Jump to content

Bureau of Labor Statistics

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaBureau of Labor Statistics
Sonraí
Cineálgníomhaireacht de chuid Rialtas Feidearálach na Stát Aontaithe
seirbhís staitistiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1884
Rialachas corparáideach
Ceanncheathrú
Líon fostaithe2,500 Cuir in eagar ar Wikidata
MáthaireagraíochtUnited States Department of Labor (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh gréasáinbls.gov Cuir in eagar ar Wikidata

X: BLS_gov Cuir in eagar ar Wikidata

Is é an Bureau of Labor Statistics (Gaeilge: Biúró Staitisticí Saothair) i Washington, D.C. an príomhghníomhaireacht staidrimh saothair i Stáit Aontaithe Mheiriceá. Tá sé faoi choimirce an Roinne Saothair.[1] Is é a phríomhchuspóir eolas cruinn, tráthúil agus neamhchlaonta a chur ar fáil maidir le margadh an tsaothair, tuarastail, fostaíocht, táirgeacht agus tosca eile a bhaineann le hoideachas agus le coinníollacha maireachtála.

Gníomhaíochtaí

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo a leanas achoimre ar na príomhghníomhaíochtaí atá aige:

Bailiú agus foilsiú sonraí staidrimh

  • Rátaí dífhostaíochta agus fostaíochta (Employment Situation Report gach mí — tugtar an “jobs report” air go coitianta).
  • Innéacs Praghsanna Tomhaltóirí[2]: Úsáidtear é chun an ráta boilscithe a thomhas.
  • Tuarastail agus ioncam i réimsí éagsúla.
  • Táirgiúlacht saothair in earnálacha éagsúla.
  • Costas maireachtála agus athruithe air le himeacht ama.
  • Staidreamh ar thionóiscí san ionad oibre, coinníollacha oibre, agus sláinte agus sábháilteacht.

Faisnéis don phobal, d’oideachasóirí, agus do lucht beartais

  • Tugann an Biúró tacaíocht do lucht déanta polasaithe, agus don phobal trí shonraí iontaofa ar chúrsaí saothair.
  • Foilsíonn sé réamh-mheastacháin fostaíochta (mar sh., cé na réimsí a bheidh ag fás sna blianta romhainn).
  • Cuidíonn sé le bearta eacnamaíochta a cheapadh (e.g. rátaí úis, beartas airgeadais agus sóisialta).

Trédhearcacht agus rochtain phoiblí

  • Tá a chuid sonraí go léir ar fáil saor in aisce ar líne (www.bls.gov).
  • Soláthraíonn sé uirlisí idirghníomhacha, cairteacha, agus bailiúchán sonraí le híoslódáil.
Erika McEntarfer

Scannal McEntarfer

[cuir in eagar | athraigh foinse]

Cheap iar-Uachtarán na S-A Joe Biden Erika McEntarfer mar cheannasaí an Bhiúró i 2023. Chuaigh sí i mbun oibre ar an 29 Eanáir 2024. Ach thug Donald Trump bata is bóthar dí ar an 1 Lúnasa 2025.

Léirigh sonraí a chuir sí ar fáil nach raibh an fás i dtaca le fostaíocht i mí Iúil 2025 chomh láidir agus a bhíothas ag súil leis; níos measa fós, bhí líon na bpostanna a cruthaíodh sna Stáit Aontaithe i mí Bealtaine agus mí an Mheithimh 2025 an-íseal, ceartaithe anuas. Mhaígh an tUachtarán Trump gur athraigh McEntarfer na figiúirí fostaíochta agus chuir an státseirbhíseach droch-chuma orthu ar chúinsí polaitiúla, ar mhaithe le droch-cháil a tharraingt air féin. Ach ní raibh aon fhianaise ann go ndearna sí a leithéid.

Rinneadh cáineadh láidir ar Trump i ndiaidh McEntarfer a bhriseadh as a post; bhí sí neamhchlaonta . Ina theannta sin dúirt eacnamaithe áirithe sna Stáit Aontaithe nach cúnamh ar bith don fhostaíocht na polasaithe trádála agus inimirce a chuir Trump i bhfeidhm.[3] Rinne an scannal seo díobháil d'iontaoibh na margaí, a bhí buailte go holc.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. i mBéarla, U.S. Department of Labor
  2. Consumer Price IndexCPI
  3. Nuacht RTÉ (2025-08-02). "Cáineadh ar an Uachtarán Trump faoi bhriseadh Erika McEntarfer" (as ga-IE).