim). 
  3. 3.0 3.1 Máirtín Ó Catháin (15 Meán Fómhair 2025). "‘Is é an beet a thóg Conamara. Níl aon dabht faoi’" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-09-15.