Bhaltair Cinneide

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Bhaltair Cinneide
Dáta breithe 1460
  Ríocht na hAlban
Dáta báis 1508
  rud aineoil
Náisiúntacht Albanach
Gairm File agus scríbhneoir
"Thow tynt cultur, I have cultur and pleuch..." Bhaltair Cinneide (i gcoinne William Dunbar) i 'The Flyting', l.366

Bhí Bhaltair Cinneide (Walter Kennedy) (ca. 1455 – c.1508) ina fhile nó bhard. Chum sé filíocht sa Bhéarla Gallda, ach tá sé ríchinnte gur chum sé an bhairdne sa Ghaeilge freisin.

Bhain sé leis na Ceannadaich, teaghlach de shliocht uasal ó Dhún Iúubhair, Siorrachd Àir, a bhí ina chuid den Ghaeltacht láidir 'Gall-Ghàidhealach' ag an am. Is féidir linn bheith cinnte gurbh í an Ghaeilge a theanga dhúchais. Bhain sé céim amach ó Oilthigh Ghlaschu sa bhliain 1476, agus MA sa bhliain 1478.

Tionchar[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa 20ú haois, thosaigh an file Uilleam Nèill ag cur suime i bhfréamhacha Àir a Deas de chuid Bhaltair, agus a thionchar mar chainteoir Gaeilge sa chúirt ríoga in Albain, agus shníomh sé focail mholta isteach ina scríbhneoireacht féin faoi. Is sampla amháin é an dán 'Chuma Bhaltair Cinneide' [1] (In Memory of Walter Kennedy) i nGaeilge na hAlban a osclaíonn mar seo a leanas;

Chunnaic mi Bhaltair Cinneide
a' coiseachd troimh clach mo shùl
fo sgàil a' Chaisteal Dhuibh,
aig àm laighe ne greine
is grinneal fo chois
air tràigh liath Dhùn Iubhair...

I saw Walter Kennedy
walking through the apple of my eye
under the shadow of the Black Vault,
at the time of sunset,
and the gravel under his feet
on the grey beach of Dunure...


Nótaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Teimpléad:Notelist

  1. William Neill: Selected Poems 1969-1992, Canongate, pp.80-81

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]